Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Tuirc

Má tá tú ag taisteal chun na Tuirce, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt a thabhairt ar an Tuirc, moltar duit a bheith cúramach.

Na Foláirimh taistil is déanaí

Molaimid go láidir gan taisteal go dtí na limistéir teorann idir an Tuirc agus an tSiria de bharr na héagobhsaíochta atá sa réigiún sin faoi láthair, go háirithe i gcúigí Hatay, Kilis, Gaziantep, Sanliurfa agus Mardin. Tá oibríochtaí ar bun ag lucht míleata na Tuirce feadh teorainn na Tuirce leis an Iaráic agus moltar go láidir duit gan taisteal go dtí cúigí teorann Hakkari agus Sirnak. Ina theannta sin, molaimid gan taisteal chuig cúigí Siirt agus Tunceli.

Cé go bhfuil na limistéir a mbíonn tóir ag lucht taistil na hÉireann orthu achar cuíosach fada ó na réigiúin sin, ní mór a bheith ar an airdeall i limistéir turasóireachta amhail Cearnóg Taksim in Iostanbúl agus áiteanna gar do stáisiúin na bpóilíní, a d'fhéadfaí ionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh orthu.

I ndiaidh oibríochtaí frith-sceimhlitheoireachta le cúpla lá anuas, tá rabhadh tugtha ag póilíní na Tuirce faoi ionsaithe buama a d'fhéadfaí a dhéanamh ar stáisiúin Yenikapi, Haciosman, Taksim agus Osmanbey in Iostanbúl, chomh maith le stadanna ar an líne Metrobus. Dá bhrí sin, molaimid go láidir gan úsáid a bhaint as iompar poiblí, go háirithe na córais mheitreo in Iostanbúl agus Ankara agus, ina theannta sin, molaimid gach léirsiú agus gach cruinniú poiblí a sheachaint.

Ar an 20 Iúil 2015 mharaigh buamadóir féinmharaithe amhrasta ar a laghad 30 duine agus gortaíodh os cionn 100 duine eile i Suruc, Sanlurfa in aice leis an teorainn idir an Tuirc agus an tSiria.

Is cóir do shaoránaigh de chuid na hÉireann a bheith ar an eolas nach mbeidh víosaí turasóireachta ar fáil níos mó ag pointí iontrála isteach sa Tuirc ón 10 Aibreán 2014. Má tá tú chun dul isteach sa Tuirc tar éis an dáta sin, caithfidh tú iarratas ar ríomh-víosa a dhéanamh ar-líne.

Molaimid go láidir do dhaoine gan taisteal chuig an limistéar teorann idir an Tuirc agus an tSiria agus an Iaráic toisc cúrsaí a bheith sách corraithe sa réigiún faoi láthair. Féach le do thoil an mhír Sábháilteachta agus Slándála ar an leathanach seo le tuilleadh eolais a fháil.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Tuirc nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an oiread is féidir leat a fhoghlaim faoin Tuirc sula dtugann tú faoin aistear.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Ní féidir an Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) a úsáid sa Tuirc.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin. Má bhíonn cóir leighis ag teastáil uait sa Tuirc, diailigh 12 chun teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí sláinte éigeandála.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann in Ankara nó leis na Consail Oinigh in Antalya, Izmir agus in Iostanbúl.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal  chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitiúil

Tá cúrsaí polaitiúla sa Tuirc sách socair ach coinnigh tú féin ar an eolas i gcónaí faoina bhfuil ar siúl thart timpeall ort trí shúil a choinneáil ar na meáin áitiúla agus  fanacht i dteagmháil le d’óstán nó le do thionscnóir turais.

Moltar go láidir do dhaoine gan taisteal chuig an limistéar teorann idir an Tuirc agus an tSiria i bhfianaise na corraíola atá sa réigiún i láthair na huaire.

Tá arm na Tuirce i mbun oibríochtaí feadh theorainn na Tuirce/na hIaráice agus moltar go láidir duit gan taisteal ar chor ar bith chuig cúigí teorann Hakkari, Siirt agus Sirnak.

Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí. Uaireanta féadfaidh siad a bheith achrannach. Glacfaidh na póilíní bearta ar nós úsáid deorgháis chun agóideoirí a smachtú. Fan amach ó láithreáin mhíleata – féadfaidh go mbeidh cosc ar ghrianghraif a ghlacadh d’ionaid mhíleata nó slándála agus d’fhoirgnimh phoiblí áirithe nó d’áiteanna taobh leo.

Sceimhlitheoireacht

Tá bagairt sách ard ón sceimhlitheoireacht ann i gcónaí sa Tuirc. In oirdheisceart na tíre is mó atá an fhadhb, ach le déanaí bhí ionsaithe buama i mórchathracha na Tuirce, lena n-áirítear Iostanbúl, Izmir agus Ankara. Cé gur in aghaidh fórsaí slándála áitiúla a bhí na hionsaithe is déanaí dírithe, agus ní ar thurasóirí, is amhlaidh a bhí ionsaithe fánacha i gceantair thurasóireachta agus i gcodanna eile den tír san am a caitheadh.

Is de chineál fánach neamh-idirdhealaitheach iad na hionsaithe sceimhlitheoireachta agus ní féidir iad a thuar roimh ré. Moltar duit a bheith cúramach, go háirithe in áiteanna poiblí a bhíonn á dtaithí ag eachtrannaigh.

Coiriúlacht

Is annamh a bhíonn coireanna foréigneacha á ndéanamh in aghaidh turasóirí sa Tuirc ach is minic a dhéantar robáil agus peasghadaíocht i mórcheantair thurasóireachta Iostanbúl. Bhí roinnt cásanna gadaíochta ann as árasáin i roinnt de na hionaid saoire feadh an chósta. Tabhair aird ar an gcomhairle  ón ionadaí tionscnóra áitiúil agat. Agus cibé áit a mbeidh tú, déan réamhchúram ciallmhar. 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Tuirc, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Agus féadfaidh tú dul i dteagmháil linn ag Ambasáid na hÉireann nó na Consail Oinigh má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Tuirc ba chóir duit a bheith an-chúramach.  Tá na caighdeáin sábháilteachta bóthair íseal, go háirithe lasmuigh de na cathracha agus na bailte móra. Tarlaíonn timpistí go minic agus is é is cúis leo go minic, drochthiomáint, feithiclí nach gcoinnítear caoi orthu agus drochshoilsiú. Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas cuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Tuirce, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí agus coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tacsaithe

In Iostanbúl, seachain tacsaithe a fháil ar thaobh na sráide agus ná húsáid ach tacsaithe a bheith ordaithe ag d’óstán nó na cinn sin a ordaítear díreach ó bhoth tacsaí.

 

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr Moslamach

Tír Ioslamach í an Tuirc agus ba chóir duit a bheith measúil ar thraidisiúin, nósanna, dlíthe agus creidimh áitiúla. Go hiondúil is ionann an gnás feistis sa Tuirc agus san Eoraip. Ba chóir duit a bheith gléasta go modhúil má thugann tú cuairt ar mhosc nó ar scrín chreidimh (bríste nó gúna fada agus ba chóir do mhná scaif a chaitheamh)

Ba cóir duit cead a iarraidh sula nglacann tú grianghraf daoine.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá diandlíthe ag an Tuirc in aghaidh drugaí neamhdhleathacha  a úsáid nó a shealbhú nó ar gháinneáil orthu. Sa chás go gciontófaí tú in aon cheann de na cionta sin, féadfaidh tú a bheith ag súil le fíneáil throm agus téarma príosúin suas go 15 bliana. Coinníonn an Ambasáid liosta dlíodóirí a bhfuil Béarla acu, ach ní féidir léi a bheith páirteach i gcásanna dlí.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal chun na Tuirce, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Comhairle Taistil Te Fuara

Crith Talún

Tá an-chuid áiteanna sa Tuirc lonnaithe i gcriosanna seismeacha gníomhacha, lena n-áirítear Iostanbúl agus ceantair cois cósta a dtugann turasóirí Éireannacha cuairt orthu.

Bhuail crith talún dar tomhas  7.2 ar scála Richter ceantar Van in oirthear na Tuirce ar an 28 Deireadh Fómhair 2011. Tuairiscíodh gur cailleadh breis agus 600 duine agus gur gortaíodh timpeall 2,300 duine.

Má tá tú ag taisteal chun na Tuirce nó i do chónaí ann, bí cinnte go bhfuil a fhios agat céard is ceart a dhéanamh i gcás crith talún agus lean comhairle na n-údarás áitiúil i gcónaí.

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Víosaí

Caithfidh gach saoránach de chuid na hÉireann víosa a bheith aige chun dul isteach sa Tuirc.

Má thugann tú cuairt ar an Tuirc mar thurasóir is féidir víosa turasóra (iontráil shingil) a bhíonn bailí ar feadh 90 lá a fháil ag aon phort iontrála sa Tuirc ar chostas 15 euro. Is féidir chomh maith iarratas a dhéanamh ar-líne ar ríomh-víosa sula gcuireann tú tús le do thuras ag https://www.evisa.gov.tr/en.

Is cóir do shaoránaigh de chuid na hÉireann a bheith ar an eolas nach mbeidh víosaí turasóireachta ar fáil níos mó ag pointí iontrála isteach sa Tuirc ón 10 Aibreán 2014. Má tá tú chun dul isteach sa Tuirc tar éis an dáta sin, caithfidh tú iarratas ar ríomh-víosa a dhéanamh ar-líne.

Is cóir do gach taistealaí eile chun na Tuirce teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Turcach is gaire dóibh sula dtugann siad a gcuairt chun a riachtanais víosa a shoiléiriú. Tá sonraí teagmhála d’Ambasáid na Tuirce i mBaile Átha Cliath le fáil ag http://dublin.emb.mfa.gov.tr/ContactInfo.aspx

Cead cónaithe turasóra

Más mian leat fanacht níos faide sa Tuirc mar thurasóir, áfach, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar chead cónaithe turasóra ó Roinn Póilíní na nEachtrannach i do limistéar cónaí áitiúil sa Tuirc. Féadfar an cead cónaithe turasóra nua a dheonú ar feadh cónaí uasta sé mhí. Naoi mí comhleanúnacha an tréimhse uasta ama a cheadaítear duit fanacht sa Tuirc mar thurasóir.

Cead cónaithe

Más mian leat a bheith ag staidéar, ag obair nó ag fanacht níos faide ná 90 lá sa Tuirc, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an víosa cuí agus/nó ar an cead cónaithe cuí ó údaráis na Tuirce. Tá ceadanna cónaithe ar fáil saor in aisce do shaoránaigh Éireannacha, cé go mb’fhéidir go gcaithfidh tú íoc as an leabhrán ceada cónaithe. Ba chóir iarratais agus iarrataí ar a thuilleadh eolais a sheoladh chuig Brainse na nEachtrannach de do stáisiún póilíní áitiúil nó chuig an Ambasáid nó an Chonsalacht de chuid na Tuirce is gaire duit. Ní bhíonn ceadanna cónaithe ar fáil saor in aisce ag gach on náisiúnach eachtrannach, agus dá réir sin féadfaidh go mbeidh ort seasamh air gurb amhlaidh go bhfuil i do chás féin  agus iarratas á dhéanamh agat ar chead.

Fanacht níos faide ná tréimhse an víosa

Má fhanann tú níos faide ná tréimhse do víosa, féadfaidh go ngearrfar fíneálacha troma agus/nó cosc ar athiontráil sa Tuirc ort go ceann tréimhse cúig bliana ar a mhéid, ag brath ar a fhaide a d’fhan tú thar thréimhse do víosa, agus beidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa ón Ambasáid nó ón gConsalacht de chuid na Tuirce is gaire duit sula bhfillfidh tú ar an Tuirc, Má fhágann tú an Tuirc gan an fhíneáil iomchuí a íoc, leanfaidh sé as sin go mbeidh cosc uathoibríoch cúig bliana ar athiontráil.

Maidir leis na ceanglais víosa do shaoránaigh Éireannacha is ábhar é sin d’údaráis inimirce na Tuirce agus ní thig le hAmbasáid na hÉireann aon idirghabháil a dhéanamh i gcásanna aonair a bhaineann le víosaí agus fanacht níos faide ná an tréimhse cheadaithe.

Pasanna taidhleoireachta nó oifigiúla

Sa chás go mbeidh tú ag taisteal chun na Tuirce ar phas taidhleoireachta nó pas oifigiúil, ní mór duit víosa a fháil ó Ambasáid na Tuirce i mBaile Átha Cliath. Is ceanglas dlíthiúil é seo a chuirtear i bhfeidhm go daingean agus diúltófar cead isteach sa Tuirc do dhaoine gan an víosa cuí a bheith acu.

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith leat gach aon tráth.

Sláinte

Má bhíonn cóir leighis ag teastáil uait le linn thréimhse do chónaí, diailigh 112 agus téigh i dteagmháil leis na seirbhísí sláinte éigeandála.

Féach leat liosta praghsanna ar chóir leighis in ospidéil phoiblí d’eachtrannaigh sa Tuirc.

Uisce

Bhí ceisteanna ann i dtaobh cháilíocht an uisce sa Tuirc agus moltar do chuairteoirí uisce buidéil a úsáid cibé uair is féidir.

Maoin a cheannach

Má tá sé beartaithe agat maoin a cheannach sa Tuirc, moltar go láidir duit dul i gcomhairle le comhairleoir dlí neamhspleách ó thús an phróisis. Tá difríocht shuntasach idir na nósanna imeachta a bhaineann le maoin a cheannach  agus na nósanna atá in Éirinn agus comhairlítear d’infheisteoirí miontaighde a dhéanamh faoin scéal roimh dhul i mbun aon chomhaontú a dhéanamh.

D’fhonn comhairle ghinearálta a fháil faoi cheannach maoine sa Tuirc, seiceáil Turkish Ministry for Foreign Affairs Guidance for Foreigners.