DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Tansáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Tansáin

Má tá tú ag taisteal chun na Tansáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach 

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Tansáin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Tansáin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Dar-es-Salaam.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Ar an Luan 24 Feabhra, 2014 tharla dhá phléasc bheaga i Stone Town, Sainsibeár. Tharla ceann acu lasmuigh den Eaglais Anglacánach i Stone Town, agus an ceann eile taobh istigh de bheár agus bialann ar imeall an uisce a bhfuil tóir air (Mercury’s). Níor tuairiscíodh gur gortaíodh aon duine.

Moltar do shaoránaigh Éireannacha a bheith ar an airdeall in áiteanna poiblí agus a bheith feasach ar a gcomharsanacht.

Ar an 5 Eanáir 2014, bhuail tonnta móra an bád farantóireachta a bhí ag taisteal go Sainsibeár ó Pemba agus cuireadh roinnt paisinéirí agus lastais thar bord á bharr. Tuairiscítear go bhfuil seisear maraithe. Le blianta beaga anuas, tá dhá thubaiste mhóra farantóireachta tarlaithe amach ó chósta Shainsibeár inár maraíodh na céadta daoine.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag tabhairt comhairle láidir do gach saoránach a bheith fíor-aireach agus iad ag taisteal ar bháid farantóireachta chuig oileáin amach ón gcósta mar go mbíonn róphlódú paisinéirí agus lastais an-choitianta ar na báid farantóireachta.

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá an staid pholaitiúil sa Tansáin réasúnta cobhsaí ach tá baol ann go dtarlóidh gníomhaíocht sceimhlitheoireachta agus corraíl shibhialta in Oirthear na hAfraice lena n-áirítear ar mhórthír na Tansáine agus oileáin Shainsibeár. Le blianta beaga anuas, tharla círéibeacha áitiúla i Stone Town agus na ceantair mháguaird ar oileán Sainsibéar agus i Dar-es-Salaam i ndiaidh corraíola polaitiúla. Tharla suaitheadh foréigneach i Mtwara i mí na Bealtaine 2013 agus pléascthaí in Arusha, agus maraíodh saoránaigh de chuid na Tansáine dá mbarr. 

Cé nach bhfuil na léirsithe foréigneacha dírithe ar thurasóirí, ní mór sluaite móra daoine a bhíonn bailithe le chéile agus léirsithe polaitiúla a sheachaint i Sainsibeár agus ar an mórthír. Má chloiseann tú go bhfuil foréigean in aice láimhe ba chóir duit an ceantar a sheachaint agus cuir tú féin ar an eolas ar an méid atá ag tarlú thart ort trí bhreathnú ar na meáin áitiúla agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó le do thionscnóir turas.

Coiriúlacht

Bíonn formhór cuairteanna ar an Tansáin saor ó thrioblóid ach tá méadú ag teacht ar choiriúlacht armtha agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat
  • Ná bí i do thargaid sofheicthe do shladionsaitheoirí agus peasghadaíochta – fág airgead breise agus seodra a bhfuil cuma luachmhar orthu in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile. 
  • Ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Seachain a bheith ag siúl i do aonair, go háirithe in áiteanna iargúlta agus ar thránna agus go háirithe tar éis thitim na hoíche.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Bí ar an airdeall don bhaol atá ann ó thaobh gadaíocht maoine pearsanta ó ghluaisteáin agus ó thacsaithe atá stoptha sa trácht

Mionchoiriúlacht agus coiriúlacht fhoréigneach

Tá ardú tagtha ar an ráta mugála, goidte málaí ó ghluaisteáin a bhíonn ag gabháil ar an mbóthar, agus robála lena n-áirítear aistarraingtí ATM éigeantais, a mbíonn foréigean nó bagairt foréigin ag dul leis go minic, ar fud na Tansáine agus Sainsibeáir, go háirithe in áiteanna ina gcruinníonn turasóirí mála droma agus easaoránaigh.

I mí Lúnasa 2013 rinneadh ionsaithe aigéid ar bheirt bhan as an mBreatain i Stone Town, Sainsibéar, agus bhí an bhunchúis doiléir. Tuairiscíodh go bhfuil méadú ag teacht ar choireacht fhoréigneach i gceantar Kigamboni in Dar-es-Salamm, mar sin bí an-chúramach agus seachain an áit go hiomlán tar éis thitim na hoíche.

Tacsaithe

Cuir tacsaithe in áirithe trí dheasc fáiltithe d’óstáin, nó déan socrú iompair roimh ré má tá tú ag teacht ar do cheann scribe go déanach san oíche. 

Ná stop tacsaí sa tsráid agus ná úsáid tacsaithe neamhcheadúnaithe. Fiú má bhíonn an cuma air go bhfuil sé ceadúnaithe ní mór duit a bheith cúramach, agus ná téigh isteach i dtacsaí in aon chor má bhíonn aon duine eile seachas an tiománaí sa bhfeithicil.

Calaois Cárta Creidmheasa

Tá méadú ag teacht ar Chalaois cárta creidmheasa. Goidtear cártaí creidmheasa agus tarlaíonn eachtraí clónála ar leithlis (ar a dtugtar scimeáil chomh maith). Agus tú ag íoc le cárta creidmheasa, ná lig as do radharc é. Coinnigh do chártaí sábháilte agus ná bíodh d’uimhreacha aitheantais pearsanta ar eolas ag aon duine.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Tansáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.

Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann má tá cúnamh ag teastáil uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Tansáin ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá drochbhail ar na bóithre, go háirithe lasmuigh de na bailte agus na cathracha. Tarlaíonn timpistí go minic agus is minic go dtarlaíonn siad mar gheall ar dhroch-chaighdeán tiomána, feithiclí gan chothabháil agus soilsiú neamhdhóthanach.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Tansáine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Báid farantóireachta

Má tá tú ag taisteal ar bhád farantóireachta paisinéirí idir Dar-es-Salaam agus oileáin Shainsibeár, nó chuig ceann de lochanna na Tansáine, ná bain úsáid ach as comhlachtaí farantóireachta creidiúnacha amháin. Má bhíonn aon imní ort maidir le muiracmhainneacht an tsoithigh nó má mheasann tú go an iomarca daoine air, téigh amach as láithreach.

Tharla dhá thubaiste le báid farantóireachta paisinéirí amach ó chósta Shainsibeár, i mí Mheán Fómhair 2011 agus i mí Iúil 2012, inar maraíodh go leor daoine, lena n-áirítear turasóirí eachtracha. Sa dá chás tuairiscíodh go raibh i bhfad an iomarca daoine ar na báid farantóireachta.

Campáil

Bíonn móréileamh ag turasóirí ar pháirceanna náisiúnta na Tansáine. Agus tú ag campáil, ná bain úsáid ach as láithreáin oifigiúla amháin. Déan cinnte go bhfuil an trealamh cuí agat agus faigh comhairle ó mhuintir na háite agus tú ag dul isteach i gceantair iargúlta.  

Ní mórán eolas a bhíonn le fáil maidir le  bheith ag taisteal i gceantair atá scoite amach ó áiteanna a gcruinníonn eachtrannaigh.  Moltar duit treoirleabhar taistil cothrom le data a cheannach agus gan úsáid a bhaint ach amháin as cuideachtaí turas iontaofa.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Tá muintir na Tansáine fáilteach agus dea-mhéineach i dtreo cuairteoirí, ach ní mór duit a bheith measúil ar an chultúr áitiúil. Cuireann iompar glórach nó ionsaitheach, meisce, teanga bréan agus dímheas isteach ar dhaoine, go háirithe daoine scothaosta.

Cultúr Moslamach

Tá céatadán ard Moslamach sa Tansáin, go háirithe feadh an chósta agus i Sainsibeár agus Pemba. Ba chóir go mbeadh meas agat ar thraidisiúin, cleachtais, dlíthe agus creidimh áitiúla. Caith éadaí coimeádacha, bí airdeallach maidir le do ghníomhartha agus bí cúramach gan cultúir nó creidimh eile a mhaslú, go háirithe i rith na míosa naofa Ramadan nó féilte creidimh eile, nó má tá sé beartaithe agat cuairt a thabhairt ar cheantair reiligiúnacha.

Le linn Ramadan, níl cead ag Moslamaigh ithe, ól nó tobac a chaitheamh le linn uaireanta sholas an lae. Lena chinntiú nach maslóidh tú iad, ní chóir dui tithe, ól nó tobac a chaitheamh go poiblí le linn an ama seo.

Mná ag taisteal

Ba chóir do mhná brístí gearra agus barréidí gan muinchillí a sheachaint nuair a fhágann siad na hionaid turasóireachta agus nuair atá siad i Stone Town.

Homaighnéasachas

Tá gníomhaíocht homaighnéasach in aghaidh an dlí sa Tansáin, lena n-áirítear Sainsibeár.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

An Aeráid

Aeráid thrópaiceach atá sa Tansáin.

Crith talún

Luíonn an Tansáin ar éasclíne (éasc Ghleann na Claise) agus is féidir le creathanna talún tarlú. Má tá tú ag taisteal nó i do chónaí sa Tansáin, cinntigh go bhfuil a fhios agat cad ba chóir duit a dhéanamh i gcás creata talún.

Súnámaí

Sna ceantair ar theorainn an Aigéin Indiaigh tá baol súnámaithe ann ach de ghnáth is in uiscí farraige domhain a tharlaíonn siad agus tugtar rabhaidh roimh ré de ghnáth.

Tuile

Maireann príomhshéasúr na báistí ó mhí an Mhárta go dtí mí na Bealtaine, le séasúr báistí níos éadroime agus níos giorra i mí na Samhna agus mí na Nollag. Má tá tú ag taisteal chun na Tansáine, bí ag breathnú ar thuar na haimsire áitiúla chun tú féin a chur ar an eolas. I gceantair sluma na gcathracha móra tá baol drochthuilte i limistéir ísle le linn séasúr na báistí.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Tá víosa ag teastáil ó shaoránaigh na hÉireann chun dul isteach sa Tansáin. Is ionann an táille reatha do víosa turasóireachta do shaoránaigh na hÉireann agus SA$50. Is féidir an víosa a fháil ar theacht duit ag pointí iontrála. Déan teagmháil leis an Ambasáid nó Ard-Choimisiún is gaire duit sa Tansáin maidir le víosaí gnó/oibrí deonacha/oibre.

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Féadfaidh tú seiceáil le foireann na hAmbasáide nó le do ghníomhaire taistil  cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Tansáine.

Embassy contact

Embassy Contact

In cases of an emergency outside of regular office hours, the Embassy can be contacted by calling the Duty Officer directly on +255 754 783 455.

Embassy of Ireland
Toure Drive
Plot No. 353
Masaki
P.O.Box 9612,
Dar es Salaam
Tanzania

Tel: +255 22 221 3800
Fax: +255 22 2602 362

Mon – Thur 8am – 4:30pm; Fri 8am – 2pm, except public holidays

Contact us