DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Lichtinstéin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Lichtinstéin

Má tá tú ag taisteal go Lichtinstéin, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Lichtinstéin nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Lichtinstéin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cárta Árachais Sláinte Eorpach

Moltar duit Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil sula dtaistealaíonn tú go Lichtinstéin. Tháinig an cárta seo isteach in áit na foirme E111 agus tugann sé teidlíocht duit cóireáil liachta éigeandála a fháil ar na téarmaí céanna le náisiúnaigh de chuid Lichtinstéin.

Níl an EHIC beartaithe áit an árachais taistil a thógáil agus ní chlúdaíonn sé aisdúichiú liachta, cóireáil liachta leanúnach ná cóireáil nach bhfuil práinneach. Chomh maith leis sin, seans nach nglacfaidh gach ospidéal príobháideach leis an EHIC, agus mar sin ba chóir duit seiceáil leis an riarthóir roimh ré. Féadfaidh tú iarratas ar EHIC a dhéanamh ar líne ag www.ehic.ie.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Seirbhísí Éigeandála

  • Póilíní: 117
  • Briogáid dóiteáin: 118       
  • Otharcharr: 144 (145 i ndáil le nimhiú tocsaineach)
  • Líne éigeandála na hEorpa: 112              
  • Tarrtháil feithicle: 140   
  • Aertharrtháil: 1414      

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i Lichtinstéin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má theastaíonn cúnamh uait áfach, is féidir teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i mBeirn san Eilvéis.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí nó Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Tarlaíonn agóidí agus léirsithe i Lichtinstéin. Go minic bíonn siad dírithe ar eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar chruinnithe idirnáisiúnta. D’éirigh roinnt de na hagóidí foréigneach san am atá caite. Coinnigh súil ar na meáin áitiúla agus ar fhoinsí tábhachtacha eile eolais maidir le léirsithe a d’fhéadfadh tarlú, seachain áiteanna a bhfuil siad ag tarlú agus lean comhairle na n-údarás áitiúil.

Sceimhlitheoireacht

Mar aon le tíortha eile na hEorpa, d’fhéadfadh ionsaithe sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta tarlú i Lichtinstéin, a bheadh dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá leibhéal na coiriúlachta tromchúisí réasúnta íseal agus ní tharlaíonn mórán trioblóide le linn cuairteanna chuig an tír. Ní mór duit duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh áfach:  

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Tarlaíonn mionghadaíocht i Lichtinstéin, go háirithe thart ar na stáisiúin traenach, stáisiúin peitril, nó ar iompar poiblí, ag aerfoirt agus i limistéir lár na cathrach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Lichtinstéin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBeirn má tá cabhair uait.

Tiomáint

Mar sin, má tá sé beartaithe agat a bheith ag tiomáint i Lichtinstéin, cuimhnigh gur chóir duit an cúram céanna a dhéanamh amhail is dá mbeifeá ag tiomáint in Éirinn. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Lichtinstéin, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Cionta tráchta

Cuirtear rialacháin tráchta i bhfeidhm go docht i Lichtinstéin agus d’fhéadfadh fíneálacha troma, caillteanas ceadúnas agus/nó príosúnacht tarlú má dhéantar sárú tromchúiseach ar na rialacha, go háirithe i gcás tiomáint faoi thionchar alcóil.

Caitear go han-dáiríre le tiomáint róthapa agus d’fhéadfaí fíneáil throm a ghearradh má théann tú os cionn an luasteorainn, agus is féidir an fíneáil a sheoladh chugat fiú tar éis duit an tír a fhágáil. Mura n-íocann tú é, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat agus tú ag dul isteach/ag fágáil Lichtinstéin.

Trealamh Gheimhridh

Ní mór go mbeadh gach gluaisteán feistithe le boinn gheimhridh agus tú ag tiomáint i Lichtinstéin le linn mhíonna an gheimhridh. D’fhéadfaí go mbeadh gá le slabhraí sneachta le haghaidh bealaí sléibhtiúla.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar fíneálacha troma agus téarmaí príosúnachta éagsúla ar sheilbh drugaí i Lichtinstéin, ag brath ar mhéid agus chineál na dtámhshuanach a bhíonn i gceist.

Alcóil

Go ginearálta is ionann an aois maidir le beoir, fíon agus ceirtlis a ól agus 16 (cé go mbíonn sé níos airde i roinnt cantún nó i siopaí aonair), agus is ionann an aois maidir le halcól eile (m.sh. biotáillí, mianraí meisciúla, srl) a ól agus 18.

Faisnéis Bhreise

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá aeráid ilchríochach ag Lichtinstéin, a bhfuil tionchar ag na hAlpa uirthi. Ciallaíonn na gaotha aduaidh tirime agus fuara go dtiteann na teochtaí go han-tapa, fiú in aimsir ghlan.

Maidhmeanna Sneachta  

Tá baol ó mhaidhmeanna sneachta, sleamhnuithe sneachta, maidhmeanna tuile agus sleamhnuithe láibe i gceantair Alpacha. Ní féidir an aimsir sna sléibhte a thuar agus is féidir léi athrú go tobann. Bí ag breathnú ar réamhaisnéisí aimsire áitiúla agus ar choinníollacha sábháilteachta, lean comhairle na n-údarás áitiúil, feistigh tú féin go cuí, déan pleanáil chúramach ar do ghníomhaíochtaí agus inis do phleananna do dhuine éigin. Ní mór duit aird a thabhairt ar rabhaidh agus fógraí i scríbhinn agus cloí le fánaí agus cosáin atá marcáilte.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that there is no resident Embassy in Liechtenstein.
If you require urgent assistance while the Embassy in Berne, Switzerland is closed, contact the main Embassy number, +41 (0)31 350 0380, and leave a message on the voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
2nd Floor
Kirchenfeldstrasse 68
P.O. Box 262
CH-3000 Berne 6
Switzerland

Tel: +41 31 352 1442

Monday to Friday 9.30 to 12.00

Contact us