DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Phortaingéil, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Phortaingéil

Má tá tú le taisteal chun na Portaingéile, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.    

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Portaingéile

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na Portaingéile ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Aimsigh tuilleadh eolais:

Seirbhís Inimirce na Portaingéile - Ceisteanna Coitianta
www.visitportugal.com

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Phortaingéil trí scairt a chur ar 112.

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus slándáil

Falscaithe

Gné den samhradh iad falscaithe sa Phortaingéil. Cuirtear formhór na dóiteán faoi smacht go mear ach is féidir le roinnt acu éirí níos measa ina móreachtraí, go háirithe nuair a bhíonn an aimsir an-te agus gaofar. Tabhair aire faoi leith chun a chinntiú nach dtosaíonn tú dóiteán, agus déan gnáth-réamhchúraim sábháilteacht dóiteáin agus tú ag fanacht amach ó dhóiteáin.

Má bhíonn tú gar d’fhalscaí, glaoigh ar an uimhir éigeandála 112. Tá tuilleadh comhairle sábháilteachta maidir le falscaithe ar fáil i mBéarla anseo.

Is í an áit is fearr an t-eolas is déanaí maidir le dóiteáin a fáil ná tríd an nasc seo chuig seirbhís Cosanta Sibhialta na Portaingéile http://www.prociv.pt/en-us/Pages/default.aspx. Faoi “eachtraí reatha”, léirítear dóiteáin mar deilbhín lasrach. Cuireann deilbhíní dearga in iúl nach bhfuil an dóiteán faoi smacht, baineann oráiste le dóiteáin atá ag dó ach atá faoi smacht agus baineann glas le heachtraí a réitíodh.

Sceimhlitheoireacht

Mar aon le tíortha Eorpacha eile, tá féidearthacht ann go ndéanfaí ionsaithe sceimhlitheoireachta sa Phortaingéil, a d’fhéadfadh a bheith i gcoinne targaidí sibhialtacha, lena n-áirítear áiteanna ina mbíonn turasóirí agus eisimircigh ag tarraingt orthu.

Coireacht

  • Tá méadú ag teacht ar choireanna amhail peasghadaíocht, sciobadh málaí láimhe agus goid ó charranna sna príomhcheantair turasóireachta lena n-áirítear an Liospóin agus an Algarve.
  • Bíodh aird ar leith agat ar do chuid giuirléidí pearsanta ag suíomhanna a mheallann turasóirí, ar iompar poiblí (go háirithe ar na tramanna E15 agus E28 sa Liospóin a mbíonn an-éileamh orthu) agus ag stáisiúin iarnróid agus traenach faoi thalamh, ag músaeim, bialanna agus in hallaí fáilte óstáin. Déanadh tuairiscí maidir le goid ó bhoscaí taisce in árasáin agus in óstáin chomh maith.
  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat lena cheile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte. 
  • Ná hiompar do phas murach go bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Bíodh doirse do chairr faoi ghlas agus na fuinneoga thuas agus tú ag páirceáil agus ag tiomáint trí cheantair uirbeacha istoíche.
  • Agus tú ar shiúlóidí i gceantair iargúlta, lena n-áirítear siúlóidí oilithreachta, molaimid nár cheart do mhná taisteal ina n-aonar. Bíodh agus gur annamh a tharlaíonn ionsaithe tuigtear go dtarlaíonn siad.

Clubanna oíche

  • Go ginearálta, is tír shábháilte í an Phortaingéil, mar sin féin, bí cúramach maidir le do shábháilteacht phearsanta toisc gur tuairiscíodh eachtraí a tharla i gclubanna oíche.

Coir a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa Phortaingéil, déan é a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Is eagraíocht neamhairgeadais iad Cumann um Thacaíocht Íospartaigh na Portaingéile (APAV) a bhfuil pearsanra cáilithe acu a chuireann eolas ar íospartaigh coireanna, a chosnaíonn iad agus a thacaíonn leo le seirbhís shainoiriúnaithe faoi rún (atá ar fáil i mBéarla chomh maith). Líne cabhrach APAV: 7007202277.

Tiomáint

Má bhíonn sé de phlean agat tiomáint sa Phortaingéil bí ar an eolas go bhfuil na rialacháin agus na nósanna tiomána difriúil ó na cinn in Éirinn. Bíonn an trácht níos mire agus tá an ráta timpistí níos airde. Tiomáineann na carranna ar an taobh deas den bhóthar, mar sin beidh an trácht ag teacht óna mhalairt treo i gcomparáid le hÉirinn.

Más mian leat tiomáint:

  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Portaingéile, amhail teorainneacha luais. Méadaíodh na fíneálacha go suntasach le haghaidh roinnt coireanna
  • Ná ceadaigh do pháistí faoi bhun 12 bhliain d’aois suí sa suíochán paisinéara tosaigh agus iad ag taisteal
  • Bíodh veist shofheicthe agus triantán rabhaidh guaise agat san fheithicil
  • Feidhmítear córas dolaí ar mhótarbhealaigh na Portaingéile agus beidh tú i mbaol fíneálacha géara mura n-íocann tú na táillí dola nó mura féidir leat iad a íoc. Ná bain úsáid as na lánaí glasa ag na dolaí – coimeádtar iad siúd le haghaidh tiománaithe a bhfuil síntiús acu leis an gcóras uathíocaíochta (Via Verde)

Coisithe

Más tiománaí nó más coisí tú, bí cúramach ag trasrianta ar bhóithre gnóthacha, toisc gur minic nach mbíonn marcáil shoiléir ar thrasrianta. Tabhair aird ar leith déanach istoíche nó i gceantair tráchtála agus siamsaíochta gnóthacha i gcathracha ar nós na Liospóin agus Porto.

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar theideal urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.

Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Ceannaigh árachas cuimsitheach taistil, a chlúdaíonn gach gníomhaíocht atá beartaithe agat.
  • Cuimhnigh ar chur isteach ar Phaschárta mar aon le do phas ar eagla go gcailltear nó go ngoidtear do phas agus tú thar lear, agus ná bíodh an dá cháipéis á stóráil san áit chéanna.
  • Faigh An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte
  • Cláraigh do chuid mionsonraí linn ionas go mbeidh muid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás géarchéime gan choinne, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal‘.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Drugaí mídhleathacha

Má bheirtear ort ag tógáil nó ag iompar drugaí ar mhaithe le húsáid phearsanta, d’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ort nó d’fhéadfadh na póilíní do chuid giuirléidí a ghabháil. Is cion coiriúil é drugaí a dhíol nó a iompar agus bíonn sé faoi réir pionóis ghéara, ar nós tréimhsí príosúnachta.

Cáipéis aitheantais phearsanta

Faoi dhlí na Portaingéile, caithfidh tú cáipéis aitheantais a iompar leat i gcónaí. Molaimid go n-iompraíonn tú fótachóipeanna de na leathanaigh ábhartha de do phas, agus go gcoimeádann tú an bhunchóip in áit shábháilte.

Sláinte

Sláinte

COVID-19

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha sa Phortaingéil súil a choimeád ar fhorbairtí go rialta agus an chomhairle atá ar fáil trí shuíomh idirlín COVID-19 údaráis sláinte poiblí na Portaingéile a leanúint – Servico Nacional de Saude (SNS) (cliceáil ar an deilbhín cruinneoige sa chúinne ar barr ar chlé ar do scáileán chun rochtain a fháil ar an leagan Béarla).

Tá líne chabhrach 24 uair an chloig á feidhmiú ag údaráis sláinte poiblí na Portaingéile chomh maith agus is féidir teacht air trí ghlaoch ar 808 24 24 24 agus tú sa Phortaingéil. Chun teacht ar threoir i mBéarla, ba cheart d’úsáideoirí 9 a bhrú i ndiaidh ceangal leis an líne chabhrach.

Árachas Taistil

Ní féidir linn íoc as aisdúichiú leighis éigeandála, aisdúichiú coirp, nó as costais mar thoradh ar éigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Má cheannaíonn tú polasaí árachais taistil ábhartha, cumhdófar na costais seo, ar choinníoll nach bhfuil na téarmaí agus coinníollacha briste agat.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir go leor airgid a shábháil duit féin agus do theaghlach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gcumhdaíonn do pholasaí na gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 mhilliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fanachta níos faide nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéanfar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais a cailleadh agus a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciála nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios agat nach gcumhdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó drugaí.

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Mar chónaitheoir Éireannach tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil tríd an gcóras poiblí i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó an Eilvéis má éiríonn tú tinn nó gortaithe agus tú ar fhanacht sealadach ann. Cinntigh go bhfaigheann nó go ndéanann tú athnuachan ar do CEAS (an t-ainm nua ar an E111) sula n-imíonn tú, agus cuimhnigh go bhfuil ceann de dhíth ar gach duine atá ag taisteal i do ghrúpa.

Déan iarratas ar do CEAS agus faigh tuilleadh eolais.

Ní hionann an CEAS agus árachas taistil ceart arna sholáthar ag árachóir creidiúnach. Ní chumhdaíonn sé aisdúichiú leighis, cóireáil leighis leanúnach nó cóireáil de chineál neamhphráinneach. Chomh maith leis sin, b’fhéidir nach nglacfaidh roinnt ospidéal príobháideach leis an CEAS, mar sin ba chóir duit seiceáil le riarthóir an ospidéil roimhe ré.

Víreas Zika

Luaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil dóchúlacht ard ann go mbeadh oileán Madeira de chuid na Portaingéile i mbaol i dtaca leis an víreas Zika. Ba cheart do dhaoine atá ag cuimhneamh ar thaisteal chuig Madeira comhairle leighis a lorg sula dtaistealaíonn siad. Tá dóchúlacht íseal ann go mbeadh mórthír na Portaingéile i mbaol i dtaca leis an víreas Zika.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála – (víosa/pas)

Tá sé riachtanach go mbeadh pas bailí agat chun cuairt a thabhairt ar an bPortaingéil. Is féidir leat dul isteach sa Phortaingéil suas chuig dáta éagtha an phas.

Urghabhadh pasanna líon suntasach saoránach nuair a tháinig siad isteach sa Phortaingéil i mbliana de bharr go rabhadar ag taisteal ar phas ar tuairiscíodh gur goideadh nó gur cailleadh é roimhe sin. Déan cinnte nár tuairiscíodh go raibh an pas ar a bhfuil tú ag taisteal caillte nó goidte riamh, toisc go dtiocfaidh rabhadh maidir leis seo aníos ar an gCóras Faisnéise Schengen agus urghabhfaidh Údaráis Imirce na Portaingéile é nuair a thiocfaidh tú isteach.

Mionaoisigh ag taisteal ó Éirinn

Sa Phortaingéil, iarrtar litreacha ceada ar mhionaoisigh a bhíonn ag taisteal ina n-aonar nuair a thagann siad chuig an roinn imirce sa Phortaingéil. Ní féidir leis an Ambasáid comhairle a chur ort maidir leis seo. Ba cheart teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na Portaingéile i mBaile Átha Cliath sula dtaistealaíonn tú. Is féidir leo comhairle a chur ort maidir leis na cáipéisí a d’fhéadfadh a bheith uait.

Ceannach réadmhaoine

Má tá sé ar intinn agat réadmhaoin a cheannach sa Phortaingéil, molaimid go láidir duit dul i gcomhairle le comhairleoir dlí neamhspleách ó thús an phróisis.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 00 351 213308200, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly.

Alternatively, you can call the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs at 00353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Avenida da Liberdade 200, 4th Floor
1250-147 Lisboa
Portugal

Tel: +351 21 330 8200
Fax: +351 21 397 7363

Monday to Friday 09:30-12:30

Contact us