DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Mháratáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Mháratáin

Má tá tú ag taisteal chun na Máratáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Riachtanais Iontrála
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil dhíreach linn.

Stádas Slándála

Seachain Taisteal Neamhriachtanach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Máratáin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Níl Ambasáid ná Consalacht ag Éirinn sa Mháratáin agus mar sin ní féidir linn comhairle taistil mhionsonraithe a fhíorú lena chinntiú go bhfuil sí cruinn, cuí agus cothrom le dáta.

Is féidir leat do chuid taighde féin a dhéanamh, áfach; tá naisc chuig tuilleadh comhairle taistil ó aireachtaí eachtracha eile le fáil sa rannán Eolas Breise.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Mháratáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.

Áitiúil

Is minic go mbíonn an cúnamh is fearr ar fáil go háitiúil mar sin má bhíonn fadhbanna agat déan iarracht labhairt le muintir na háite, leis an ngníomhaire turas nó le bainistíocht an óstáin.

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tharlaíonn éigeandáil nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí, Consalachtaí nó Oifigí de thíortha eile AE, chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal  chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Tabhair ar aird go bhfuil baol ard ó ionsaithe sceimhlitheoireachta sa Mháratáin.

Fuadach  

Tá baol ard fuadach sa Mháratáin mar sin ba chóir aird ar leith a thabhairt agus tú ag taisteal sa tír seo:

  • Faigh comhairle ó mhuintir na háite faoi bheith slán
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe taisteal idirchathrach
  • Seachain an taisteal aonair
  • Cinntigh go bhfuil doirse uile na feithicle faoi ghlas agus tú ag tiomáint
  • Tóg bealaí éagsúla agus fág ag amanna éagsúla – seachain patrúin a d’fhéadfaí a rianú
  • Tabhair aird ar leith ar mheáin áitiúla le tuairiscí a fháil faoi ghníomhaíochtaí fuadaigh

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Weather text removed

Riachtanais Iontrála

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Máratáine, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht is cóngaraí don tír.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Máratáine.

Tuilleadh comhairle taistil

Mar gheall nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht againn sa Mháratáin, ní féidir linn comhairle taistil cothrom le dáta a thabhairt.

Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar na haireachtaí eachtracha seo a leanas, áfach, chun eolas níos mionsonraithe a fháil:     

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Mauritania, please contact our office in Dublin.

Department of Foreign Affairs and Trade
Iveagh House
80 St Stephen’s Green
Dublin 2
D02 VY53

Tel: + 353 (0) 1 408 2000

24 hours a day, 7 days a week

Contact us