DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSiombáib, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSiombáib

Má tá tú ag taisteal chun na Siombáibe, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an tSiombáib nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá. Má tá cónaí ort sa tSiombáib nó má tá tú le bheith ann ar feadh tréimhse fada, moltar go láidir duit dul i dteagmháil leis an gConsal Oinigh i Harare.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin tSiombáib sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Teagmhálacha éigeandála

Éigeandáil (ó líne talún): 999

Éigeandáil (ó fón póca): 112

Éigeandáil Póilíní: 995

Éigeandáil Liachta: 994

Éigeandáil Dóiteáin: 993

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa tSiombáib, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.  Má theastaíonn cúnamh uait áfach, is féidir teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann san Afraic Theas. Tá Consal Oinigh na hÉireann sa tSiombáib chomh maith.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le hAmbasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maithe go háirithe le Ambasáid na Breataine i Harare chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá an staid ar an talamh sa tSiombáib socair agus níl aon teannas á dtuairisciú i mór áiteanna turasóireachta cosúil le Victoria Falls. Ní féidir an timpeallacht pholaitiúil agus eacnamaíoch a mheas áfach agus d’fhéadfadh cúrsaí dul in olcas go tapa.

Ba chóir duit aird an phobail a sheachaint, a bheith an-chúramach, na meáin áitiúla agus ár láithreán gréasáin a sheiceáil le haghaidh comhairle taistil. Seachain limistéir ina bhféadfadh léirsithe a bheith ar siúl, nó a bhfuil slua mór daoine cruinnithe le chéile. Má tá léirsiú ar siúl, imigh as an áit sin láithreach. Ná fan ann chun féachaint agus ná dean iarracht grianghraif a thógáil, fiú má tá tú i bhfad uaidh.

Déan cinnte go bhfuil tú sásta le do shocruithe slándála féin agus coinnigh do cháipéisí taistil cothrom le dáta agus ar fáil go héasca ar fhaitíos go mbeidís ag teastáil uait chun an tír a fhágáil ar fhógra gearr. Moltar duit do phlean teagmhasach féin a bheith agat agus athbhreithniú a dhéanamh air go rialta ar fhaitíos go dtiocfadh athrú ar chúrsaí.

Corraíl Pholaitiúil

Ná glac páirt in aon ghníomhaíocht pholaitiúil chlaonta, nó in aon ghníomhaíocht a bhféadfaí a léamh mar chlaonta, lena n-áirítear díospóireachtaí polaitiúla in áiteanna poiblí nó cáineadh ar an Uachtaráin.

Is í siombail pholaitiúil an phríomhpháirtí freasúra, the Movement for Democratic Change, ná lámh oscailte, agus mar sin d’fhéadfaí an chiall mhícheart a bhaint as comhartha láimhe cairdiúil mar chomhartha gríosaitheach.

D’fhéadfaí freagairt naimhdeach a spreagadh ó lucht tacaíochta ZANU-PF (Zimbabwe African National Union – Patriotic Front) má bhíonn na príomh nuachtáin neamhspleácha (the Financial Gazette, the Independent, the Standard nó the Zimbabwean) nó leabhair ó údair toirmiscthe ar iompar agat, nó má bhíonn t-léinte le sluáin na bpríomheagraíochtaí gníomhaíocha polaitiúla á chaitheamh agat.

Coiriúlacht

Tá ráta ard coiriúlachta sa tSiombáib agus tá líon mór den phobal sibhialta armtha. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:  

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht thromchúiseach

Seachain ócáidí nó áiteanna nach mbraitheann tú sábháilte iontu. Déan cinnte go bhfuil an áit a bhfuil tú ag fanacht slán i gcónaí mar tá méadú tagtha ar líon na robálacha armtha dírithe ar chónaitheoirí eachtracha.

Tá méadú tagtha ar líon na n-eachtraí goidte carranna armtha i mbailte móra le blianta beaga anuas. Tá gadaíocht agus robálacha ‘bris-agus-sciob’ ó fheithiclí ag éirí níos coitianta. Coinnigh doirse do fheithicle faoi ghlas agus na fuinneoga dúnta, agus bí thar a bheith cúramach agus tú ag taisteal, go háirithe san oíche agus ag stáisiún peitril.

Tá gadaíocht thráthúil, go háirithe seodra, málaí láimhe srl infheicthe, coitianta agus tá pasanna i mbaol go mór. Ba chóir duit a bheith cúramach le bagáiste in áiteanna poiblí, agus ag deasca fáiltithe agus tú ag seiceáil isteach in óstáin agus amach as óstáin. Ní mór a bheith thar a bheith cúramach ag Aerfort Idirnáisiúnta Harare, áit a bhfuil líon mór den chineál sin gadaíochta ag tarlú.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa tSiombáib, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann san Afraic Theas nó leis an gConsal Oinigh má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa tSiombáib, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Smaoinigh go cúramach sula dtéann tú ar thurais fhad-achair agus bíodh do dhóthain breosla i do charr i gcónaí más féidir é.  Bíonn gearrthacha cumhachta agus ganntanas uisce óil agus breosla a tharlaíonn go minic ar fud na tíre.

Tarlaíonn timpistí tráchta tromchúiseacha go coitianta agus bíonn soilse tráchta as ord go minic. Tá drochbhail ar na bóithre agus bíonn linntreoga doimhne iontu go minic. Tá sé an-chontúirteach a bheith ag tiomáint san oíche go háirithe. Bíonn sé deacair feithiclí páirceáilte neamh-shoilsithe, coisithe agus úsáideoirí bóthair eile a fheiceáil mar gheall go bhfuil soilsiú sráide go dona. Lasmuigh de na bailte, is minic go mbíonn ainmhithe fiáine agus beostoc ag fuaidreamh trasna na mbóithre.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Siombáibe, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Taisteal réigiúnach

Mar gheall ar an staid pholaitiúil agus eacnamaíoch éiginnte, moltar go láidir duit gan taisteal gan treoraí a dhéanamh (go háirithe turasóireacht málaí droma). D’fhéadfadh iompar agus seirbhísí poiblí, lena n-áirítear eitiltí intíre le Air Zimbabwe, a bheith curtha ar ceal nó gan a bheith imeacht de réir sceidil. Seachain taisteal nach bhfuil gá leis, go háirithe san oíche, agus déan iarracht fanacht i gceantair a bhfuil go leor foirgneamh iontu.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Céannacht

Bíodh do cháipéisí aitheantais nó cóip de do phas ar iompar agat i gcónaí. Ní cead agat pas de chuid na Siombáibe agus pas eachtrach a bheith i do sheilbh agat ag an am céanna, agus d’fhéadfaí an tú a ionchúiseamh má fhaightear an dá cheann i do sheilbh.

Grianghraif a thógáil

Mura bhfuil cead speisialta tugtha ag Aireacht na Faisnéise duit, tá sé mídhleathach grianghraif a thógáil d’oifigí rialtais, aerfoirt, ionaid mhíleata, áiteanna cónaithe oifigiúla agus ambasáidí, chomh maith le saoráidí íogaire eile.

Níl cead grianghraif a thógáil de phóilíní, comhaltaí na bhfórsaí armtha, léirsithe agus agóidí, agus cuirtear na dlíthe i bhfeidhm go docht.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Aeráid thrópaiceach atá sa tSiombáib ach athraíonn sé de réir airde. Maireann séasúr na báistí ó mhí na Samhna go dtí mí an Mhárta.  Tarlaíonn triomach go coitianta sa tSiombáib. Ní minic a tharlaíonn tuilte nó stoirmeacha dona.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Siombáibe, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid de chuid na Siombáibe i Londain.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Iriseoirí

Tá dualgas dlíthiúil ar iriseoirí víosa a fháil sula dtéann siad chun na Siombáibe, cé do ndiúltaíonn na húdaráis na Siombáibe iarratais ar víosaí ó iriseoirí go minic. Beidh iriseoirí a théann chun na Siombáibe gan víosa faoi dhliteanas a ghabháil agus a ionchúiseamh.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal chun na Siombáibe agus ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí le linn do chuairte.

Airgead

Tá dollar na Siombáibe curtha ar fionraí ar feadh tréimhse éiginnte. Is iad na hairgeadraí is coitianta a úsáidtear ná dollar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus rand na hAfraice Theas. Ba chóir do chuairteoirí nótaí i méideanna beaga a thabhairt leor toisc go bhfuil go leor gnólachtaí nach dtugann sóinseáil agus ní ghlactar le boinn sa tSiombáib.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Siombáibe.

Saoráidí cúraim sláinte

Bíonn caighdeán cúraim sláinte an-éagsúil sa tSiombáib, fiú in ospidéil phríobháideacha. Tá saoráidí cúraim sláinte príobháideacha costasach agus is féidir le costas aslonnaithe a bheith ard. Má tá cógas á thógáil agat ba chóir duit do dhóthain a thabhairt leat a mhairfidh go dtí deireadh do thurais toisc go mb’fhéidir nach mbeadh an cógas áirithe atá uait ar fáil ó chógaslanna áitiúla. 

Maláire

Tá maláire forleathan sa chuid is mó den tír, go háirithe i gceantair teorann ísle lena n-áirítear  Gleann Zambezi, Victoria Falls, Páirc Náisiúnta Hwange sna codanna ísle d’Ardchríocha an Oirthir agus an Vumba, thart ar Mutare. Sula dtéann tú ag taisteal, moltar duit comhairle liachta cothrom le dáta a fháil maidir le cibé an mbeidh cógais frith-mhaláire ag teastáil uait nó nach mbeidh. Nuair a thagann tú, seachain greamanna ó mhuiscítí trí eangacha leapa agus éarthach a úsáid, agus trí bróga dúnta, muinchillí fada agus brístí a chaitheamh.

Calar

Tá ráigeanna calair fós á dtuairisciú i réigiúin éagsúla sa tSiombáib. Cé go bhfuil sé deacair  a bheith cinnte faoin líon iomlán, tá sé soiléir gur bhain na céadta bás leis an ráig in 2009. Féadfaidh tú tuilleadh comhairle a fháil faoi Chalar ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO)

VEID agus SEIF

Tá leibhéal ionfhabhtaithe VEID agus SEIF an-ard sa tSiombáib. Ba chóir duit a bheith an-chúramach má bhíonn tú i mbonn gníomhaíochtaí a chuirfeadh i mbaol ionfhabhtaithe tú.   Má cheapann tú go bhfuil an baol ann gur nochtadh don ionfhabhtú tú, faigh cóir leighis láithreach.

Tinnis eile

Tá galair tógálacha eile uisce-iompartha agus bia-iompartha (lena n-áirítear heipitíteas, eitinn, bruitíneach, tíofóideach agus confadh) forleathan sa tSiombáib, agus tarlaíonn ráigeanna níos tromchúisí ó am go ham. Bain úsáid as dea-chleachtais sláinteachais phearsanta; déan gach réamhchúram a bhfuil gá leis; seachain bia ámh agus bia nach bhfuil cócaráilte go hiomlán.

Uisce

Molaimid duit gan ach uisce buidéalaithe, clóirínithe nó fiuchta a ól, ciúbanna oighir a sheachaint agus caighdeáin sláinteachais dochta a chothabháil agus tú ag taisteal sa tSiombáib.

Leictreachas

Tarlaíonn gearrthacha cumhachta go minic agus ar feadh i bhfad ar fud na Siombáibe.

Raon clúdaigh d’fhóin phóca

Is féidir le seirbhísí fóin phóca lasmuigh de na príomhbhailte a bheith lag.

Embassy contact

Embassy Contact

Embassy of Ireland
2nd Floor, Building A
238 Florence Ribeiro Avenue
Nieuw Muckleneuk
Pretoria
South Africa

Tel: + 27 12 452 1000

Monday to Thursday 09:00-12:00

Contact us