DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Háítí, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Háítí

Má tá tú ag taisteal go Háítí, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Háítí nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Níl Ambasáid ná Consalacht ag Éire i Háítí agus mar sin ní féidir linn comhairle taistil mhionsonraithe a fhíorú lena chinntiú go bhfuil sí cruinn, cuí agus cothrom le dáta.

Is féidir leat do chuid taighde féin a dhéanamh, áfach; tá naisc chuig tuilleadh comhairle taistil ó aireachtaí eachtracha eile le fáil sa rannán Eolas Breise.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i Háítí, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.

Áitiúil

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tharlaíonn éigeandáil nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tá cúrsaí slándála i Háítí éiginnte. Tá rudaí in ann dul in olcas go tapa agus is féidir le eachtraí contúirteacha tarlú. Ba chóir duit léirsithe agus tionóil phoiblí a sheachaint, atá in ann éirí achrannach uaireanta, agus bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, nó le d’óstán. 

Fuadach

D’fhéadfaí náisiúnaigh eachtracha a fhuadach agus dá bhrí sin ba chóir duit a bheith cúramach agus tú ag taisteal i Háítí:

  • Faigh comhairle ó do theagmhálacha áitiúla maidir le coinneáil sábháilte
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe idir chathracha
  • Seachain taisteal asat féin
  • Déan cinnte go bhfuil doirse uile an chairr faoi ghlas agus tú ag tiomáint
  • Athraigh na bealaí a thógann tú agus na hamanna a fhágann tú – seachain patrúin a d’fhéadfaí a rianú
  • Tabhair aird ghéar ar na meáin áitiúla do thuairiscí do ghníomhaíochtaí fuadaigh

Coiriúlacht

Tá baol ard coiriúlachta i Háítí, lena n-áirítear robálacha armtha, buirgléireacht, ionsaithe ar fheithiclí agus dúnmharú. Ba chóir duit a bheith ar an airdeall agus tú ag taisteal go Háítí nó laistigh de agus lean roinnt treoracha sábháilteachta bunúsacha:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Háítí, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil uile agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Séasúr Spéirlingí

De ghnáth maireann an séasúr spéirlingí ó Mheitheamh go Samhain. Ba chóir do thaistealaithe aird ghéar a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Háítí, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid Háítí.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Háítí.

Embassy contact

Embassy Contact

Please contact our Consular Assistance Unit if you need guidance on the nearest assistance and we will help you as best we can.

Our number is: +353 1408 2000.

Department of Foreign Affairs
Iveagh House
80 St Stephen’s Green
Dublin 2
D02 VY53

Tel: + 353 (0) 1 408 2000

24 hours a day, 7 days a week

Contact us