DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Iosrael agus na Críocha faoi Fhorghabháil, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Iosrael agus na Críocha faoi Fhorghabháil

Má tá tú ag taisteal go hIosrael agus na Críocha faoi Fhorghabháil, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná taistil

Foláireamh Taistil is Déanaí

Má tá tú ag taisteal go hIosrael agus chun na críche Palaistíní faoi fhorghabháil, coinnigh cothrom le dáta ó thaobh forbairtí a léireoidh go bhfuil tús curtha le coimhlint mhíleata réigiúnach agus déan do phleananna taistil dá réir sin.

Iosrael

Ar an 27 Lúnasa 2014, thángthas ar chomhaontú maidir le sos comhraic ar feadh tréimhse éiginnte, a chuir deireadh le tréimhse lámhaigh roicéad athnuaite ó Ghaza, tréimhse a mhair ar feadh naoi lá, tar éis cliseadh ar idirbheartaíocht a bhí ar bun níos luaithe. Cé gur údar dóchais é go bhfuil an sos comhraic fós i bhfeidhm, moltar an chomhairle seo a scrúdú go rialta ar fhaitíos go dtiocfadh aon athrú ar chúrsaí sa limistéar sin.

Stráice Gaza

Níl aon chinnteacht ag baint le cúrsaí i nGaza agus moltar go láidir gan taisteal chuig Stráice Gaza, agus chuig na limistéir go léir atá cóngarach dó. Go dtí go mbainfear tréimhse síochána amach, molaimid gan taisteal i bhfoisceacht 40 ciliméadar de Ghaza; bheadh Gaza ar an limistéar is mó buailte in Iosrael dá gcuirfí tús leis an gcoimhlint arís. Sa chás go mbeadh cúis láidir le taisteal chuig an réigiún seo, tá géarghá le bheith an-airdeallach.

Cé go bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí rochtana, tá stráice Gaza fós faoi imshuí. Molaimid gan aon iarracht a dhéanamh Gaza a shroicheadh ón bhfarraige, nó seoltóireacht sna huiscí atá amach ó chósta Gaza.

An Bhruach Thiar agus Iarúsailéim

Ta cúrsaí in Iarúsailéim agus sa Bhruach Thiar fós an-teann agus tá ardbhaol léirsithe ann agus foirmeacha corraíola sibhialta eile i gcóngaracht na lonnaíochtaí Iosraelacha ach go háirithe. Tá teannas le sonrú chomh maith ag na seicphointí, ag na campaí dídeanaithe agus sna ceantair eile in Oirthear Iarúsailéim. Ta cosc ar rochtain i bhfeidhm i roinnt ceantar sa Bhruach Thiar agus in Oirthear Iarúsailéim, agus moltar go láidir a bheith airdeallach. Moltar gan taisteal taobh istigh den Bhruach Thiar ach le linn uaireanta an lae más féidir.

Ta cúrsaí in Iarúsailéim imithe chun donachta le gairid agus moltar, mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, an córas iompair poiblí a sheachaint i bhfabhar tacsaithe agus busanna tointeála. Rinneadh roinnt ionsaithe ar an gcóras iompair poiblí le gairid. Moltar a bheith an-aireach agus cuairt á thabhairt ar Sheanchathair Iarúsailéim agus ar na ceantair máguaird.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Iosrael agus an Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Iosrael agus na Críocha faoi Fhorghabháil sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Tel Aviv.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Gaza

Má bhíonn cúnamh consalachta uait agus tú i nGaza, ba chóir a bheith ar an eolas, mar gheall ar riachtanais Iosrael, go gceanglaítear ar bhaill foirne taidhleoireachta/consalachta fógra 5 lá oibre a thabhairt más mian leo cuairt a thabhairt ar an limistéar. Níl aon ráthaíocht ann go dtabharfar cead fiú má chloítear leis an teorainn ama sin. Ina theannta sin, is annamh a tarscaoileadh riail an AE a chuireann bac le teagmháil leis na húdaráis de facto i nGaza agus is i gcás éigeandála amháin a tharla sin.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl Shóisialta

Tá feabhas mór tagtha ar chúrsaí slándála sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil le blianta beaga anuas, ach ciallaíonn áitiú na nIosraelach ar chríocha Palaistíneacha go bhfuil teannas leanúnach ann. Toisc an teannas sin agus toisc gur féidir le cúrsaí dul in olcas go tobann, moltar duit a bheith an-chúramach.

Seiceáil an comhairle taistil go rialta agus cláraigh le Ambasáid na hÉireann i Tel Aviv nó leis an Oifig Ionadaíochta i Ramallah roimh thaisteal duit. Is láithreacha móra turasóireachta iad Iarthar Iarúsailéim agus Oirthear Iarúsailéim faoi fhorghabháil, lena n-áirítear Seanchathair Iarúsailéim, agus ba chóir duit a bheith an-chúramach agus iompar poiblí sna limistéir sin a sheachaint.

Seachain cruinnithe móra daoine nó léirsithe sa Seanchathair, in Iarthar agus in Oirthear Iarúsailéim agus sa chuid eile den Bhruach Thiar.

Coiriúlacht

Tá rátaí réasúnta íseal coiriúlachta in Iosrael agus sa Chríoch Phalaistíneach faoi  Fhorghabháil ach mar sin féin, ní mór duit réamhchúraimí ciallmhara a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú in Iosrael agus sa Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Tel Aviv má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint in Iosrael agus sna Críocha faoi Fhorghabháil, bí thar a bheith cúramach. Bíonn an tiomáint dainséarach agus tarlaíonn timpistí go rialta. Tá gaistí luais radar i bhfeidhm ar bhóithre agus gearrtar fíneálacha móra ar thiomáint róthapa. Má bheirtear ort ag tiomáint róthapa, d’fhéadfaí do cheadúnas a thógáil uait.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Iosrael agus na gCríoch faoi Fhorghabháil, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Síobaireacht

Níl síobaireacht sábháilte in Iosrael nó sa Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil.  

Ag taisteal chuig an bhfásach

Má tá tú ag taisteal sa bhfásach:

  • Téigh ann le daoine eile
  • Bíodh do dhóthain uisce agat
  • Bíodh fón póca agat
  • Cinntigh go bhfuil do chúrsa taistil agus an t-am a bhfuil sé beartaithe agat filleadh ar eolas ag duine éigin

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada. 

Céannacht phearsanta

Moltar duit do chéannacht a bheith ar iompar agat i gcónaí ar fhaitíos go n-iarrfadh na húdaráis áitiúla í. Tá sé inmholta fótachóipeanna a dhéanamh de do phas, lena n-áirítear nuair a tháinig tú, an dáta agus na leathanaigh stampaí iontrála ar fhaitíos go ngoidfí nó go gcaillfí é.

Cultúr áitiúil

Má théann tú go hIosrael agus an Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil, tabharfaidh tú meascán reiligiún agus cultúr faoi deara. Tá go leor daoine an-dáiríre faoina gcreideamh agus a ngnásanna agus ba chóir duit a bheith ar an eolas faoi ghnásanna cultúrtha áitiúla i gcónaí.

Ná téigh isteach in áit Fíor-Ortadocsach, go háirithe in Iarúsailéim, le linn Shabbat (tráthnóna Dé hAoine go dtí tráthnóna Dé Sathairn).

Caith éadaí coimeádacha ag áiteanna oilithreachta agus i gceantair reiligiúnacha in Iarúsailéim chomh maith leis an mBruach Thiar agus Gaza.

Bí measúil agus tú ag tógáil grianghraf de dhaoine i gcomharsanachtaí Moslamacha agus Giúdacha Ortadocsacha.

Ná tóg grianghraf de phearsanra nó d’ionaid mhíleata nó phóilíneachta.

Maoin a cheannach

Tá riosca ag baint le maoin a cheannach i lonnaíochtaí sa Chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, nó in Arda Golan faoi fhorghabháil na nIosraelach agus ba chóir a bheith ar an eolas go measann Rialtas na hÉireann go bhfuil na lonnaíochtaí sin mídhleathach faoi dhlí idirnáisiúnta.  

D’fhéadfadh bunú ardcheannas Phalaistíneach sna limistéir atá faoi fhorghabháil na nIosraelach faoi láthair agus athchóiriú rialaithe Siria ar Arda Golan faoi fhorghabháil iarmhairtí dlí a bheith acu ar dhaoine a cheannaigh maoin den sórt sin. Má tá tú ag smaoineamh ar mhaoin a cheannach, moltar duit comhairle dlí neamhspleách a fháil sula ndéanann tú cinneadh.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you are an Irish citizen and require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the main Embassy number (+972-3-696 4166) and follow the prompts to leave a message for the Embassy duty officer.

If you phone outside of working hours, leave us a message with the following details:
• Your name
• The nature of your problem
• Your current location
• Your contact details (mobile phone number or phone number of where you're staying)

We regularly monitor these messages and one of our staff members will be in contact with you.

Embassy of Ireland
Amot Atrium Building, 19th Floor,
2 Jabotinsky Street
Ramat Gan 5250501
Israel

Tel: +972 3 696 4166

Public office opening hours: Monday - Thursday 10:00-12:30 or by appointment

Contact us