Faigh árachas taistil agus leighis
Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC), ar féidir é a fháil má dhéantar teagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, chomh maith le hárachas cuimsitheach taistil a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n‑áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.
Stádas Slándála
- Gnáth-réamhchúraimí
- Bí an-chúramach
- Seachain taisteal neamhriachtanach
- Ná taistil
- Overview
- Safety and Security
- Local Laws and Customs
- Climate and Skiing
- Health
- Embassy Contact
Overview
Overview
For the latest update please read the General COVID-19 Travel Advisory >
Forléargas
Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.
Stádas slándála
Má tá tú ag pleanáil cuairt ar an Ostair, moltar duit réamhchúram a dhéanamh.
Cláraigh linn
Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Ostair nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.
Comhairle Uainne
Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Ostair sula dtéann tú ann.
Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.
Cárta Árachais Sláinte Eorpach
Moltar duit Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil sula dtaistealaíonn tú chun na hOstaire. Tháinig an cárta seo isteach in áit na foirme E111 agus tugann sé teidlíocht duit cóireáil liachta éigeandála a fháil ar na téarmaí céanna le náisiúnaigh de chuid na hOstaire.
Níl an EHIC beartaithe áit an árachais taistil a thógáil agus ní chlúdaíonn sé aisdúichiú liachta, cóireáil liachta leanúnach ná cóireáil nach bhfuil práinneach. Chomh maith leis sin, seans nach nglacfaidh gach ospidéal príobháideach leis an EHIC, agus mar sin ba chóir duit seiceáil leis an riarthóir roimh ré. Féadfaidh tú iarratas ar EHIC a dhéanamh ar líne ag www.ehic.ie.
Cúnamh Éigeandála
Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.
Seirbhísí Éigeandála
Féadfaidh tú teagmháil fóin a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála san Ostair ag an uimhir 112. Seo a leanas uimhreacha éigeandála eile:
- Póilíní: 133
- Briogáid dóiteáin: 122
- Otharcharr: 144
Déan teagmháil leis an Ambasáid
I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Vín.
Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:
- D'ainm
- An cineál fadhb atá agat
- An áit a bhfuil tú anois
- Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)
Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.
Conas is féidir linn cabhrú leat
Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.
Safety and Security
Safety and Security
Sábháilteacht agus Slándáil
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Coiriúlacht
Tá ráta coiriúlachta sách íseal san Ostair ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
Mionghadaíocht
Tá ardú ag teacht ar an ráta goidte málaí agus peasghadaíochta, go háirithe ar iompar poiblí agus in áiteanna turasóireachta. Dírítear go minic ar thurasaóirí sna stáisiúin traenach is mó i Vín; Westbahnhof, Meidling and Südbahnhof. Tuairiscíodh le déanaí freisin gur goideadh roinnt pasanna ar an traein ó Phrág go Vín. Bí cúramach, mar sin, má bhíonn tú ag taisteal ar an traein.
Pas Caillte/goidte
Má chailltear nó má ghoidtear do phas, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid chomh luath agus is féidir, agus an ghoid a thuairisciú ag an stáisiún póilíní nó Magistrat is gaire duit. Beidh ort cóip den ráiteas ar thug tú do na póilíní a chur ar aghaidh is tú ag déanamh iarratas ar phas nua, nó ag déanamh éileamh ar d’árachas.
I roinnt cásanna, beidh tú in ann an ráiteas sin a úsáid in áit do phas, ach seiceáil leis an aerlíne sula dtéann tú chuig an aerfort. Mura nglacann d’aerlíne leis an ráiteas, seans go n-eiseoidh an Ambasáid Deimhniú Taistil Éigeandála ort, a bheidh bailí do thuras amháin ón Ostair go hÉirinn, nó Pas Sealadach a bheidh bailí do thréimhse ama srianta.
Coir a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Ostair, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Vín má tá cabhair uait.
Tiomáint
Tá na rialacha bóthair níos casta san Ostair ná mar atá in Éirinn, go háirithe maidir le carbháin agus tithe mótair. Mar sin, má tá sé beartaithe agat a bheith ag tiomáint, cuimhnigh:
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hOstaire, mar shampla luasteorainneacha
- Ná húsáid fón póca gan ‘fearas lámhshaor’ má bhíonn tú ag tiomáint
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Tá sé riachtanach ceannsolais a úsáid má tá droch-infheictheacht ann agus moltar iad a úsáid ag gach am eile
- Bíodh veist sho-fheicthe agus triantán guaise ar iompar sa charr agat
Bíonn coinníollacha bóithre go maith, go ginearálta, ach bíonn siad guaiseach sa gheimhreadh in áiteanna alpacha agus dúntar roinnt bóithre sléibhte ar feadh tréimhsí fada uaireanta.
An mótarbhealach a úsáid
Má tá sé beartaithe agat mótarbhealaigh agus bóithre ‘S’ san Ostair a úsáid, tá baol ann go bhfaighidh tú fíneáil mhór ar an láthair mura mbeidh ‘Vignette’ Mótarbhealaigh ar taispeáint ar d’fheithicil. Féadfaidh tú na ‘Vignettes’ Mótarbhealaigh seo a cheannach ag na príomhthrasnálacha teorainneacha go léir isteach san Ostair agus ag stáisiúin pheitril mhóra.
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).
Local Laws and Customs
Local Laws and Customs
Dlíthe agus gnásanna áitiúla
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
- Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
- Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.
Drugaí neamhdhleathacha
Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.
Céannacht phearsanta
Faoi dhlí na hOstaire, caithfidh tú céannacht ar nós pas a bheith ar iompar agat an t-am ar fad, nó bheith in ann céannacht a thaispeáint laistigh d’achar ama gearr. Molaimid duit fótachóipeanna de na leathanaigh ábhartha i do phas a bheith ar iompar agat agus an pas bunaidh a choimeád in áit sábháilte.
Clárú
Má tá tú ag fanacht i gcóiríocht phríobháideach san Ostair ar feadh breis agus trí lá, caithfidh tú an áit a bhfuil tú ag fanacht ann a chlárú leis na húdaráis áitiúla.
Climate and Skiing
Climate and Skiing
Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
Comhairle phraiticiúil
- Má tá tú ag taisteal chun na hOstaire, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
- Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
- Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach
An Aeráid
Tá aeráid mheasartha agus deas san Ostair. Bíonn an samhradh te agus an geimhreadh fuar (braitheann teocht go mór ar airde na talún). Is féidir a bheith ag súil le grian agus beagán báistí ó Mheitheamh go Samhain. Bíonn an aimsir i bhfad níos fuaire ó Shamhain go Márta agus díreach ceart i gcomhair spóirt gheimhridh, de ghnáth.
Maidhmeanna Sneachta
Tá baol ó mhaidhmeanna sneachta i roinnt áiteanna san Ostair i rith an gheimhridh, mar sin bí ag breathnú ar thuar na haimsire áitiúla agus déan comhairle na n-údarás áitiúil.
Health
Health
Eolas Breise
Riachtanais iontrála (víosa/pas)
Bíonn pas bailí de dhíth chun cuairt a thabhairt ar an Ostair.
Sláinte
Einceifilíteas sceartán-iompartha
Má tá sé i gceist agat a bheith ag taisteal i gceantair foraoise, tá baol ann go mbeidh tú nochta d’einceifilíteas sceartán-iompartha. Tá sceartáin an-choitianta i gceantair tuaithe agus bíonn siad gníomhach ón earrach go dtí an fómhar.
Embassy contact
Embassy Contact
If you are an Irish citizen and require urgent assistance while the Embassy is closed, please dial the Embassy: +43 1 715 4246.
A recorded message will provide the telephone number of the Duty Officer in Vienna, which can be called in case of a genuine consular emergency that cannot wait until office hours.
Embassy of Ireland to Austria &
Permanent Mission of Ireland to the International Organisations in Vienna.
Rotenturmstrasse 16-18
5th Floor
1010 Vienna
Austria
Tel: +43 1 715 4246
Fax: +43 1 713 6004
Monday to Friday 09.30-12.30