DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Maenmar/Burma, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Maenmar/Burma

Má tá tú ag taisteal go Burma, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Bhurma nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Bhurma sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i mBurma, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.

Áitiúil

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tharlaíonn éigeandáil nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcúnamh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitíochta

Tá cúrsaí polaitíochta fós éiginnte. Tá srianta leathana ar shaoirse tuairimíochta agus gníomhaíochtaí polaitíochta. Ba chóir do shaoránaigh de chuid na hÉireann i mBurma a bheith cúramach agus léirsithe agus tionóil mhóra a sheachaint. Níor chóir duit pictiúir a thógáil de léirsithe, de phóilíní ná den mhíleata mar go bhféadfadh na húdaráis é sin a chosc.

Sceimhlitheoireacht

Tá go leor buamaí beaga pléasctha i mBurma le déanaí. Bhí buamálacha in Naypyitaw, Mandalay agus Pyin Oo Lwin in 2012 inar gortaíodh daoine. Tharla pléascadh in 2011 i leithreas poiblí ó thuaidh de lár Rangún, inar maraíodh duine amháin ar a laghad, de réir tuairiscí preasa.

Mianaigh talún

Tá baol ó mhianaigh talún i limistéir choimhlinte agus dá bhrí sin bí an-chúramach má tá tú ag taisteal sna háiteanna sin. Ná himigh de phríomhbhealaí, go háirithe i gceantair thuaithe, agus seiceáil le do theagmhálaí áitiúil i gcónaí sula dtéann tú chuig réigiúin ina bhfuil mianaigh talún.

Coiriúlacht

Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh le tú féin a chosaint ó choiriúlacht agus tú i mBurma:

Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.

  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i mBurma, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. 

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i mBurma, ba chóir duit a bheith an-chúramach.  Tá sábháilteacht ar bhóithre go dona. Bíonn trácht trom ann i gceantair uirbeacha agus ní bhíonn ord ná eagar air. Tá sé in ann a bheith contúirteach tiomáint mar gheall ar dhroch-choinníollacha bóthair, feithiclí nach bhfuil coinnithe go maith, agus droch-shoilse ar na sráideanna. Tá rioscaí ag baint freisin le linntreoga, coisithe, ainmhithe, feithiclí tréigthe, agus feithiclí ag taisteal san oíche gan soilse.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Bhurma, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), 15 bliain sa phríosún an phianbhreith íosta agus d'fhéadfaí pionós an bháis a ghearradh.

Cultúr áitiúil

Bí measúil ar chustaim chreidimh nuair a thugann tú cuairt ar láithreáin chreidimh Bhúdaíocha - tá sé dímheasúil brístí gearra agus barréidí gan mhuinchillí a chaitheamh agus ba chóir bróga agus stocaí a bhaint sula rachfar isteach in pagoda nó i mainistir.

Homaighnéasachas

Go teicniúil tá homaighnéasachas neamhdhleathach i mBurma, cé gur annamh a chuirtear na dlíthe sin i bhfeidhm i ndáiríre.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

 

Crith Talún

Bíonn fíor-dhrochaimsir ann i mBurma agus is féidir le creathanna talún tarlú ann. Tharla crith talún ar mhéid 6.8 ar an scála Richter ar theorainn na Téalainne/Bhurma/Laos in 2011. Má tá tú ag taisteal go Burma nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

Cioclón

Tarlaíonn cioclóin i mBurma, agus is féidir leo a bheith an-láidir go deo agus an-damáiste a dhéanamh. Déan monatóireacht ar nuashonruithe áitiúla le linn do chuairte, go háirithe má tá sé i gceist agat taisteal ar fud na tíre agus lean treoracha slándála agus aslonnaithe na n-údarás áitiúil i gcónaí.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Bhurma, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid Bhurma.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Riachtanais teorann

Caithfidh tú Burma a fhágáil tríd an mbealach trasnaithe teorann céanna trínar tháinig tú isteach sa tír. Ná téigh isteach i limistéir shrianta gan na ceadanna cuí ó údaráis Bhurma. Tá liosta de chinn scríbe cheadaithe ag an Aireacht Óstán, Turasóireachta agus Spóirt.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Burma.

Embassy contact

Embassy Contact

After business hours, Irish Citizens seeking emergency consular assistance should contact the Duty Officer number at +662-016-1360.

Please leave a message with your name, contact number and details of the emergency.

Embassy of Ireland
12th Floor, 208 Wireless Road
Lumpini, Pathumwan
Bangkok 10330

Tel: +66 2 016 1360
Fax: +66 2 675 3933

Monday to Thursday 09:30-12:00 and 14:30-15:30, Friday 09:30-12:00

Contact us