Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Liotuáin

Má tá tú ag taisteal chun na Liotuáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Get travel and medical insurance

Before travelling, the Department strongly recommends that you obtain a European Health Insurance Card (EHIC), available by contacting the Health Service Executive, and that you also obtain comprehensive travel insurance which will cover all overseas medical costs, including medical repatriation/evacuation, repatriation of remains and legal costs. You should check any exclusions and, in particular, that your policy covers you for the activities you want to undertake.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt ar an Liotuáin, moltar duit gnáth-réamhchúram a dhéanamh.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Liotuáin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Liotuáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Moltar duit Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil sula dtaistealaíonn tú chun na Liotuáine. Tháinig an cárta seo isteach in áit na foirme E111 agus tugann sé teidlíocht duit cóireáil liachta éigeandála a fháil ar na téarmaí céanna le náisiúnaigh de chuid na Liotuáine.

Níl an EHIC beartaithe áit an árachais taistil a thógáil agus ní chlúdaíonn sé aisdúichiú liachta, cóireáil liachta leanúnach ná cóireáil nach bhfuil práinneach. Féadfaidh tú iarratas ar EHIC a dhéanamh ar líne ag www.ehic.ie.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

Is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhísí éigeandála na Liotuáine ach 112 a dhiailiú. Tá an tseirbhís ilteangach.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i Vilnias.

Maidir le cásanna consalachta práinneacha nach mór déileáil leo láithreach lasmuigh d’uaire oifige, glaoigh ar theileafón éigeandála na hAmbasáide. Is é an uimhir ná +37065515235. Tabharfar an uimhir seo duit má ghlaonn tú ar phríomhlíne theileafóin na hAmbasáide lasmuigh d’uaire oifige.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Liotuáin íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá coiriúlacht a dhíríonn ar thurasóirí sách íseal sa Liotuáin ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Tá baol mugála, peasghadaíochta agus goidte málaí, go háirithe ar iompar poiblí. Seachain sráideanna, páirceanna agus áiteanna cúlráideacha le drochshoilse tar éis thitim na hoíche. Tá ardú tagtha le déanaí ar an méid peasghadaíochta i mbeáir agus i mbialanna.

Goid carranna

Tá goid carranna, go háirithe carranna nua nó costasacha nó goid astu, go forleathan. Cuir feithiclí nach bhfuil aon duine iontu faoi ghlas agus cuir gach rud iontu (agus raidiónna, más féidir) i bhfolach. Tá carrchlóis chosanta i gcathracha móra, agus ba chóir duit iad a úsáid más féidir é, go háirithe thar oíche.

Sábháilteacht phearsanta

Bí cúramach bia agus deochanna a ghlacadh ó strainséirí i mbeáir, i gclubanna oíche agus i mbialanna. Tugadh drugaí do roinnt cuairteoirí sa tslí sin agus robáladh iad ina dhiaidh sin.

Camscéimeanna

Tuairiscítear freisin go ngearrtar praghas ró-ard ar dheochanna ar thurasóirí nó go ngearrtar idirbhearta calaoiseacha ar a gcártaí creidmheasa/dochair i mbeáir agus i gclubanna oíche.

Moltar duit praghas deochanna a sheiceáil sula n-ordóidh tú agus seiceáil an bhfuil táille le híoc le dul isteach. Ba chóir duit a bheith ar an airdeall agus tú ag úsáid do chárta creidmheasa/dochair.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Liotuáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Vilnias má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Liotuáin, ba chóir duit a bheith an-chúramach mar go bhfuil bóithre agus sábháilteacht ar bhóithre sa Liotuáin in ann a bheith an-dona. Tá timpistí bóthair coitianta agus ní mór a bheith an-chúramach ag tiomáint i gcónaí, agus go háirithe san oíche.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Liotuáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Tiomáintear ar thaobh na láimhe deise den bhóthar
  • Tá sé ina cheanglas dlí boinn gheimhridh a bheith ar fheithiclí idir an 10 Samhain agus an 1 Aibreán
  • Tá sé éigeantach ceannsoilse maolaithe a úsáid ar feadh na bliana

Má tá tú ag bogadh chun na Liotuáine ar bhonn fadtéarmach, tabhair ar aird nach féidir feithiclí deas-stiúrtha a chlárú sa Liotuáin.

Doiciméid Chairr

Éilíonn oifigigh teorann agus póilíní doiciméid bhunaidh maidir le carranna, agus teastaíonn árachas cairr bailí don Liotuáin má tá tú ag tiomáint isteach sa tír.

Iarrfaidh oifigigh teorann na doiciméid seo a leanas ort agus tú ag taisteal i gcarr:

  • Pas, a bheidh bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad
  • Doiciméid chláraithe bhunaidh an chairr (ní ghlacfar le cóipeanna)
  • Árachas feithicle idirnáisiúnta (Cárta Uaine)

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Alcól

Is féidir le húdaráis na Liotuáine déileáil ar shlí thar a bheith dian le daoine ar meisce go poiblí (ar na sráideanna, ar iompar poiblí, etc.). Tá sé de cheart acu daoine a choinneáil in ionaid díthocsainithe má mheasann siad iad a bheith go mór ar meisce.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal chun na Liotuáine, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir 
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Comhairle Taistil Te Fuara

Aeráid

Athraíonn aeráid na Liotuáine ó aeráid mhuirí i gceantair chósta, go haeráid níos ilchríche intíre. Bíonn an geimhreadh an-fhuar i gcomparáid le hÉirinn, agus de ghnáth bíonn an samhradh te agus bogthais.

Is é mí Iúil an mhí is teo sa bhliain, le meánteocht de thuairim is 20°C. De ghnáth is é mí Eanáir an mhí is fuaire, le meánteocht de thuairim is -3°C. Taifeadadh teochtaí níos airde ná 35°C sa samhradh agus níos ísle ná -30°C sa gheimhreadh le blianta beaga anuas.

Is gnách le sneachta titim go trom agus go rialta sa gheimhreadh, agus titeann báisteach go minic idir Aibreán agus Deireadh Fómhair.

Stoirmeacha

Le haimsir the, bhogthais, tarlaíonn stoirmeacha go minic i rith na bliana, agus déanann roinnt díobh damáiste d’fhoirgnimh, do chrainn etc. Ba chóir duit a bheith cúramach le linn stoirme, agus seachain taisteal neamhriachtanach.

Tuilte

Tá tuilte, lena n-áirítear tulcaí uirbeacha, coitianta sa Liotuáin i ndiaidh báisteach throm agus leá an earraigh. Déantar damáiste do mhaoin go minic ach is annamh a fhaigheann daoine bás dá mbarr.

Dóiteáin foraoise

Tá níos mó ná 30% den Liotuáin faoi fhoraoisí, agus briseann dóiteáin foraoise amach go minic in aimsir thirim. Moltar duit ceantair a bhféadfadh foláirimh dóiteáin a bheith i bhfeidhm acu a sheachaint.

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann le dul chun na Liotuáine. Ach, d’fhéadfadh riachtanais iontrála athrú ó am go ham agus ba chóir duit seiceáil leis an Ambasáid is gaire de chuid na Liotuáine sula dtaistealaíonn tú. Is ball de Limistéar Schengen í an Liotuáin.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Má tá sé cónaí sa Liotuáin ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí, éileoidh údaráis na Liotuáine go dteastóidh a bpas féin ó aon leanbh a bheidh ag taisteal agus ag cónaí leat. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat ag teacht nó ag imeacht i gcás leanaí a liostaítear ar phas duine dá dtuismitheoirí.

Sláinte

Fliú

Tá eipidéim den fhliú in go leor réigiúin den Liotuáin ó dheireadh Eanáir 2013. Moltar do thaistealaithe réamhchúram ciallmhar a dhéanamh leis an mbaol ionfhabhtaithe a laghdú, lena n-áirítear teagmháil le daoine leis an bhfliú a sheachaint, lámha a ní go rialta, seachtain scaipeadh an víris le teagmháil leis an mbéal, na súile agus an tsrón, agus faigh réidh go minic le ciarsúir pháipéir a úsáidtear do chasacht agus shraothartach.

Einceifilíteas sceartán-iompartha

Tá einceifilíteas sceartán-iompartha agus borralóis Lyme coitianta sa Liotuáin, go háirithe i gceantair fhoraoise i rith míonna an tsamhraidh. Ba chóir duit comhairle liachta a fháil maidir le hionacluithe in aghaidh confaidh agus einceifilíteas sceartán-iompartha má tá sé i gceist agat dul chuig ceantair fhoraoise.

Fóin Phóca

Tabhair ar aird nach n-oibríonn fóin phóca réamhíoctha uile de chuid na hÉireann go hiomlán sa Liotuáin. Moltar duit seiceáil le d'oibritheoir líonra fóin póca maidir lena mbeidh nó nach mbeidh seirbhís iomlán agat sa Liotuáin.