Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Catar

Má tá tú ag taisteal go Catar, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt go Catar, moltar duit a bheith cúramach.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Chatar nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Chatar sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i gCatar, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann in Abú Daibí má tá cabhair uait.  

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Bí ar an eolas faoin mbaol ó sceimhlitheoireacht sa réigiúin i gcoitinne. D’fhéadfadh ionsaithe a bheith neamh-idirdhealaitheach, agus in aghaidh leasanna an Iarthair.

Coiriúlacht

Bíonn formhór na dturas go Catar saor ó thrioblóid agus tá ráta coiriúlachta sách íseal ann. Ba chóir duit gnáth-réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i gCatar, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann Abú Daibí má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i gCatar, ba chóir duit a bheith cúramach. Níl caighdeáin tiomána go maith. Tá ainmhithe ar fánaíocht agus gainimh aistreach ina nguaiseacha breise ar an mbóthar. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Ní ghlactar in aon chor le tiomáint faoi thionchar an óil i gCatar. Féadfar ciontóirí a choinneáil, féadfar fíneáil a ghearradh orthu agus iad a thoirmeasc ó bheith ag tiomáint
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Chatar, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí

Tiomáint eisbhóthair

Tá tiomáint eisbhóthair, go háirithe turais san fhásach, in ann a bheith contúirteach, mura bhfuil feithicle 4x4 lánfheistithe agus dea-chothabháilte agat. Taistil i gconbhua le carranna eile, bíodh soláthar uisce agus fón póca agat agus inis do phleananna taistil do chairde nó gaolta.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Cultúr Moslamach

Is tír Mhoslamach é Catar agus cuirtear dlí Ioslamach i bhfeidhm ann. Ba chóir duit meas a léiriú le do chuid éadaí, bí cúirtéiseach agus bí measúil ar nósanna agus íogaireachtaí áitiúla.

Alcól

Tá sé in aghaidh an dlí alcól a ól nó a bheith ar meisce go poiblí i gCatar, agus áirítear ar phionóis téarma príosúin nó ionnarbadh. Tá alcól ar fáil, áfach, ag bialanna agus beáir cheadúnaithe in óstáin, agus féadfaidh easaoránaigh atá ina gcónaí i gCatar alcól a fháil trí chóras ceada. Níor chóir duit alcól a bheith ar iompar agat, lena n-áirítear i do charr (seachas é a thógáil abhaile nuair a bhailíonn tú é ón stór).  

Drugaí neamhdhleathacha

Tá na pionóis as drugaí a bheith i do sheilbh nó a thrádáil dian, go minic is téarmaí príosúin a bhíonn i gceist.

Táirgí faoi chosc

Tá sé toirmiscthe támhshuanaigh, alcól, pornagrafaíocht, táirgí muiceola agus ábhar agus leabhair chráifeacha a allmhairiú. Tá DVDanna agus físeáin faoi réir ag grinnscrúdú agus d'fhéadfaí cinsireacht a dhéanamh orthu.

Iompraíocht ghnéasach

Tá iompraíocht homaighnéasach neamhdhleathach i gCatar. D’fhéadfadh gabháil leanúint as aon dlúthchaidreamh idir fir agus mná (lena n-áirítear déagóirí).

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal go Catar, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir 
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Comhairle Taistil Te Fuara

Aeráid

Tá an aeráid i gCatar te agus tirim an chuid is mó den bhliain. Ba chóir duit réamhchúram cuí a dhéanamh le dó gréine agus díhiodráitiú a sheachaint. Ná déan dearmad gur cion atá ann a bheith ag ithe agus ag ól go poiblí idir éirí agus luí na gréine le linn Ramadan.

Stoirmeacha gainimh

Bíonn corr stoirm ghainimh ann agus cé go gcuireann siad isteach ar infheictheacht, de ghnáth ní bhíonn siad chomh dona sin is go gcuireann siad isteach ar an saol ó lá go lá.

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Chatar, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid Chatar i Londain.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal go Catar. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Coróinvíreas nua

Tuairiscíodh 40 cás de choróinvíreas nua ar fud an domhain i mBealtaine 2013, lena n-áirítear 20 bás. Tá baint ag na cásanna le taisteal i Leithinis na hAraibe agus an Iordáin. Ní mholann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte aon srianta taistil ná trádála i ndáil le coróinvíris nua. Mar sin féin, má tá tú ag taisteal go Leithinis na hAraibe agus na tíortha máguaird, bí ar an eolas go bhfuil baol beag ionfhabhtaithe i gceist. Cloígh le dea-chleachtas sláinteachais, lena n-áirítear lámha a ní le gallúnach agus uisce tar éis teagmháil le hainmhithe. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Ionad Faire um Chosaint Sláinte.

Tuilleadh comhairle taistil

Mar gheall nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht againn i gCatar, ní féidir linn comhairle taistil cothrom le dáta a thabhairt. Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar na haireachtaí eachtracha seo a leanas, áfach, chun eolas níos mionsonraithe a fháil: