DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do La Réunion, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

La Réunion

Má tá tú ag taisteal go La Réunion, tá leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil le fáil sa mhír comhairle taistil agus nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun La Réunion

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chuig La Réunion ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Moltar duit suíomh gréasáin rialtas na Fraince a sheiceáil le haghaidh aon srianta áitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann.

Comhairle údaráis La Réunion (i bhFraincis)

Comhairle ó rialtas na Fraince maidir le COVID‑19 (i bhFraincis)

Eolas ó Aireacht Sláinte na Fraince maidir le Covid‑19 (Fraincis)

Comhairle Aireacht Sláinte na Fraince do thaistealaithe ag filleadh ó limistéir atá buailte (i bhFraincis)

Aerfort La Réunion

Gníomhaireacht Sláinte Phoiblí na Fraince (Santé Publique)

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Tubaistí nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí agus aeráidí nádúrtha

Aeráid

Is oileán trópaiceach é La Réunion díreach os cionn Thrópaic an Ghabhair san Aigéan Indiach. Tá teochtaí maithe ann ó cheann ceann na bliana. D’fhéadfadh báisteach throm a bheith i La Réunion idir mí Eanáir agus mí Márta.

Cioclón

De ghnáth, bíonn séasúr an chioclóin i La Réunion ó mhí na Samhna go mí Bealtaine. D’fhéadfadh cioclóin an t-uafás damáiste a dhéanamh do mhaoin. Tá córas dea-struchtúrtha de rabhaidh chéimnithe ag na húdaráis agus ba cheart duit aon chomhairle a leanúint arna eisiúint ag na húdaráis áitiúla. Má tá tú ag taisteal chun La Réunion nó má tá tú i do chónaí ansin, bí cinnte go bhfuil tú ar an eolas faoin rud ba chóir a dhéanamh i gcás cioclóin.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 0033(0) 1 44 17 67 00, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
12 ave Foch
75116 Paris
France

Tel: +331 44176700
Fax: +331 4417 6750

Monday to Friday 09:30-12:00

Contact us