Faigh árachas taistil agus leighis
Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC), ar féidir é a fháil má dhéantar teagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, chomh maith le hárachas cuimsitheach taistil a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n‑áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.
Stádas Slándála
- Gnáth-réamhchúraimí
- Bí an-chúramach
- Seachain taisteal neamhriachtanach
- Ná taistil
- Overview
- Safety and Security
- Local Laws and Customs
- Additional Information
- Health
- Embassy Contact
Overview
Overview
For the latest update please read the General COVID-19 Travel Advisory >
Forléargas
Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.
Stádas slándála
Má tá tú ag pleanáil cuairt a thabhairt ar Mhálta moltar duit an gnáth-réamhchúram a dhéanamh.
Cláraigh linn
Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Mhálta nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.
Comhairle Uainne
Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Mhálta sula dtéann tú ann.
Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.
Cárta Árachais Sláinte Eorpach
Moltar duit Cárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil sula dtaistealaíonn tú go Málta. Tháinig an cárta seo isteach in áit na foirme E111 agus tugann sé teidlíocht duit cóireáil liachta éigeandála a fháil ar na téarmaí céanna le náisiúnaigh de chuid Mhálta.
Níl an EHIC beartaithe áit an árachais taistil a thógáil agus ní chlúdaíonn sé aisdúichiú liachta, cóireáil liachta leanúnach ná cóireáil nach bhfuil práinneach. Féadfaidh tú iarratas ar EHIC a dhéanamh ar líne ag www.ehic.ie.
Cúnamh Éigeandála
Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.
Déan teagmháil leis an Ambasáid
I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Valletta.
Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:
- D'ainm
- An cineál faidhbe atá agat
- An áit a bhfuil tú anois
- Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)
Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.
Conas is féidir linn cabhrú leat
Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.
Safety and Security
Safety and Security
Sábháilteacht agus Slándáil
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaistealchun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Sceimhlitheoireacht
Cé gur baol beag ó sceimhlitheoireacht atá i Málta, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.
Coiriúlacht
Tá ráta coiriúlachta sách íseal in Málta ach tá ardú ag teacht ar ráta goidte málaí, ar pheasghadaíocht agus ar robáil sna príomháiteanna turasóireachta. Tarlaíonn coiriúlacht deistapaíocha go háirithe in áiteanna ina gcruinníonn grúpaí móra le chéile sa tráthnóna agus dá réir, ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte, cé nár cheart dearmad a dhéanamh gur féidir le gadaithe díriú ar thaisceadáin taisce in árasáin agus in óstáin
- Coinnigh an méid is lú airgid agus nó/cártaí creidmheasa a theastaíonn uait ar bhonn laethúil i mála láimhe nó i bpóca ar leith
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse.
Coiriúlacht a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Málta, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann má theastaíonn cúnamh uait.
Tiomáint
Tá na rialacha bóthair i Málta mórán mar atá in Éirinn, agus tá na bóithre nua-aimseartha agus coinnithe go maith. Má tá sé beartaithe agat a bheith ag tiomáint:
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Mhálta, mar shampla luasteorainneacha
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Ná fág aon earraí luachmhara i gcarr nach bhfuil éinne inti mar goidtear earraí as feithiclí. Cuir glas ar na doirse agus dún na fuinneoga nuair atá d’fheithicil páirceáilte
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).
Local Laws and Customs
Local Laws and Customs
Dlíthe agus gnásanna áitiúla
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
- Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
- Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla
Drugaí neamhdhleathacha
Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin.
Teanga
Labhraíonn formhór phobal Mhálta Béarla.
Additional Information
Additional Information
Tubaistí nádúrtha agus an aeráid
Comhairle phraiticiúil
- Má tá tú ag taisteal go Málta, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
- Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
- Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach
An Aeráid
Tá aeráid Mhálta an-te agus grianmhar, de ghnáth. Ach bíonn sé ag báisteach idir dheireadh mhí Deireadh Fómhair agus dheireadh mhí Feabhra agus tá baol ó thuilte troma in amanna.
Health
Health
Embassy contact
Embassy Contact
Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the Duty Officer on 00356 99058895.
Embassy of Ireland
Whitehall Mansions
Ta’ Xbiex Seafront
Ta’ Xbiex XBX 1026
Malta
Tel: +356 21 334 744
Fax: +356 21 334 755
Monday to Friday 08:20-12:30 and 13:30-16:30