Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Cúba

Má tá tú ag taisteal go Cúba, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Faigh árachas taistil agus liachta

Sula rachaidh tú go Cúba, ní mór duit árachas taistil cuimsitheach a bheith agat a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, ar feadh do chuairte iomlán. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

Ós rud é go bhfuil árachas taistil cuimsitheach riachtanach i gCúba, beidh ort cóip de do chuid árachais a thaispeáint nuair a thiocfaidh tú ann. I gcásanna eisceachtúla is féidir polasaí a fháil ó chuideachtaí árachais Chúba ag d’áit iontrála. Téigh chuig láithreán gréasáin Aireacht Eachtrach Chúba (i Spáinnis) le haghaidh tuilleadh eolais.

Ná déan dearmad nach féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt ar Chúba, moltar duit réamhchúram a dhéanamh.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Chúba nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Chúba sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i gCúba, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo i Meicsiceo má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht i gCúba íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Bíonn formhór na gcuairteanna ar Chúba saor ó thrioblóid atá tá an ráta coiriúlachta ag dul i méid agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Rud a tharlaíonn go coitianta is ea go ngoidtear nithe ó mhálaí taistil agus bagáiste á láimhseáil in aerfoirt nuair a thagann agus sula n-imíonn eitiltí. Ba chóir duit na nithe luachmhara uile a thógáil amach, na cásanna a chur faoi ghlas agus smaoinigh iad a chrapchlúdach roimh sheiceáil isteach.

Tarlaíonn mionchoiriúlacht mar pheasghadaíocht agus goid málaí, go háirithe ar iompar poiblí, ar bhusanna idirchathracha agus i mórcheantair turasóireachta mar Shean-Havana, El Centro, Vedado agus an Malecon, chomh maith le tránna Playa de Este agus Varedero. Ba chóir duit na réamhchúraim riachtanacha a dhéanamh má tá tú i Centro Havana san oíche agus tóg tacsaí go dtí do chuid cóiríochta seachas siúl ann, fiú mura bhfuil sé ach cúpla bloc uait.

Tarlaíonn gadaíocht ó chóiríocht óstáin agus tithe lóistín. Moltar duit a chinntiú go bhfuil nithe luachmhara á gcoimeád slán agus cúram a dhéanamh i gcónaí.

Coiriúlacht thromchúiseach

Tá líon na n-eachtraí coiriúlachta agus mugála i Havana, Santiago agus i gceantair eile nach mbíonn an oiread turasóirí iontu ag dul i méid. Tá eachtrannaigh le carranna fruilithe ionsaithe trí phoill a chur ar bhoinn d'aon ghnó agus ag síobairí bréige. Ná tabhair síob do dhaoine. Má thagann poll ar bhonn in áit uaigneach, tiomáin ar aghaidh ar feadh roinnt ciliméadar, b'fhearr duit dul chomh fada le baile, sula stopfaidh tú.

Pas caillte nó goidte

Coinnigh do chuid cáipéisí taistil slán i gcónaí mar má chailltear nó má ghoidtear do phas, tá sé in ann suas le dhá sheachtain ceann athsholáthair a fháil. Coinnigh fótachóipeanna de do phas mar go mbeidh sé níos éasca pas athsholáthair a fháil má bhíonn tú in ann cóip den cheann a cailleadh nó a goideadh a chur ar fáil.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i gCúba, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i gCúba, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá caighdeáin thiomána athraitheach. Ní choinnítear feithiclí i riocht maith, feithiclí iompair phoiblí san áireamh, agus tá drochsholas agus droch-chomharthaíocht ar bhóithre. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Chúba, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Fainic rothaithe, linntreoga agus carranna a stopann gan choinne le síobairí a phiocadh suas

Timpistí tráchta

Is dócha go mbeidh tú faoi choinneáil má bhíonn baint agat le timpiste, is cuma cé is cúis leis. Má tharlaíonn timpiste tráchta ina maraítear nó ina ngortaítear duine, d'fhéadfadh imscrúdú na bpóilíní roinnt míonna a thógáil, agus de ghnáth ní ligtear don tiománaí Cúba a fhágáil lena linn sin. D’fhéadfaí an tiománaí a chur i bpríosún le linn na moille sin i roinnt cásanna.

Iompar Poiblí

  • Ná húsáid ach tionscnóirí turas bunaithe agus tacsaithe rialáilte
  • Seachain móipéidí nó Coco-Tacsaithe a úsáid le taisteal timpeall Chúba

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

Caithfidh tú céannacht phearsanta ar nós pas a bheith ar iompar agat an t-am ar fad i gCúba, agus d’fheadfaí tú a chur faoi choinneáil mura bhféadfaidh tú a thaispeáint do na húdaráis nuair a iarrtar é. Moltar duit fótachóipeanna de na leathanaigh ábhartha i do phas a bheith ar iompar agat agus an pas bunaidh a choimeád in áit shábháilte.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá Cúba á úsáid níos mó agus níos mó mar thír idirthurais do dhrugaí atá ar a mbealach chun na hEorpa. Faoi dhlí Chúba, féadfar pionós an bháis a ghearradh agus tá pionóis ghéara á ngearradh sna cúirteanna (níos mó ná fiche bliain) maidir le gach cion a bhaineann le drugaí. Seachain aon teagmháil le drugaí coiscthe. Pacáil do chuid málaí taistil uile tú féin agus ná déan nithe nach leat iad a iompar isteach ná amach as an tír.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal go Cúba, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir 
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Comhairle Taistil Te Fuara

Spéirlingí

Maireann an séasúr spéirlingí i gCúba ó Mheitheamh go deireadh na Samhna. D’fhéadfaí cur isteach ar iompar, fóntais, cúram éigeandála agus liachta, chomh maith le soláthairtí bia, breosla agus uisce le linn an ama sin. Déan monatóireacht ag nuashonruithe aimsire don réigiún, idir áitiúil agus idirnáisiúnta, trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar láithreán gréasáin Ionad Spéirlingí Náisiúnta na Stát Aontaithe.

Má tá sé i gceist agat taisteal go Cúba sa séasúr spéirlingí, fág cóip mhionsonraithe de do chuid pleananna taistil le duine den teaghlach nó le cara. Ba chóir duit clárú freisin le hAmbasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo.

I gcás  spéirling a bheith ag déanamh ar Chúba, d'fhéadfadh moill a bheith eitiltí isteach agus amach as an tír nó go gcuirfí ar fionraí iad agus de bhrí go bhfhéadfadh eitiltí a bheadh ar fáil líonadh suas go tapa déan teagmháil le d’aerlíne don eolas is déanaí maidir le heitiltí a fháil. 

D’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag spéirling ar rochtain ar chalafoirt sa réigiún.

D'fhéadfadh nach mbeadh dídean leordhóthanach ó dhrochspéirling ar fáil  i roinnt ceantar dóibh siúd a shocraíonn fanacht. Ba chóir duit eolas a chur ar pleananna aslonnaithe d’óstáin nó long cúrsála agus do dhídean áitiúil a fháil amach. Bíodh do chuid cáipéisí taistil ar iompar agat i gcónaí (i.e. pas, pictiúir chéannachta) nó cuir i dtaisce iad in áit shábháilte agus uiscedhíonach. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le cairde nó daoine den teaghlach in Éirinn le cur in iúl dóibh go bhfuil tú sábháilte.