DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSiria, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSiria

Má tá tú ag taisteal chun na Siria, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an tSiria nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Má tá tú le bheith sa tSiria ar feadh tréimhse fhada, moltar go láidir duit clárú le ceann de na hAmbasáidí AE sa Damaisc agus lehAmbasáid na hÉireann i gCaireo

Comhairle Uainne

Níl Ambasáid ag Éirinn sa tSiria agus mar sin ní féidir linn comhairle taistil mhionsonraithe a fhíorú lena chinntiú go mbeidh sí cruinn, oiriúnach agus cothrom le dáta.

Ní féidir linn ráthaíocht a thabhairt ach oiread go mbainfidh doiciméid a seoltar chuig an gConsalacht Oinigh sa Damaisc nó uaithi ceann scríbe amach go sábháilte.

Tá naisc chuig tuilleadh comhairle taistil faoin tSiria ó aireachtaí eachtrachta eile le fáil sa mhír Eolas Breise.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, nó le bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ag Éire sa tSiria, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cúnamh ag teastáil uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gConsal Oinigh sa Damaisc nó le hAmbasáid na hÉireann, i gCaireo san Éigipt.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tharlaíonn éigeandáil nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn freisin ar an tseirbhís éigeandála 24-uair atá againn do shaoránaigh de chuid na hÉireann a dteastódh cúnamh consalachta uathu ag 00 353 1 478 0822.  

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin le Ambasáidí nó Consalachtaí de Thíortha AE eile atá fanta oscailte sa Damaisc chun comhairle, tacaíocht agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Má tá tú sa tSiria faoi láthair, moltar duit go láidir imeacht as láithreach, fad agus gur féidir é sin a dhéanamh fós. Is í an chomhairle shoiléir atá againn ar feadh tamaill anois ná imeacht as an tír ar shlí thráchtála.

Má shocraíonn tú fanacht sa tSiria, in ainneoin na comhairle soiléire uainne imeacht as an tír, bí cinnte go bhfuil do chuid doiciméid taistil cothrom le dáta sa chás go mbeadh ort imeacht as an tír ar fhógra gearr agus go bhfuil víosaí bailí agat féin agus ag do theaghlach, má theastaíonn ceann uait chun imeacht as an tSiria.

Coinnigh tú féin ar an eolas i gcónaí faoina bhfuil ag tarlú i do thimpeallacht trí aird a choinneáil ar na meáin chumarsáide go háitiúil agus trí fanacht i dteagmháil le bainistíocht d’óstáin nó le d’ionadaí tionscnóra turas. Lean an chomhairle ó na húdaráis áitiúla agus bí cinnte go bhfuil do dhóthain bunriachtanais agat, lena n-áirítear uisce, bia, breosla agus ábhair leighis mar d’fhéadfadh soláthairtí díobh seo dul i léig go tapa, agus gan fógra.

Léirsithe

Seachain léirsithe agus sluaite móra agus má fhaigheann tú eolas faoi aon chlampar fág an ceantar láithreach. Tabhair aird ar leith ar do shlándáil phearsanta i gcónaí.

Iompar

Tá eitiltí tráchtála ar fionraí de bharr cúrsaí slándála. Tá ardú tagtha ar líon na seicphointí ar bhealaí móra, agus bíonn bóithre dúnta anois is arís ar na príomhbhóithre idir cathracha na tíre. Má tá tú ag iarraidh imeacht as an tSiria ar an talamh tirim, seiceáil an stádas a bhaineann le trasnú na teorann agus bealaí rochtana sula dtéann tú ag taisteal.

Coiriúlacht

Ba chóir duit a bheith cúramach má bhíonn tú ag dul lasmuigh sa dorchadas agus réamhchúraim chiallmhara a dhéanamh: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa tSiria, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.Má theastaíonn cúnamh uait, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid i gCaireo nó leis an gConsal Oinigh sa Damaisc.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa tSiria, tabhair ar aird go bhfuil caighdeáin na mbóithre agus tiomána athraitheach, agus mar sin ba chóir duit tiomáint lasmuigh de na phríomhchathracha san oíche a sheachaint. Moltar duit gan taisteal chuig an teorainn idir an tSiria agus an Iaráic. Má tá tú ag iarraidh tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do cheadúnas idirnáisiúnta tiomána agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Siria, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Seicphointí slándála

Tá méadú tagtha ar líon na seicphointí ar bhealaí móra, agus tá bóithre á ndúnadh anois is arís ar na príomhbhóithre idir cathracha na tíre.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr Moslamach

Is sochaí coimeádach í an tSiria, agus ba chóir meas a bheith agat ar thraidisiúin, ar ghnásanna, ar dhlíthe agus ar reiligiúin áitiúla. Seachain comharthaí  ceana poiblí, gléas tú féin go coimeádach (ba chóir d’éadach na mban a gcosa agus uachtar a gcuid lámha a chlúdach), bí airdeallach ar do chuid gníomhartha agus bí cúramach gan cultúir nó creidimh eile a mhaslú, go speisialta i rith mhí bheannaithe Ramadan nó féilte reiligiúnacha eile, nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar cheantair reiligiúnacha.

I rith Ramadan, ní cheadaítear do Mhoslamaigh ithe, ól ná tobac a chaitheamh ó éirí go luí na gréine. Níor chóir duit ithe, ól ná tobac a chaitheamh go poiblí i rith an ama seo ionas nach maslófar iad.

Dlíthe áitiúla

Nuair atá tú sa tSiria, tá tú faoi chomaoin na ndlíthe áitiúla, lena n-áirítear cinn a bhféadfaí breathnú orthu mar dhlíthe géara faoi chaighdeáin na hÉireann. Is cúrsaí mar atá faoi láthair, tá baol ann go ndéanfah údaráis na Siria eachtrannaigh chomh maith le muintir na Sira a ghabháil agus a choinneáil go randamach. Bíonn sé thar a bheith deacair eolas a fháil nó cúnamh consalachta a chur ar fáil i gcásanna den chineál seo.

Ba chóir do thuismitheoirí go háirithe a bheith ar an eolas go bhfuil difríocht shuntasach idir na dlíthe áitiúla a bhaineann le caomhnóireacht leanaí agus na cinn atá in Éirinn. Má bhíonn aon bhaint agat le haon chúrsaí dlí áitiúla, go háirithe dlí teaghlach, moltar go láidir duit comhairle ghairmiúil a fháil.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar príosún saoil mar phionós ar dhaoine a mbeirtear orthu agus drugaí ina seilbh acu. Gearrtar pionós an bháis ar dhaoine a mbeirtear orthu ag mangaireacht drugaí.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas in aghaidh an dlí sa tSiria. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Grianghrafadóireacht

Ní cheadaítear grianghraif a ghlacadh gar d’ionaid mhíleata ná d’ionaid go leor eile de chuid an rialtais. Bunaithe ar chomh forleathan agus atá an choimhlint reatha, ba chóir duit breathnú ar gach ceantar mar cheantar atá goilliúnach ó thaobh na polaitíochta agus dá réir, ba cheart grianghrafadóireacht a sheachaint ar fad.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Critheanna Talún

Bíonn roinnt creatheanna talún sa tSiria. Coinnigh súil ar aon eolas nua go háitiúil le linn do thurais agus faigh amach ó dhaoine áitiúla nó ó bhainistíocht d’óstáin céard is ceart duit a dhéanamh sa chás go dtarlaíonn crith talún.Tabhair aird i gcónaí ar threoracha na n-údarás áitiúla faoi shlándáil agus aslonnú.

Stoirmeacha gainimh

Bíonn dusta – agus stoirmeacha gainimh ann freisin.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh de chuid na hÉireann chun dul isteach chun na Siria.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal chun na Siria agus ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Uisce

Moltar duit uisce atá fiuchta nó i mbuidéil a ól le linn do chuairte.

Airgead

Tá sé in aghaidh an dlí airgead a mhalartú ar an tsráid agus mar sin moltar duit airgead a mhalartú i malartáin, i mbancanna agus in óstáin aitheanta amháin. Ní úsáidtear cártaí creidmheasa go forleathan sa tSiria.  

De bharr smachtbhannaí idirnáisiúnta, tá institiúidí airgeadais i dtíortha go leor tar éis a gcuid idirbhearta leis an tSiria a chur ar fionraí. D’fhéadfadh sé seo cur as do do chumas íocaíochtaí a dhéanamh, airgead a aistarraingt as innill ATM, srl. Seiceáil le do bhanc/institiúid sochair le haghaidh tuilleadh eolais a fháil. Tá srianta curtha freisin ag rialtas na Siria ar idirbhearta airgeadais.

Embassy contact

Embassy Contact

If you are an Irish citizen and in need of emergency assistance outside of normal office hours, then you can contact us on the following emergency number: +20 1274443942

Alternatively, the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs can be contacted at +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
18 Hassan Sabry Street
Zamalek
Cairo
Egypt

Tel: +202 27287100
Fax: +202 27362863

Monday to Friday 09:30-12:30

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Naji-Pierre Chaoui
Honorary Consul of Ireland
P.O. Box 46
Damascus
Syria

Tel: +963 11 334 2144
Fax: +963 11 222 1320

Email: Email us