Stádas Slándála
- Gnáth-réamhchúraimí
- Bí an-chúramach
- Seachain taisteal neamhriachtanach
- Ná taistil
- Forléargas
- Sábháilteacht agus Slándáil
- Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
- Sláinte
- Faisnéis Bhreise
- Embassy Contact
Forléargas
Forléargas
Forléargas
Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.
Stádas Slándála
Bí an-Chúramach
Foláireamh Taistil is Déanaí
Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.
Taisteal chuig an bPoblacht Dhoiminiceach
Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chuig an bPoblacht Dhoiminiceach ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.
D’fhéadfaí tástáil randamach a dhéanamh ar theacht isteach duit. Tá paisinéirí a thaispeánann cruthúnas ar vacsaíniú díolmhaithe ó thástáil randamach.
Comhairle Taistil Ghinearálta
De ghnáth maireann séasúr hairicíní an Atlantaigh ó mhí Meithimh go deireadh mhí na Samhna gach bliain agus d’fhéadfadh sé freisin oirthear agus deisceart SAM a bhualadh le báisteach throm, tuilte, agus gaotha an-arda.
Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil sé ar intinn acu a bheith sa réigiún atá buailte le linn na tréimhse seo machnamh a dhéanamh ar an ngá le taisteal bunaithe ar eolas maidir le réamh-mheastacháin ar adhaimsir.
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Séasúr na hairicíní
Tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí Iúil go mí na Samhna go hiondúil sa Mhuir Chairib. Ba cheart duit an-aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta chomh maith le comhairle a leanúint ó na húdaráis áitiúla. Déan monatóireacht i gcónaí ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar shuíomh gréasáin Ionad Hairicíní Idirnáisiúnta de chuid SAM.
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.
Sláinte
Sláinte
Sláinte
Víreas Zika
Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas agus sa réigiún Mhuir Chairib. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint.
Vacsaíní
Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.
Faisnéis Bhreise
Faisnéis Bhreise
Faisnéis Bhreise
Riachtanais iontrála (víosa/pas)
Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.
D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.
Embassy contact
Embassy Contact
If you are in need of emergency assistance, please contact the Embassy at + 1-202-462-3939 and leave a message on the answering machine.
Embassy of Ireland
2234 Massachusetts Ave NW
Washington DC 20008
USA
Tel: +1 202 462 3939
Fax: +1 202 232 5993
Monday to Friday 09.00-13.00 and 14.00-16:00