DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Cósta Ríce, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Cósta Ríce

Má tá tú ag taisteal go Cósta Ríce, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus slándáil
  • Dlíthe agus gnásanna áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Níl theastaíonn víosaí ó shaoránaigh Éireannacha chun teacht isteach i gCósta Ríce le haghaidh turasóireachta ar feadh suas go 90 lá. 

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig Cósta Ríce, agus ba cheart do phasanna Éireannacha a bheith bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí. Ní féidir paschártaí a úsáid.

De ghnáth, tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí an Mheithimh go mí na Samhna. Ba cheart duit monatóireacht a dhéanamh ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta ón Eagraíocht Mheitéareolaíochta Dhomhanda agus ó Ionad Náisiúnta Hairicíní na Stát Aontaithe. Tá 16 bholcán i gCósta Ríce, agus meastar go bhfuil cuid mhaith acu gníomhach.

Moltar do chuairteoirí chuig Cósta Ríce treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh Ambasáid na hÉireann i Meicsiceo a leanúint ar mheáin shóisialta Twitter @IrishEmbMexico agus Facebook chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Maidir le comhairle turasóireachta, lena n-áirítear comhairle ar lóistín agus taisteal, cuir glaoch ar +506-2299-5827 nó trí WhatsApp ar +506-8628-3247.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i gCósta Ríce ach scairt a chur ar 911. I measc na n-uimhreacha éigeandála ar leith tá:

  • Cás Éigeandála do na Póilíní - 911;
  • Otharcharr - 911 nó 128;
  • An tSeirbhís Dóiteáin - 911 nó 118;
  • Seirbhís Imscrúdaithe na bPóilíní - 911 nó 2221-5337.

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

 Ós rud é nach bhfuil Ambasáid na hÉireann i gCósta Ríce, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus slándáil

Sábháilteacht agus slándáil

Slándáil Ghinearálta

Ba cheart duit a bheith faireach agus ar an airdeall, lena n-áirítear úsáid na n-Uathmheaisíní Bainc. Goidtear pasanna agus earraí pearsanta eile go rialta. Ba cheart duit a bheith ar an airdeall go háirithe nuair atá tú ar an trá agus ag taisteal ar chórais iompair phoiblí de bharr gurbh fhéidir go ngoidfí málaí a fhágtar sna hurranna os do chionn.

Ná húsáid ach tacsaithe oifigiúla agus seachain limistéir nach bhfuil soilsiú maith iontu chomh maith le limistéir iargúlta.

Bí cúramach agus deochanna á gceannach agat a bhfuil biotáille iontu mar go raibh roinnt cásanna de thinnis thromchúiseach nó báis ann de bharr deochanna alcólacha ina raibh meatánól. Má léiríonn tú féin, nó duine éigin a bhfuil tú ag taisteal leo, comharthaí de nimhiú meatánóil de bharr alcóil (lena n-áirítear tinneas cinn, meadhrán, masmas agus urlacan), lorg cóir leighis láithreach.

Séasúr na hairicíní 

Tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí Iúil go mí na Samhna go hiondúil sa Mhuir Chairib. Ba cheart duit an-aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta chomh maith le comhairle a leanúint ó na húdaráis áitiúla. Déan monatóireacht i gcónaí ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar shuíomh gréasáin Ionad Hairicíní Idirnáisiúnta de chuid SAM.

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Ná bí rannpháirteach i gcúrsaí drugaí d’aon saghas ar shlí ar bith. Baineann tromphionóis le cionta drugaí i gCósta Ríce, agus pianbhreitheanna an-fhada ag gabháil le ciontuithe as drugaí a bheith i do sheilbh nó gáinneáil ar dhrugaí.

Sláinte

Sláinte

Déan gach réamhchúram i dtaca le Covid-19. Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo agus téigh i dteagmháil leis faoi aon imní eile a bhaineann le sláinte.

Tá cúram leighis i gCósta Ríce ar chaighdeán maith go ginearálta ach d’fhéadfadh sé a athrú, go háirithe i limistéir iargúlta. Cinntigh go bhfuil árachas taistil agus sláinte leordhóthanach agat chomh maith le rochtain ar airgead chun costas d’aon chóir leighis a chumhdach. Má theastaíonn cóir leighis uait, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh go pras le do sholáthraí cúram sláinte.

Má tá cóir leighis éigeandála de dhíth ort le linn do thurais, cuir scairt ar 911 agus iarr otharcharr orthu.

Eolas Breise

Eolas Breise

Níl theastaíonn víosaí ó shaoránaigh Éireannacha chun teacht isteach i gCósta Ríce le haghaidh turasóireachta ar feadh suas go 90 lá. 

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig Cósta Ríce, agus ba cheart do phasanna Éireannacha a bheith bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Tá na húdaráis inimirce dian maidir le heachtrannaigh a d'fhan rófhada. Is féidir fíneálacha de $100 in aghaidh na míosa de ró-fhanacht agus srianta ar fhilleadh a chur i bhfeidhm faoin dlí áitiúil.

Tá cáin imeachta de $29 i bhfeidhm, a bhíonn mar chuid de do thicéad aerlíne de ghnáth.

 

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance on weekends and public holidays.

If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +52 55 5520 5803.

Embassy of Ireland
Goldsmith 53
Piso 4
Polanco
Miguel Hidalgo,
Ciudad de México,
México

Tel: +52 55 5520 5803

Monday to Friday 09:30 to 13:30

Contact us