DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Guine Bissau, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Guine Bissau

Má tá tú ag taisteal go Guine Bissau, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun Guine Bissau

Ceanglaítear ar na paisinéirí ar fad atá ag teacht isteach nó ag fágáil Ghuine Bissau ceann amháin de na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

  • Cruthúnas bailí ar vacsaíniú agus ar a laghad dhá dháileog (ceadaítear Teastas Digiteach Covid an Aontais Eorpaigh), ar a laghad ceithre seachtaine ó tugadh an dara dáileog;
  • Toradh diúltach ar thástáil PCR a rinneadh níos lú ná 72 uair an chloig roimh thús d’aistir;
  • Teastas téarnaimh bailí.

Comhairle Taistil Ghinearálta 

Tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha comhairle chun an méid a leanas a dhéanamh:

  • Taisteal nach bhfuil riachtanach a sheachaint chun cuid iarthuaisceart na tíre atá ag roinnt teorann le réigiún an Casamance in Seineagáil de bharr go bhféadfaidh mianaigh talún a bheith ann sa limistéar fós mar thoradh ar choinbhleacht armtha le déanaí.
  • Gan taisteal chun an limistéar laistigh 20 km ón teorainn le Seineagáil, lena n-áirítear an bóthar ó São Domingos go Mpack, Seineagáil. 

I bhfianaise na féidearthachta do rioscaí ar chosaint phearsanta, ba cheart agóidí, léirsithe agus bailiúcháin mhóra phoiblí a sheachaint. Coimeád súil ar thuairiscí áitiúla nuachta le haghaidh eolais ar léirsithe agus i gcás aon chorraíl shóisialta, ba cheart duit comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

D’fhéadfaí gá a bheith le réamhchúraimí breise. Ná taisteal ach amháin i rith uaireanta an lae agus seachain seoda a thógáil leat, chomh maith le suimeanna móra airgid nó earraí luachmhaire eile.

Tá sé riachtanach go mbíonn tú cumhdaithe le hárachas taistil cuimsitheach ar feadh ré d’fhanachta i nGuine Bissau.

Aicmítear Guine Bissau fós mar tír a bhfuil riosca thraschur an víris Zika aici. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalach Éireannach i nGuine Bissau, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair de dhíth ort, áfach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Liospóin  nó leis an Oifigeach ar Dualgas sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 (0)1 408 2000.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.

D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.

Pasanna

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun Beinin agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
  • Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Éireannach i Liospóin chun a fháil amach cad is gá duit a dhéanamh chun doiciméad taistil nua a fháil.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 00 351 213308200, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly.

Alternatively, you can call the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs at 00353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Avenida da Liberdade 200, 4th Floor
1250-147 Lisboa
Portugal

Tel: +351 21 330 8200
Fax: +351 21 397 7363

Monday to Friday 09:30-12:30

Contact us