Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Phacastáin

Má tá tú ag taisteal chun na Pacastáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt a thabhairt ar an Phacastáin, moltar duit taisteal neamhriachtanach a sheachaint. 

Foláireamh taistil

Moltar go láidir duit cuimhneamh go maith an dteastaíonn uait taisteal chun na Pacastáine faoi láthair, i bhfianaise go bhfuil gníomhaíocht leanúnach sceimhlitheoireachta ann, foréigean forleathan seicteach, baol ard go bhfuadófaí duine, agus staid neamhsheasmhach slándála. 

Tá foláireamh níos mó ag baint le taisteal gar de cheantair ar an teorainn, go speisialta na ceantair teorann atá i dtuaisceart na tíre, lena n-áirítear na Ceantair Threibhe atá Riartha go Feidearálach (Federally Administered Tribal Areas), Cúige Imeallchríche an Iarthuaiscirt (Northwest Frontier Province), tuaisceart agus iarthar Balouchistan agus an teorainn le Kashmir.  Tá baol níos mó ag baint le cathracha Peshawar, Quetta agus an Swat valley ó thuaidh de Islamabad. Moltar go láidir gan taisteal chuig na háiteanna seo.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Phacastáin nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Chonsalacht Oinigh i Karachi agus do chuid sonraí a thabhairt dóibh sula dtéann tú ag taisteal. Cinnteoidh sé seo freisin go bhfaighidh tú tuairisc atá cothrom le dáta faoi chúrsaí slándála na tíre.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Phacastáin sula dtéann tú ann. Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin. 

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid na hÉireann sa Phacastáin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má bhíonn cabhair agus comhairle uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gConsalacht Oinigh i Karachi nó le hAmbasáid na hÉireann in Ankara.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí de thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá cúrsaí slándála na Pacastáine neamhsheasmhach agus dainséarach.

Foréigean seicteach

Tá bagairt leanúnach ó fhoréigean (Shia-Sunni) seicteach go háirithe in Balouchistan agus in Cúige Imeallchríche an Iarthuaiscirt (North West Frontier Province) agus ba chóir duit a bheith cúramach i rith féilte Ioslamacha agus ar an Aoine i gcóngaracht na moscanna.

Réigiúin na Teorann

Tá foláireamh níos mó ag baint le taisteal gar de cheantair ar an teorainn, go speisialta na ceantair teorann atá i dtuaisceart na tíre, lena n-áirítear na Ceantair Threibhe atá Riartha go Feidearálach (Federally Administered Tribal Areas), Cúige Imeallchríche an Iarthuaiscirt (Northwest Frontier Province), tuaisceart agus iarthar Balouchistan agus an teorainn le Kashmir.  Tá baol níos mó ag baint le cathracha Peshawar, Quetta agus an Swat valley ó thuaidh de Islamabad. Moltar go láidir gan taisteal chuig na háiteanna seo.

Léirsithe

Seachain léirsithe polaitiúla agus grúpaí móra a chruinníonn le chéile do chuspóirí polaitiúla nó reiligiúnacha mar tá an baol ann go mbeidh foréigean ag na cruinnithe seo. Coinnigh tú féin ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú thart ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus fanacht i dteagmháil leis na daoine áitiúla, bainistíocht d’óstáin nó do thionscnóir turas.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ard ó sceimhlitheoireacht sa Phacastáin. Chomh maith le patrún seanchaite d’ionsaithe sceimhlitheoireachta ar ionaid mhíleata agus Rialtais, tharla go leor ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha ar áiteanna poiblí agus gortaíodh agus maraíodh go leor daoine dá mbarr. Díríodh ar áiteanna ina dtéann náisiúnaigh ó thíortha de chuid an Iarthair - óstáin, bialanna, ionaid siopadóireachta agus Misin thaidhleoireachta.

Fuadach

Tá baol ard go bhfuadófar náisiúnaigh coigríche ar fud na Pacastáine i gcónaí. Ní dhéanann fuadaitheoirí idirdhealú idir náisiúntachtaí ná reiligiúin agus mar sin ba chóir duit na réamhchúraim bhunúsacha seo a leanúint:

  • Faigh comhairle ó dhaoine áitiúla faoin tslí le fanacht sábháilte
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe idir chathracha
  • Seachain taisteal asat féin
  • Nuair a bhíonn tú ag tiomáint, bí cinnte go bhfuil na doirse ar fad faoi ghlas
  • Athraigh thart na bealaí ar a dtiomáineann tú agus na hamanna a n-imíonn tú – seachain patrúin a d’fhéadfaí a leanúint
  • Tabhair aird mhaith ar na meáin áitiúla do thuairiscí ar ghníomhaíochtaí fuadaithe

Coiriúlacht

Tá ráta ard coiriúlachta sa Phacastáin, go speisialta i Karachi agus i bhformhór Baluchistan, an chuid de Sindh atá faoin tuath agus tá ráta ard aindleathachta in Cúige Imeallchríche an Iarthuaiscirt (North West Frontier Province), lena n-áirítear na Ceantair agus Gníomhaireachtaí Treibhe atá Riartha go Feidearálach. Ba chóir duit a bheith an-chúramach agus muiníneach faoi do chuid socruithe pearsanta slándála i rith do chuairte

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Coiriúlacht fhoréigneach

Tá coiriúlacht fhoréigneach, lena n-áirítear carr-sheacáil armtha, robáil, fuadach agus dúnmharú, coitianta sa Phacastáin, go speisialta i Karachi. Tairgeadh bia a raibh drugaí curtha ann do thaistealaithe agus ansin robáladh iad. Bí ar an eolas faoin mbaol a d’fhéadfadh a bheith ort agus déan réamhchúram ó thaobh slándáil phearsanta.  

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Phacastáin, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Chonsalacht Oinigh má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Phacastáin, ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach. Ní i gcónaí a bhíonn caighdeán tiomána maith ann, go speisialta san oíche, tá drochbhóithre ann agus tá baol ann ó charr-sheacáil. Déan réamhchúram ar leith ar aistir ar bhóithre fada agus nuair a bhíonn tú ag taisteal trasna na tíre.  

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead idirnáisiúnta tiomána agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Pacastáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Bain úsáid as bealaí ar a mbíonn go leor ag taisteal agus a bhfuil soilse go leor orthu nuair is féidir leat

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr Moslamach

Stát Ioslamach é an Phacastáin agus ba chóir duit meas a léiriú do reiligiúin, dlíthe, gnásanna agus traidisiúin áitiúla. Gléas tú féin go coimeádach; ba chóir d’fhir agus do mhná a gcuid guaillí agus a gcuid cosa a chlúdach agus iad amuigh go poiblí. Ba chóir do mhná a gcuid cloigne a chlúdach nuair a théann siad isteach in moscanna nó in áiteanna beannaithe eile, agus nuair a bhíonn siad ag taisteal chuig ceantair amuigh faoin tuath.

Ramadan

Bí airdeallach i gcónaí ar do ghíomhartha agus bí cúramach gan cultúir nó creidimh eile a mhaslú, go háirithe i rith mhí bheannaithe Ramadan nó féilte reiligiúnacha eile, nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar cheantair reiligiúnacha.

I rith Ramadan, ní ceadaítear do Mhoslamaigh ithe, ól ná tobac a chaitheamh i rith uaireanta an lae. Níor chóir duit ithe, ól ná tobac a chaitheamh go poiblí i rith an ama seo ionas nach maslófar iad. 

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas in aghaidh an dlí agus moltar duit a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Cónaí le chéile

Tá sé in aghaidh an dlí do lánúin nach bhfuil pósta cónaí le chéile.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin. 

Táirgí coiscthe

Tá sé in aghaidh an dlí táirgí muiceola agus alcól a iompórtáil.

Grianghrafadóireacht

Moltar duit gan grianghraif a ghlacadh d’fhoirgnimh mhíleata, d’aerfoirt ná d’aon infreastruchtúr, lena n-áirítear droichid agus dambaí nó ó aerárthaí.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal chun na Pacastáine, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Comhairle Taistil Te Fuara

Crith talún

Is saincheantar gníomhach creathanna talún é an Phacastáin agus bíonn creathanna talún ar mhéideanna éagsúla ar fud na tíre go minic. Má tá tú ag taisteal chun na Pacastáine nó i do chónaí ann, bí cinnte go bhfuil a fhios agat céard is ceart a dhéanamh i gcás creatha talún agus bí cinnte i gcónaí go leanfaidh tú treoracha na n-údarás i gcás éigeandála.

Tuilte

Bíonn séasúr na báistí sa chuid is mó den Phacastáin ó Iúil go Meán Fómhair. Nuair a bhíonn báisteach agus stoirmeacha monsún ann, is minic go mbíonn tuilte móra dainséaracha agus sciorradh talún dá mbarr, agus mar sin ba chóir duit monatóireacht ghrinn a dhéanamh ar réamhaisnéis na haimsire.