DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Bairéin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Bairéin

Má tá tú ag taisteal go Bairéin, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Bhairéin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Bhairéin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i mBairéin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, má tá cabhair  uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Riyadh san Araib Shádach.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál fadhb atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitíochta

Moltar do náisiúnaigh Éireannacha i mBairéin leibhéal ard feasachta a bheith ach maidir le slándáil go háirithe in áiteanna poiblí agus ar na bóithre.  Seachain sluaite agus léirsithe, agus má thagann tú ar aon ábhair amhrasacha, seachain teagmháil a dhéanamh leo agus cuir na húdaráis áitiúla ar an eolas láithreach. Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, óstán nó do thionscnóir turas.

Léirsithe

D’fhógair údaráis Bhairéin toirmeasc ar léirsithe agus tionóil phoiblí i mí Dheireadh Fómhair 2012, ach táthar ag leanúint le léirsithe feadh codanna éagsúla de Bhairéin, agus is féidir leo a bheith foréigneach. D’fhéadfadh teannas a bheith i gceist ag tionóil chráifeacha freisin. Moltar duit meas a léiriú don toirmeasc ar léirsithe agus tionóil phoiblí, agus sluaite agus gach léirsiú a sheachaint.

Táthar ag súil go dtiocfaidh ardú ar an líon léirsithe. D’fhéadfaí iarracht a dhéanamh cur isteach ar an trácht, dul i mbun agóide i sráidbhailte agus in aice le hionaid eacnamaíochta, boinn feithiclí a dhó, buamaí peitril a chaitheamh agus gairis phléascach seiftithe a úsáid. D’fhéadfadh caismirtí a bheith ann idir fórsaí slándála an rialtais agus lucht agóide.

Cúrsaí slándála

Chomh maith le léirsithe rialta, tá oibríochtaí slándála rialtais ar siúl i gcónaí agus tá cuirfiú mara i bhfeidhm ar na huiscí timpeall ar Bhairéin idir 6pm agus 4am. Moltar go láidir duit cloí leis an gcuirfiú. Roimhe seo, rinneadh árthaí a chuaigh isteach i gcodanna íogaire den Mhurascaill a choinneáil agus rinneadh cigireacht orthu, agus gabhadh daoine uaireanta.

Sceimhlitheoireacht

Bíonn formhór na gcuairteanna ar Bhairéin saor ó thrioblóid. Mar sin féin, ba chóir duit a bheith feasach ar an mbaol ó sceimhlitheoireacht sa réigiúin i gcoitinne. D'fhéadfadh ionsaithe a bheith neamh-idirdhealaitheach, agus dírithe ar leasanna an Iarthair, mar atá tarlaithe in áiteanna eile sa Mheánoirthear.

Moltar duit a bheith thar a bheith aireach faoi láthair mar gur thángthas ar thaiscí pléascán agus arm i mí na Nollag 2013, agus gur maraíodh daoine nuair a phléasc buama ar mhórbhealach Budaiya an 3 Márta 2014, agus nuair a phléasc buama eile in Eker Thoir an 4 Iúil 2014.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal i mBairéin ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coir a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i mBairéin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Riyadh má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i mBairéin, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Is féidir leis a bheith contúirteach tiomáint mar gheall ar chleachtais tiomána chontúirteacha, ainmhithe ag siúl agus gaineamh aistreach, agus is féidir le tiomáint easbhóthair a bheith fíor-chontúirteach. Déan cinnte i gcónaí go bhfuil deá-chothabháil déanta ar d’fheithicil agus go bhfuil sé lánfheistithe. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach agus/nó do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Ní ghlactar in aon chor le tiomáint faoi thionchar an óil ná drugaí. Tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Bhairéin, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Cé go bhfuil taisteal ar na príomhbhealaí i mBairéin ar ais ina cheart, tá seicphointí ag póilíní feadh na bpríomh-mhórbhealaí ach tá líon na seicphointí sin laghdaithe

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Alcól

Tá sé in aghaidh an dlí d'aon Mhoslamach deoch meisciúil a cheannach ó ionaid mhiondíola.

Cultúr áitiúil

Is stát réasúnta liobrálach é Bairéin i gcomparáid le tíortha eile sa réigiún, ach tá go leor de mhuintir Bhairéin coimeádach agus ceapann siad go bhfuil sé gránna gan mórán éadaí a chaitheamh nó a bheith i mbun iompraíocht ainmheasartha go poiblí. Is fearr éadaí coimeádacha a chaitheamh, ach amháin laistigh d'óstáin nó clubanna, ar a laghad go mbeidh a fhios agat do bhealach timpeall na háite, agus seachain gean a thaispeáint go poiblí.

D’fhéadfadh óstáin cóiríocht a dhiúltú do lánúin nach bhfuil in ann a chruthú go bhfuil siad pósta.

Cultúr Moslamach

Is tír Mhoslamach é Bairéin, bí cinnte meas iomlán a léiriú do ghnásanna creidimh agus sóisialta, go háirithe le linn Ramadan chomh maith le linn féilte creidimh eile nuair a d’fhéadfadh bratacha agus meirgí dubha le feiceáil. Coimeádann muintir Bhairéin roinnt comórthaí creidimh nach ndéantar a cheiliúradh i dtíortha Murascaille eile b’fhéidir.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas neamhdhleathach i mBairéin. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Táirgí faoi chosc

Níor chóir duit DVDanna a thabhairt isteach sa tír, mar d’fhéadfaí iad a choinneáil ar an aerfort a shroicheadh duit.

Gníomhaíochtaí gnó

Má tá baint agat le díospóidí le cuideachtaí nó daoine aonair de chuid Bhairéin, d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfí cosc ort an tír a fhágáil nó go mbeidh réiteach ar an díospóid.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal go Bairéin, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir 
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Embassy contact

Embassy Contact

If you are an Irish citizen and require emergency out of hours assistance you can contact the Duty Officer at +966 550 543 386.

Embassy of Ireland
Diplomatic Quarter
P.O. Box 94349
Riyadh 11693
Saudi Arabia

Tel: +966 11 4882300

Sunday to Thursday 09:00-11:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Abdullah Buhindi
Honorary Consulate of Ireland
Irish Consulate
Mezzanine Floor, Seef Palms 2,
Seef District,
P.O. Box 2244, Manama
Kingdom of Bahrain

Tel: + 973 1 772 8146
Tel: + 973 1 772 8555
Fax: + 973 1 772 8400

Email: Email us