DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSeirbia, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSeirbia

Má tá tú ag taisteal chun na Seirbia, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an tSeirbia nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin tSeirbia sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal Know a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí Éigeandála

  • Póilíní: 192
  • Briogáid dóiteáin: 193
  • Otharcharr: 194
  • Cúnamh cois bóthair: 1987

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa tSeirbia, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Consal Onórach na hÉireann in Béalgrád nó le Ambasáid na hÉireann in Aithin sa Ghréig.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí de thíortha AE eile chomh maith, chun comhairle, tacaíocht agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá staid polaitiúil na Seirbia réasúnta seasmhach. Moltar duit, áfach, fanacht airdeallach i gcónaí, súil a choinneáil ar thuairiscí sna meáin áitiúla agus treoracha na n-údarás áitiúla a leanúint ó thaobh baol sábháilteachta agus slándála.

An Chosaiv

D’fhógair an Chosaiv neamhspleáchas ón tSeirbia go foirmeáilte sa bhliain 2008 agus tugann Éire aitheantas iomlán do Phoblacht na Cosaive mar náisiún neamhspleách. Tá sé ráite, áfach, ag rialtas na Seirbia go bhfuil fógra neamhspleáchais na Cosaive in aghaidh an dlí agus dá réir tá teannas níos mó idir grúpaí eitneacha. 

Léirsithe

Reáchtáladh roinnt léirsithe agus slógaí polaitiúla in Béalgrád ó d’fhógair an Chosaiv neamhspleáchas. Reáchtáladh léirsithe agus agóidí chomh maith ag ionaid chustaim agus phóilíní ar an teorainn leis an Chosaiv. Moltar duit go láidir aon léirsithe agus cruinnithe poiblí a sheachaint mar go bhfuil baol ann go bhféadfadh foiréigean tarlú gan foláireamh a bheith tugtha. Ba chóir duit chomh maith seachaint an dtarraingneofaí isteach i gcomhrá tú faoin staid polaitiúil le daoine nach bhfuil aithne mhaith agat orthu.

Grianghrafadóireacht

Seachain grianghraif a ghlacadh d’fhoirgnimh mhíleata agus phóilíní agus/nó pearsanra nó feithiclí in aon áit sa tSeirbia, mar go bhféadfadh sé seo fadhbanna a chothú leis na húdaráis.

Mianaigh talún

Tá mianaigh iarmharacha agus ordanás neamhphléasctha eile fós i roinnt áiteanna i nDeisceart na Seirbia. Bí cúramach agus tú ag taisteal i limistéir Presevo agus Bujanovac i nDeisceart na Seirbia. Ná himigh de na príomhbhóithre, go háirithe in áiteanna faoin tuath, agus seiceáil le muintir na háite nó le d’ionadaí tionscnóra turas sula dtéann tú chuig réigiúin atá buailte.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil baol beag ó sceimhlitheoireacht sa tSeirbia, tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Bíonn an chuid is mó de chuairteanna ar an tSeirbia saor ó thrioblóid ach ba chóir duit a bheith cúramach faoi choiriúlacht sráide, cosúil le mugáil, daoine ag goid málaí agus peasghadaíocht, go háirithe i gcathracha móra. Ba chóir duit gnáth réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin, chun fanacht sábháilte: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach, margaí agus áiteanna eile ina gcruinníonn turasóirí.

Coiriúlacht tromchúiseach

Mar eachtrannach, d’fhéadfá a bheith mar thargaid ag coirpigh a ghlacann leis go bhfuil tú ag iompar suimeanna móra airgid. Is targaid a bhfuil móréileamh air freisin iad feithiclí faoi thiomáint ceithre rotha agus feithiclí sóchais. Is fadhb iad eachtraí aonraithe d’fhoréigean armtha i gcathracha móra; bíonn siad seo, áfach, ceangailte le coiriúlacht eagraithe go hiondúil seachas a bheith dírithe in aghaidh eachtrannach. 

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa tSeirbia, cuir in iúl do na póilíní láithreach é agus faigh tuairisc. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Consalacht na hÉireann i mBéalgrád má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa tSeirbia, ba chóir duit a bheith cúramach. Go ginearálta ní bhíonn na bóithre ann ach réasúnta nó go dona agus bíonn na bóithre níos measa arís in áiteanna faoin tuath, go háirithe i rith agus i ndiaidh drochaimsire. Ar cheann de na bóithre is measa tá an Ibarska Magistrala (a cheanglaíonn an tSeirbia le Montainéagró); is féidir le drochaimsir agus plódú é a fhágáil contúirteach. D’fhéadfadh oibreacha bóthair ar na príomhbhealaí ar fud na Seirbia (ó theorainn na Cróite agus na hUngáire chun na Bulgáire agus na Macadóine), moill a chur ar thrácht. Moltar duit tiomáint go cosantach agus achrann le tiománaithe eile a sheachaint.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do cheadúnas idirnáisiúnta tiomána
  • Bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat chun tú a chlúdú agus tú ar cuairt sa tSeirbia
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Seirbia, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Tá sé riachtanach ceannsolais a úsáid má tá droch-infheictheacht ann agus moltar iad a úsáid ag gach am eile
  • Ná húsáid fón póca riamh má bhíonn tú ag tiomáint
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Ba chóir duit forbairtí áitiúla a sheiceáil sula dtéann tú ar do thuras go háirithe má tá sé i gceist agat teorainn talún leis an gCosaiv a thrasnú

Doiciméid feithicle

D’fhéadfaí cead isteach chun na Seirbia a dhiúltú duit mura bhfuil cruthúnas agat gur leat nó gur fhruiligh tú an fheithicil atá agat, mar sin tabhair leat do logleabhar V5 nó do chonradh fruilithe agus beartas árachais atá bailí go háitiúil ionas gur féidir leat iad a thabhairt do na húdaráis. Tá árachas feithicle chárta glas na hEorpa bailí sa tSeirbia ach ní theastaíonn sé níos mó. Is é an anótáil don chárta glas don tSeirbia ná ‘SRB’. 

Dolaí bóthair

Tá go leor dolabhothanna ar fud mhótarbhealaí na Seirbia. Braitheann na dolaí ar chomh mór agus atá d’fheithicil agus ba chóir duit €200 ar a laghad in airgead tirim a bheith agat do na táillí dolaí.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Ní thabharfaidh go leor cuideachtaí fruilithe feithiclí sa tSeirbia cead a gcuid feithiclí a thiomáint sa Chosaiv, sa Bhulgáir ná san Albáin de bharr imní faoi chúrsaí slándála. Tharla roinnt eachtraí inár déanadh targaidiú ar charranna a bhí cláraithe sa tSeirbia in áiteanna níos iargúlta den Chosaiv. Seiceáil cúrsaí slándála sula dtéann tú ar do thuras.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Aitheantas pearsanta

Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar i gcónaí.

Cultúr áitiúil

Is gnáth rud é go bhfuil caighdeáin arda ag baint le hiompar poiblí sa tSeirbia agus níl comharthaí geana poiblí molta mar gheall ar nádúr shochaí na Seirbia.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha géara agus téarmaí fada príosúin go hiondúil.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá aeráid mhór-roinne i dtuaisceart na Seirbia agus bíonn an geimhreadh fuar, ach bíonn an samhradh te agus bogthais agus bíonn báisteach fhorleathan ann. I ndeisceart na tíre, tá aeráid atá níos Aidriadach agus bíonn an samhradh te agus tirim agus bíonn an fómhar réasúnta fuar agus titeann sneachta go leor isteach faoin tír. 

Creathanna talún

Tá an tSeirbia suite i saincheantar atá beo-sheismeach.  Cé nach raibh aon chreathanna talún móra ann le roinnt blianta, tarlaíonn creathanna agus tá creatháin talún coitianta. Ba chóir duit a fháil amach ó mhuintir na háite nó ó bhainistíocht d’óstáin faoi méid is ceart duit a dhéanamh má tharlaíonn crith talún.

Dóiteáin foraoise

Tá contúirt dóiteáin foraoise ann i rith tréimhsí teo agus tirime. Bí freagrach i gcónaí nuair a thugann tú cuairt ar áiteanna ina bhfuil foraoisí agus thar rud ar bith eile ná las beárbaiciúnna agus ná fág aon bhruscar i do dhiaidh.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh de chuid na hÉireann chun cuairt a thabhairt ar an tSeirbia ar feadh tréimhse 90 lá. Má tá ceisteanna agat faoi riachtanais iontrála chun na Seirbia, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le Ambasáid na Siria i Londain. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Teastaíonn víosa bailí uait nach bhfuil aon damáiste déanta dó chun dul isteach chun na Seirbia. Moltar duit chomh maith roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Clárú

Ní mór duit clárú leis na póilíní áitiúla laistigh de 21 huair tar éis duit a theacht chun na Seirbia. Má tá tú ag fanacht in óstán nó i gcóiríocht oifigiúil turasóirí, beidh tú cláraithe go huathoibríoch ar sheiceáil isteach duit. Mura gcláraíonn tú, d’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ort, tú a chur faoi choinneáil nó tú a thabhairt chun cúirte.

Cónaitheacht shealadach

Má tá tú ag iarraidh fanacht sa tSeirbia ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá (ar mhaithe le hoideachas, fostaíocht, pósadh, srl) ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig na póilíní áitiúla ar cheadúnas sealadach cónaithe sula dtéann an tréimhse 90-lá in éag. Déan cinnte go ndéanann tú comhdú ar do cheadúnas 30 lá ar a laghad sula dtéann do cheadúnas sealadach in éag. Beidh ort doiciméid thacaíochta a chur ar fáil le d’iarratas. 

Ag dul isteach i dtír

Ní féidir dul isteach chun na Seirbia ach amháin trí thrasrianta teorann aitheanta, áit a bhfaighidh tú stampa iontrála ar do phas ó phóilíní teorann. D’fhéadfaí cúiseanna a bhaineann le hinimirce mhídhleathach a chur i do leith má dhéanann tú iarracht imeacht as an tír gan stampa iontrála nó víosa iontrála/scoir agus d’fhéadfadh fíneáil ghéar nó téarma príosúin a bheith mar thoradh air sin. 

Más cónaitheoir sealadach tú (sa tír ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá) ba chóir duit víosa iontrála/scoir chomh maith le stampa cónaithe a bheith agat ar do phas. 

Pointí iontrála aitheanta

Ní thugann rialtas na Seirbia aitheantas do phointí iontrála ón gCosaiv ná iad siúd ar theorannacha seachtracha na Cosaive leis an Albáin, Montainéagró ná leis an Mhacadóin (don liosta pointí iontrála aitheanta féach ar Roinn Gnóthaí Eachtracha na Seirbia). Ní thabharfaidh údaráis na Seirbia cead duit taisteal chun na Seirbia, as an gCosaiv, murar chuir tú tús le do thuras sa tSeirbia agus go bhfuil tú ag filleadh ann go díreach. 

Ó tugadh isteach stampaí Phoblacht na Cosaive, tharla eachtraí inár diúltaíodh cead isteach chun na Seirbia do náisiúnaigh coigríche má bhí na stampaí seo ar a gcuid pasanna.

Tharla eachtraí aonaracha chomh maith inár chuir údaráis na Seirbia stampaí na Cosaive i bpasanna le náisiúnaigh coigríche ar ceal. Tá baol níos lú go mbeidh fadhbanna iontrála agat má théann tú ón gCosaiv chun na Seirbia agus má tá tú ag filleadh an tslí chéanna nó má tá tú ag taisteal tríd an Albáin, an Mhacadóin nó Montainéagró.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Seirbia. 

Saoráidí liachta

Níl aon chomparáid idir an leibhéal cúraim liachta sa tSeirbia agus an leibhéal atá le fáil in iarthar na hEorpa. Go minic beidh dochtúirí agus ospidéil ag súil le híocaíocht láithreach, in airgead tirim, do sheirbhísí liachta, mar sin má cuireadh tú ar aghaidh chuig saoráid liachta i gcomhair cóireála, déan teagmháil le do chuideachta árachais/cúnaimh liachta chomh luath agus is féidir.

Galar ainmhí-iompartha

Tuairiscíodh cásanna confaidh ó thaobh sionnaigh agus madraí sa tSeirbia, go hiondúil i bpáirceanna agus ar imeall cathracha móra, lena n-áirítear áiteanna a bhí saor ó chonfadh le fiche nó tríocha bliain anuas. Bí ag faire amach do mhadraí ar strae agus fan amach uathu. Má bhaintear greim asat, faigh cúnamh liachta chomh luath agus is féidir.

Tá an baol ann freisin go dtiocfaidh tú trasna ar einceifilíteas sceartán-iompartha in áiteanna faraoise, mar sin tóg réamhchúram chun greamanna ó sceartáin a sheachaint.

Galair corrmhíol-iompartha

Tá galair corrmhíol-iompartha, lena n-áirítear an galar West Nile in ann a bheith ina fhadhb sa tSeirbia. Ba chóir duit réamhchúram a dhéanamh agus comhairle liachta atá cothrom le dáta a fháil roimh thaisteal duit faoi an dteastóidh cógas frith-mhaláire uait. Nuair a thagann tú chun na tíre, seachain greamanna ó chorrmhíola tré líonta leapan agus éarthaigh a úsáid, agus caith bróga dúnta, muinchillí fada agus treabhsar.

Airgead

Is é an dinar airgeadra oifigiúil na Seirbia. Glactar le cártaí creidmheasa agus le seiceanna taistil i bhformhór na n-óstán agus ins na siopaí agus glacann mórán gach inneall ATM le cártaí idirnáisiúnta bainc. 

Tá go leor innill agus oifigí malartaithe airgid in Béalgrád (lena n-áirítear aerfort Bhéalgrád) a ghlacann le córais airgeadais an euro, steirling agus dollair SAM agus a thabharfaidh an dinar ar ais duit. Go ginearálta ní dhéanann bainc na hÉireann malartú ar an dinar, mar sin ní mór duit aon dinar nach dteastaíonn uait a mhalartú roimh imeacht as an tSeirbia. Ná déan malartú ar do chuid airgid ach amháin ins na bainc nó in oifigí oifigiúla malartaithe agus ná bac le mangairí sráide.

Airgeadra a iompórtáil

Nuair a thagann tú chun na Seirbia, caithfidh tú suimeanna airgid (lena n-áirítear seiceanna taistil) atá sa bhreis ar €10,000 (nó a choibhéis) a dhearbhú agus earraí luachmhara chomh maith agus dearbhú i scríbhinn a fháil ó oifigigh chustaim. Nuair a fhágfaidh tú an tír, beidh ort cóip deimhnithe den dearbhú seo a thabhairt ar ais do na custaim ionas gur féidir airgead (an oiread leis an tsuim a tugadh isteach ach gan a luach a bheith sa bhreis ar €10,000) a thógáil amach arís. Cuirfear ceist ort freisin admháil a chur ar fáil do na dinar a cheannaigh tú ó bhanc eachtrannach.

Mura ngéilleann tú do na rialacha seo, is féidir do chuid airgid a thógáil uait.

Fóin phóca

Oibreoidh formhór fóin phóca na hÉireann a bhfuil saoráidí fánaíochta orthu ar ghréasán na Seirbia. Seiceáil le do chuideachta fóin póca roimh thaisteal duit agus faigh deimhniú faoi na táillí fánaíochta a bheidh i gceist.

Embassy contact

Embassy Contact

Where emergency consular assistance is required for Irish citizens outside of opening hours, please leave a message at: +30 210 7232771. This mailbox is monitored regularly. Alternatively, you can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at: +353 1 478 0822.

Embassy of Ireland
7 Leoforas Vasileos
Konstantinou
106 74 Athens
Greece

Tel: +30 210 723 2771
Fax: +30 210 729 3383

Monday to Friday 09:00-13:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Ms. Ann Pesic
Honorary Consulate of Ireland
Kosancicev venac 2/1
11000 Belgrade
Serbia

Tel: +38 111 263 5911
Fax: +38 111 303 6096

Email: Email us