DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Mhalaeisia, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Mhalaeisia

Má tá tú ag taisteal chun na Malaeisia, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Molaimid gan taisteal neamhriachtanach a dhéanamh chuig na hoileáin go léir amach ó chósta thoir Sabah ó Kudat go Tawau, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta dóibh) Lankayan, Mabul, Pom Pom, Kapalai, Litigan, Sipadan agus Mataking.

Taisteal chun na Malaeisia

D'athoscail an Mhalaeisia a teorainneacha do chuairteoirí gearrthéarmacha.

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Malaeisia ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint. 

Cé nach gá an aip sláinte poiblí “MySejahtera” a íoslódáil agus próifíl a chruthú air le haghaidh iontrála, d'fhéadfadh sé nach gceadódh go leor gnólachtaí príobháideacha/mealanna siopadóireachta isteach thú mura bhfuil stádas vacsaínithe/riosca agat ar an aip nó cruthúnas bailí eile ar vacsaíniú agat.

Ní mór do thaistealaithe a fhaigheann tástáil dhearfach maidir le COVID-19 agus iad i Malaeisia féinleithlisiú a dhéanamh ar feadh 7 lá. Is féidir daoine aonair a scaoileadh ón bhféinleithlisiú ar an 4ú, 5ú nó 6ú lá nuair a bhíonn siad neamhshiomptómach agus go bhfuil toradh diúltach ar thástáil RTK Ag, a ndéanann liachleachtóir cláraithe maoirseacht air. Tabhair faoi deara, maidir le do phleanáil theagmhasach féin, mura bhfuil cónaí seasta buan ort sa Mhalaeisia, tá seans ann go mbeidh ort féinleithlisiú a dhéanamh i d'óstán.

Ós rud é gur féidir le comhairle athrú go rialta, ba cheart do dhaoine a bhfuil sé ar intinn acu dul i gcomhairle le Comhairle Iontrála Rialtas na Malaeisia agus leanúint de mhonatóireacht a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Aireacht Sláinte na Malaeisia agus Roinn Inimirce na Malaeisia, chomh maith leis na cuntais meán sóisialta na hAireachta sin, le haghaidh nuashonruithe. Ba cheart do duine ar bith a bhfuil aon cheist eile aige nó aici teagmháil a dhéanamh le Rialú Inimirce na Malaeisia go díreach, ar an uimhir Bheolíne: 03 8888 2010 nó +03 8000 8000, tríd an suíomh gréasáin https://www.imi.gov.my/ nó trí ríomhphost pls_g@imi.gov.my.

Ba cheart do phaisinéirí atá ag taisteal go dtí Oirthear na Malaeisia (Sabah agus Sarawak) dul i gcomhairle le hAmbasáid/Ard-Choimisiún na Malaeisia agus a n-aerlíne maidir le riachtanais inimirce agus coraintín in Sabah agus Sarawak. D'fhéadfaí go bhfuil riachtanais bhreise i bhfeidhm in Sabah agus Sarawak.

Ba cheart do phaisinéirí a bhfuil sé ar intinn acu idirthuras a dhéanamh trí Aerfort Idirnáisiúnta Kuala Lumpur aon socruithe idirthurais a dhearbhú go cúramach chun eitiltí a nascadh lena haerlíne roimh thaisteal, ag cinntiú go bhfuil gach bagáiste seiceáilte isteach an bealach ar fad go dtí a gceann scríbe deiridh, agus ag seiceáil nach gá dóibh a bheith i láthair ag Rialú Inimirce na Malaeisia. Is gá imeacht tríd rialú inimirce agus gabháil tríd arís le idirthuras idir críochfoirt KLIA agus KLIA2.

Is cinneadh agus rogha údarás Inimirce na Malaeisia é cead dul isteach nó fanacht i Malaeisia. Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha do shaoránaigh riachtanais Inimirce na Malaeisia a chomhlíonadh go hiomlán agus iad i Malaeisia.

D'iarr údaráis na Malaeisia orthu siúd atá siomptómach nó a d'fhéadfadh a bheith ionfhabhtaithe leis an víreas bolgaí moncaí, gan taisteal chun na Malaeisia.

Bearta COVID-19 i bhFeidhm

Tá sé éigeantach maisc aghaidhe a chaitheamh laistigh, agus ar iompar poiblí agus i bhfeithiclí r-tráchtála. Tá seans ann mbeidh ort do aip My Sejahtera a thaispeáint nuair a théann tú isteach i siopaí agus i saoráidí eile.

Tá pionóis as neamhchomhlíonadh Nósanna Imeachta Oibriúcháin Caighdeánacha sláinte poiblí fós i bhfeidhm, agus d'fhéadfaí tú a choinneáil agus/nó fíneáil a ghearradh ort má fhaightear amach go bhfuil siad seo á sárú agat. D'fhéadfadh rialuithe breise laistigh de Mhalaeisia a fhorchur tráth ar bith, ar ghearrfhógra.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Éilíonn dlí Mhalaeisia ort do phas/aitheantas a iompar leat i gcónaí agus tú i Malaeisia. Má iarrann na póilíní ort agus mura bhfuil tú in ann é a chur ar fáil, d'fhéadfá tú a choinneáil go dtí go mbeidh tú in ann aitheantas bailí a chur ar fáil.

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealóidh tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh Malaeisia.

Má tá tú ag tabhairt cuairte ar Mhalaeisia, ba chóir go mbeadh do phas bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad ón dáta a thagann tú i dtír. Seiceáil le do sholáthraí taistil áitiúil nó leis an Ambasáid Mhalaeisiaeach, an t-Ard-Choimisiún nó an Chonsalacht is gaire duit lena chinntiú go gcomhlíonann do phas agus doiciméid taistil eile a riachtanais.

Cloígh go hiomlán leis na dlíthe áitiúla.

Ná húsáid, ná hiompair agus ná gáinneáil drugaí mídhleathacha. Gearrtar pionós éigeantach báis ar gháinneáil. Tabhaíonn seilbh pianbhreith choimeádta agus d’fhéadaí gó ndéanfaí lascadh.

Is tír ilchultúrtha í an Mhalaeisia ach is tír Ioslamach í den chuid is mó. Ba chóir duit meas a bheith agat ar thraidisiúin, ar chustaim, ar dhlíthe agus ar reiligiúin áitiúla i gcónaí.

Baineann dlí Sharia le gach Moslamach i Malaeisia, lena n-áirítear Saoránaigh Éireannacha atá ag tabhairt cuairte nó atá ina gcónaí ann atá ina Moslamach. Tá stáit áirithe níos déine ná stáit eile.

Ní aithníonn an Mhalaeisia náisiúntacht dhúbailte. Má fhaigheann údaráis na Malaeisia amach gur déshaoránach thú, tá seans ann go mbeidh ort ceann de na saoránachtaí sin a thréigean láithreach, nó d’fhéadfadh sé nach mbeidh cead agat imeacht ó Mhalaeisia.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitiúil, baol fuadaigh

Oirthear Sabah

Ionsaíodh beirt thurasóirí ón Téaváin ina seomra san ionad saoire Sipadan Pom Pom ar chósta thoir Sabah an 15 Samhain 2013. Maraíodh fear agus fuadaíodh bean, ar turasóirí an bheirt acu.

Ar 9 Feabhra 2013, tháinig grúpa mór fear armtha as oileánra Sulu na Filipíneach chuig cósta thoir Sabah agus ghlac siad seilbh ar bhaile Kampung Tanduo. Go gairid ina dhiaidh sin fuair fórsaí slándála na Malaeisia an lámh in uachtar ar na fir armtha.

I dtús Mhárta, scaoileadh urchair agus maraíodh daoine ag roinnt áiteanna ar an gcósta idir Lahad Datu agus Semporna. An 5 Márta, thosaigh arm na Malaeisa feachtas mór ag baint úsáide as acmhainní talún agus aeir, chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíocht ó cheannaircigh armtha. Fógraíodh Crios Sábháilteachta Oirthear Sabah i dtús Aibreáin.

Molaimid gan taisteal ar chor ar bith mura bhfuil géarghá leis chuig na hoileáin ar fad amach ó chósta Sabah Thoir ó Kudat go Tawau, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do) Lankayan, Mabul, Pom Pom, Kapalai, Litigan, Sipadan agus Mataking.

Léirsithe

Bhris léirsithe amach in amanna, de bharr teannas idir Rialtas na Malaeisia agus an freasúra, in Kuala Lumpur agus in áiteanna eile. Moltar duit gach léirsiú a sheachaint agus na meáin áitiúla a leanúint faoina bhfuil ag tarlú.

Sceimhlitheoireacht

Tá na cúigí i ndeisceart na Téalainne a shíneann le cósta na Malaeisia (Pattani, Yala, Narathiwat agus Songkhl) faoi staid éigeandála de bharr gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta sa réigiún, lena n-áirítear in aghaidh a n-infrastruchtúr iompair, a n-óstán agus a dtithe ósta. Moltar duit gan taisteal chuig cúigí seo na Téalainne mura bhfuil sé riachtanach.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta íseal go maith sa Mhalaeisia ach tá gadaithe ar ghluaisrothair atá ag sciobadh leo málaí ag éirí níos coitianta san áit lárnach turasóireachta Kuala Lumpur. Ba chóir duit a bheith airdeallach agus réamhchúram ciallmhar a thógáil chun tú a chosaint ó choiriúlacht sráide. 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Camscéimeanna

Tuairiscíodh go leor camscéimeanna a bhain le cearrbhachas agus le spíceáil deochanna a raibh robáil agus ionsaí mar thoradh orthu.

Tá calaois cártaí creidmheasa agus camscéimeanna ATM coitianta go maith sa réigiún, mar sin bí airdeallach nuair a bhíonn tú ag déanamh íocaíochta agus chomh maith leis sin, nuair a bhíonn tús ag úsáid innill ATM chun airgead a aistarraingt.

Sábháilteacht phearsanta

Cosúil le tíortha eile, seachain doras do sheomra in óstán a oscailt do strainséirí – go háirithe más bean atá ionat ag taisteal asat féin. 

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Mhalaeisia, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann má tá cabhair uait.

Tiomáint

Tá na rialacha bóthair sa Mhalaeisia cosúil go maith leis na rialacha in Éirinn, agus tá na bóithre nua-aimseartha agus coinnithe go maith. 

Má tá sé beartaithe agat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán  agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Is coir thromchúiseach tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort. Tá tástálacha anála coitianta sa Mhalaeisia
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Malaeisia, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh glas ar dhoirse d’fheithicil agus do chuid málaí amach as amharc ionas nach ndéanfar iarracht do mhála a thógáil uait má stopann tú ag soilse tráchta

Gluaisrothair

Bí cúramach mar ní i gcónaí a stopann gluaisrothaithe ag trasrianta coisithe ná ag soilse tráchta. Má tá tú ag tiomáint, déan cinnte nach bhfuil gluaisrothaithe ag iarraidh dul tharat laistigh díot nuair a théann tú chun casadh ar chlé.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Truailliú

Déantar lagú ar chaighdeán an aeir sa Mhalaeisia go séasúrach de bharr smúiteán toite. Feabhsaíonn sé sin nuair a thagann séasúr na monsún. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chaighdeán an aeir ar láithreán gréasáin  Roinn Comhshaoil na Malaeisia.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr áitiúil

Is tír ilchultúrtha ach Moslamach den chuid is mó í an Mhalaeisia, mar sin bí measúil ar nósanna áitiúla. Moltar duit tú féin a ghléasadh agus a iompar go cúramach, go speisialta in áiteanna faoin tuath agus in áiteanna adhartha. 

Drugaí neamhdhleathacha

Má bheirtear ort le drugaí neamhdhleathacha sa Mhalaeisia, d’fhéadfaí téarma príosúin saoil a ghearradh ort nó pionós an bháis. D’fhéadfadh sé go mbeadh údaráis na Malaeisia ag iarraidh orthu siúd a mbeadh amhras fúthu gur úsáid siad drugaí, tástáil fuail a dhéanamh agus iad ag teacht isteach chun na Malaeisia.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tuilte

Tagann báisteach throm leis an Monsún thoir thuaidh ó Shamhain go Márta, go háirithe i stáit ar an gcósta thoir de leithinis na Malaeisia agus d’iarthar Sarawak. Uaireanta bíonn tuilte troma agus contúirteacha mar thoradh air sin.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Go ginearálta, ní theastaíonn víosa ó thurasóirí na hÉireann a thugann cuairt ar Mhalaeisia ar feadh tréimhse níos lú ná 3 mhí. Bíonn údaráis inimirce na Malaeisia ag iarraidh ar chuairteoirí idirnáisiúnta (ach déantar eisceacht do leanaí faoi 12)  a méarlorg a sholáthar sula dtagann siad isteach chun na Malaeisia. Má theastaíonn an t-eolas ar fad uait faoi riachtanais iontrála na Malaeisia uait, déan teagmháil le do thoil, leis an Ambasáid nó leis an Chonsalacht de chuid na Malaeisia is gaire duit.

Moltar duit méid áirithe fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat.  Ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí le linn do chuairte sa tír.

Sláinte

Tá gréasán forleathan d’ospidéil phoiblí agus phríobháideacha sa Mhalaeisia. Ach ba chóir duit comhairle leighis a fháil faoi vacsaínithe agus bearta coisctheacha eile in aghaidh galair éagsúla trópaiceacha chomh maith le TB agus Heipitíteas A agus B sula dtéann tú ag taisteal chun na Malaeisia.

Víreas A H1N1 (Fliú na Muc)

Tuairiscíodh os cionn míle cás den víreas A H1N1 (fliú na muc) sa Mhalaeisia agus bhásaigh go leor daoine. Déan cinnte go leanann tú a bhfuil ag tarlú trí na meáin chumarsáide, láithreán gréasáin na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus láithreán gréasáin Roinn Sláintena Malaeisia.

Fiabhras Deinge

Tá fiabhras deinge ann i ngach stát sa Mhalaeisia agus ba chóir duit réamhchúram a dhéanamh chun greim ó chorrmhíolta a sheachaint trí éarthach feithidí a úsáid agus tú féin a chlúdach, go háirithe nuair a bhítear in áiteanna atá cosúil leis an dufair nó in aice le huisce marbhánta. There has been a considerable increase in the number of dengue cases this year, including in Kuala Lumpur.

Embassy contact

Embassy Contact

In the event of a genuine emergency involving an Irish citizen, call the Embassy of Ireland in Kuala Lumpur at + 60 3 2067 8200 and leave a detailed message including a contact number at which you can be reached. This mailbox is monitored regularly. Note that this service is strictly for emergencies. Queries or requests that can wait until normal office hours cannot be taken out of hours.

Embassy of Ireland
Ireland House
The Amp Walk
218 Jalan Ampang
50450 Kuala Lumpur
Malaysia

Tel: + 60 3 2167 8200
Fax: +60 3 2161 3427

Monday – Thursday: 9.30- 12.30 and 14.30 – 15.30; Friday: 9.30 – 12.30

Contact us