DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSeineagáil, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSeineagáil

Má tá tú ag taisteal chun na Seineagáile, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Forbhreathnú

Stádas Slándála

Ardleibhéal Cúraim

An Fógra Taistil is Déanaí

Bhí léirsithe polaitiúla ar scála mór sa tSeineagáil, lena n-áirítear in Dakar agus in ionaid uirbeacha eile. Bhí foréigean ag baint le roinnt de na hagóidí seo, maraíodh daoine agus scriosadh réadmhaoin. Tá úsáid bainte ag na póilíní as deoirghás chun sluaite a scaipeadh.  Tá laghdú tagtha ar mhinicíocht léirsithe den sórt sin ó mhí Iúil 2023 i leith mar gheall ar an gcobhsú ar chúrsaí polaitíochta, ach d'fhéadfadh méadú tarlú sa tréimhse roimh thoghcháin na hUachtaránachta i mí Feabhra 2024.

Moltar do gach saoránach a bheith airdeallach, turais neamhriachtanacha a sheachaint, coinneáil suas chun dáta le himeachtaí áitiúla agus gach léirsiú agus cruinniú mór a sheachaint. Má fhaigheann tú amach faoi aon agóidí in aice láimhe, imigh ón gceantar láithreach agus déan monatóireacht ar na meáin áitiúla chun eolas cothrom le dáta a fháil.

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann chun dul isteach sa tSeineagáil. Deonaítear víosa 90 lá ar theacht isteach chun na tíre.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal go dtí an tSeineagáil, agus ba cheart do phasanna Éireannacha a bheith bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí. 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar víosaí agus ar phasanna anseo.

Moltar do chuairteoirí chuig an tSeineagáil treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh an Ambasáid a leanúint freisin ar Twitter @IrlEmbDakar chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa tSeineagáil ach scairt a chur ar:

  • Na Póilíní: 17
  • An Bhriogáid Dóiteáin: 18
  • An tOtharcharr: 00221338651818

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Is áit í an tSeineagáil a mbíonn an-tóir ag turasóirí uirthi agus bíonn formhór na gcuairteanna gan trioblóid. Mar sin féin, ba chóir duit a bheith airdeallach ar phiocairí pócaí in Dakar, go háirithe ag an aerfort, agus sna ceantair timpeall Place de l'Ind Independance, limistéar láir an Plateau agus an Western Corniche.

Molaimid do thaistealaithe a bheith ar an airdeall faoi chamscéimeanna féideartha, go háirithe idirbhearta gnó a thairgtear ar an idirlíon a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad rómhaith le bheith fíor nó grá idirlín atá ag bláthú go mall le hiarratais tobanna ar chúnamh airgeadais.

Tá eachtraí a bhaineann le grúpaí armtha, scarúnaithe agus caismirtí idir an míleata agus an MFDC (Movement of the Democratic Forces of Casamance) ar siúl ar fad i réigiún Casasmance san iardheisceart. Ba cheart duit gach taisteal bóthair i réigiún Casamance a sheachaint siar ó Kolda, seachas taisteal i rith an lae ar phríomhbhóthar Ziguinchor go Cap Skiring nó an bóthar ó Sao Domingos go Ziguinchor. Déan monatóireacht i gcónaí ar chúrsaí slándála áitiúla agus ar na meáin áitiúla le haghaidh imeachtaí slándála. Tá fadhbanna ag baint le mianaigh talún sa cheantar seo i gcónaí agus mar sin cinntigh go gcloífidh tú le bóithre pábháilte agus go nglacfaidh tú comhairle áitiúil.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú. 

Tá iompar homaighnéasach mídhleathach sa tSeineagáil.

Sláinte

Sláinte

Sláinte

Árachas Taistil

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir go leor airgid a shábháil duit féin agus do theaghlach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Cinntigh go gclúdaíonn do pholasaí na himeachtaí ar fad a bhfuil sé de phlean agat a dhéanamh ar do thuras. Molann Insurance Ireland go gceannaíonn tú polasaí a fhorálann íoschumhdach leighis de €1 mhilliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fanachta níos faide nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéanfar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais a cailleadh agus a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciála nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios agat nach gcumhdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó drugaí.

Vacsaínithe

Cuir ceist ar dhochtúir faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ocht seachtaine, ar a laghad, roimh do thuras. Faigh níos mó eolais faoi vacsaíní ar shuíomh gréasáin FSS.

Eolas Breise

Eolas Breise

Eolas Breise

Víosaí/Pasanna

Riachtanais Iontrála – (Víosaí/Pasanna)

Is féidir le saoránaigh na hÉireann dul isteach sa tSeineagáil gan víosa ar feadh suas le 90 lá ach ní mór dóibh na nithe seo a leanas a sholáthar:

  • fianaise ar thicéad ar aghaidh/fillte,
  • cruthúnas ar chistí leordhóthanacha,
  • cáipéisíocht a thaispeánann cuspóir an turais agus an chéad cheann scríbe eile,
  • cáipéisíocht atá ag teastáil don chéad cheann scríbe eile.

Ba cheart do gach paisinéir a dheimhniú freisin le haerlíne go bhféadfar bordáil a cheadú gan víosa.

Ní mór do phasanna a bheith bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad tar éis duit teacht i dtír sa tSeineagáil agus leathanach bán amháin ar a laghad a bheith acu.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Abuja. Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil.

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  •  Cáipéis taistil éigeandála a chur ar fáil le go mbeidh tú in ann dul abhaile;
  •  Más gá, comhairle a thabhairt duit maidir le hiarratas a dhéanamh ar phas nua.

Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní chuirfimid doiciméid taistil ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní.

Embassy contact

Embassy Contact

In cases of an emergency outside of regular office hours, the Embassy can be contacted by calling the Duty Officer directly on +221777244837.
Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at +353 1 408 2000.
During working hours, you can contact the Irish Embassy in Dakar at:

Apartment 7,
Villa Venus,
Fann Residence,
Dakar

Tel: +221 3 38205003

Monday to Thursday 09:00-16:00; Friday 09:00-12:00

Contact us