Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An tSlóivéin

Má tá tú ag taisteal chun na Slóivéine, tugann an comhairle taistil atá cothrom le dáta leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Get travel and medical insurance

Before travelling, the Department strongly recommends that you obtain a European Health Insurance Card (EHIC), available by contacting the Health Service Executive, and that you also obtain comprehensive travel insurance which will cover all overseas medical costs, including medical repatriation/evacuation, repatriation of remains and legal costs. You should check any exclusions and, in particular, that your policy covers you for the activities you want to undertake.

Forléargas

Déanaimid gach iarracht an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall ar chomh tapa is a thagann athrú ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil seo i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe ó thaobh slándála, seiceáil an leagan Béarla freisin, nó déan teagmháil dhíreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt a thabhairt ar an tSlóivéin, moltar duit gnáth-réamhchúram a dhéanamh. 

Cláraigh linn

Má tá sé ar intinn agat cuairt a thabhairt ar an tSlóivéin, nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir leat a fhoghlaim faoin tSlóivéin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh ar mhaithe le leideanna praiticiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Moltar duit Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil sula dtaistealaíonn tú chun na Slóivéine. Tháinig an cárta seo isteach in áit na foirme E111 agus tugann sé teidlíocht duit cóireáil liachta éigeandála a fháil ar na téarmaí céanna le náisiúnaigh de chuid na Slóivéine.

Níl an EHIC beartaithe áit an árachais taistil a thógáil agus ní chlúdaíonn sé aisdúichiú liachta, cóireáil liachta leanúnach ná cóireáil nach bhfuil práinneach. Féadfaidh tú iarratas ar EHIC a dhéanamh ar líne ag www.ehic.ie.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin déan iarracht labhairt le muintir na háite,  le hionadaí an tionscnóra turais nó le bainistíocht an óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Liúibleána.

Má chuireann tú glaoch lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit ina bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tá ag fanacht)

Déanaimid monatóireacht ar bhonn rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn ó thaobh cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu le linn dóibh a bheith thar lear. Foghlaim tuilleadh faoin gcineál cúnaimh is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa tSlóivéin íseal, tá baol domhanda ann i gcónaí ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-airítear áiteanna ina mbailíonn eachtrannaigh.

Coiriúlacht

Tá coiriúlacht réasúnta íseal sa tSlóivéin ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid á n-iompar agat le chéile – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá sé go hiomlán riachtanach agus fág cóip den phas (agus doiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa tSlóivéin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é agus faigh tuairisc.  Is 113 an uimhir theileafóin do na póilíní agus is 112 an uimhir éigeandála ginearálta. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn in Ambasáid na hÉireann i Liúibleána má tá cabhair ag teastáil uait.

Tiomáint

Tá na rialacha bóthair sa tSlóivéin cosúil a bheag nó a mhór le rialacha na hÉireann, tá na bóithre nua-aimseartha agus tá cothabháil mhaith déanta orthu. Go ginearálta níl soilse ar bhóithre lasmuigh de cheantair uirbeacha bí cúramach mar sin le do thoil nuair atá tú ag tiomáint san oíche.

Má theastaíonn uait tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus cinntigh go bhfuil árachas dóthanach agus iomchuí agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá an baol ann go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort.
  • Bí ar an eolas maidir le dlíthe tráchta na Slóivéine, ar nós teorainneacha luais
  • Caith crios sábhála i gcónaí, sna suíocháin tosaigh agus na suíocháin chúil
  • Ní mór do thiománaí agus do phaisinéir ar ghluaisrothair nó ar rothar leictreach clogad cosanta strapáilte a chaitheamh agus tá sé in aghaidh an dlí leanaí faoi 12 bliain d’aois a iompar ar ghluaisrothar.  
  • Tá fíneálacha troma ar an láthair as cionta tráchta ar nós tiomáint ró-thapa, tiomáint faoi thionchar an óil agus as fón póca gan fearas lámhshaor a bheith in úsáid. Tá fíneálacha freisin as fiarlaoideacht.
  • Ní mór duit tiomáint leis na ceannsoilse maolaithe i gcónaí, fiú i rith an lae

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil). Má tá  carr á fhruiliú agat i dtír eile, ní mór duit, ar mhaithe le clúdach ceart a fháil, a chur in iúl don chuideachta fruilithe go bhfuil sé ar intinn agat taisteal chun na Slóivéine.

Alcól

Tá sé in aghaidh an dlí ag tiománaithe gairmiúla (aicme C, D agus E) tiomáint le haon alcól ólta acu.  Is ionann an teorainn fola/alcóil agus 0.05 do gach tiománaí gluaisrothair agus feithicle príobháidí. Is ionann teorainn na hÉireann agus 0.08.

Ní mór d’aon duine a mbaineann amhras leo go bhfuil siad ag tiomáint nó go bhfuil  feithicil á oibriú acu agus iad faoi thionchar an óil nó drugaí, tástáil anála nó scrúdú dochtúra a dhéanamh. Measfar go mbeidh tiománaithe a dhiúltaigh tástáil anála a dhéanamh ag tiomáint agus iad faoi thionchar an óil.

Ag tiomáint ar an mótarbhealach

Tá córas Vignette i bhfeidhm sa tSlóivéin ar mhaithe le taisteal mótarbhealaigh.  Ní mór go mbeadh vignette ag gach feithicil faoi 3.5 tonna le tiomáint ar mhótarbhealaí agus ar luasbhealaí. Tá vignettes seachtainiúla, míosúla agus bliantúla ar fáil. Déanann na póilíní monatóireacht ar úsáid an mhótarbhealaigh agus stopann siad tiománaithe carranna nach bhfuil na vignettes acu. Tá fíneáil de €800 ar an láthair mura bhfuil vignette agat nó mura bhfuil sí ar taispeáint.  Féadfaidh tú eolas a fháil maidir le costas agus leis na háiteanna inar féidir vignettes a cheannach ar láithreán gréasáin Motorway Company of the Republic of Slovenia (DARS).

Trealamh geimhridh

Ní mór go mbeadh boinn gheimhridh ar fheithiclí atá suas go dtí 3.5 tonna ó lár mhí na Samhna go dtí lár mhí an Mhárta agus le linn drochaimsire lasmuigh de na dátaí sin. Déanfaidh slabhraí sneachta an chúis faoi choinníollacha áirithe.  Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar láithreán gréasáin an Automobile Association of Slovenia.

Dlíthe agus nósanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, faigh neart eolais sula dtéann tú ag taisteal agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa mar chuairteoir agus nach mór duit iad a leanúint
  • Bíodh meas agat ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla mar go bhféadfaí féachaint ar d’iompar mar iompar míchuí, naimhdeach nó fiú in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá pionós trom ag gabháil le húsáid drugaí neamhdhleathacha (beag beann ar cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal chun na Slóivéine, déan cinnte go bhfuil tuiscint agat ar cad ba chóir duit a bheith ag súil leis – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
  • Faigh comhairle áitiúil cad atá le déanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó coinníollacha tromchúiseacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtraí tromchúiseacha

Comhairle Taistil Te Fuara

Crith Talún

Tá Iarthar na Slóivéine suite ar éasclíne creatha talún agus faoi réir ag creatháin ó am go chéile.  Má tá tú ag taisteal chun na Slóivéine déan cinnte go bhfuil tú ar an eolas maidir le cad atá le déanamh i gcás creatha talún agus lean treoracha na n-údarás áitiúil i gcónaí i gcás éigeandála.

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Níl víosa riachtanach do shaoránaigh na hÉireann le cuairt a thabhairt ar an tSlóivéin, ach cinntigh le do thoil go bhfuil do phas bailí an t-achar is a bheidh tú sa tír. Má tá sé ar intinn agat tamall fada a chaitheamh sa tSlóivéin, moltar duit clárú le hAmbasáid na hÉireann sa tSlóivéin.  

Clárú

Ní mór do gach saoránach eachtrach clárú leis na póilíní áitiúla laistigh de 72 uaire an chloig tar éis dóibh an tSlóivéin a bhaint amach. De ghnáth déantar é sin go huathoibríoch san áit ina bhfuil tú ag fanacht. D’fhéadfaí táille chaighdeánach de thart ar €1 a chur le do bhille.

Má tá tú ag cur fút i gcóiríocht phríobháideach, áfach, ar nós cairde nó le teaghlach, ní mór duit clárú i stáisiúin na bpóilíní áitiúla, in éineacht leis an duine a bhfuil tú ag fanacht leis/léi, laistigh de thrí lá tar éis duit an tír a bhaint amach. Mura ndéanann tú é sin d'fhéadfaí fíneáil suas go dtí €400 a ghearradh ort agus tú ag fágáil na tíre, nó d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an duine a raibh tú ag fanacht leis/léi an fhíneáil a íoc agus tú imithe.

Rinne Póilíní sa tSlóivéin seiceáil ar thurasóirí roimhe seo agus d’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ort ar an láthair mura gcuirtear an cruthúnas iomchuí cláraithe ar fáil. 

Ní mór duit cruthúnas maidir le haitheantas pearsanta a bheith ar iompar agat i gcónaí (pas, doiciméid aitheantais phearsanta náisiúnta nó ceadúnas tiomána). D’fhéadfadh sé go ngearrfaí fíneáil ar an láthair suas go dtí €500 ar dhuine ar bith nach gcuireann aitheantas ar fáil. Moltar duit cóip amháin ar a laghad de do phas nó doiciméad aitheantas eile a bheith ar iompar agat i gcónaí, agus doiciméadacht bhunaidh nuair is féidir.

Airgead

Is é an euro airgeadra na Slóivéine.  Tá ATManna le fáil go forleathan agus glactar leis na mórchártaí creidmheasa/seiceanna taistil. Is féidir leat airgead a aistarraingt ó do chuntas Éireannach má tá siombail Maestro nó Cirrus ar do chárta ATM. Malartóidh bainc nó bureau de change seiceanna taistil, steirling agus príomhairgeadraí eile.