DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Na hOileáin Fhilipíneacha, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

No hOileáin Philipíneacha

Má tá tú ag taisteal chun na nOileán Filipíneach, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chuig na hOileáin Fhilipíneacha

Ceanglais iontrála

Is féidir le saoránaigh Éireannacha dul isteach chuig na hOileáin Fhilipíneacha gan víosa ar feadh tréimhse suas go dtí 30 lá ar dtús. Mar sin féin, ní mór do shaoránaigh na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh nó dul sa seans agus imréiteach imirce a bheith diúltaithe dóibh agus d’fhéadfadh go ndíbreofaí iad:

  • Iarrtar ar shaoránaigh atá ag taisteal chuig na hOileáin Fhilipíneacha clárú leis na húdaráis Fhilipíneacha chun ríomhChárta Teacht Isteach a fháil laistigh de 72 uair an chloig sula n-imeoidh siad. 
  • Ní mór vacsaíniú iomlán a bheith faighte agat agus cruthúnas aitheanta ar vacsaíniú a bheith agat. Is féidir le daoine fásta os cionn 18 mbliana d’aois a bhfuil vacsaíniú iomlán faighte acu cruthúnas ar theanndáileog a thaispeáint nó tástáil RT-PCR dhiúltach a thaispeáint, ar tástáil í a rinneadh ocht n-uair an chloig is ceathracha (48) roimh imeacht ón tír bhunaidh nó Tástáil dhiúltach Antaigine a rinneadh laistigh de cheithre uair an chloig is fiche (24).
  • Ní mór go mbeadh an príomhchúrsa vacsaínithe curtha i gcrích ag leanaí idir 12 bhliain agus 17 mbliana d’aois.
  • Ní mór do leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois a bheith in éineacht le tuismitheoir nó caomhnóir a bhfuil vacsaíniú iomlán faighte acu.
  • Beidh ar thaistealaithe, atá 12 bhliain d’aois nó níos mó agus nach bhfuil vacsaíniú iomlán faighte acu nó a bhfuil vacsaíniú i bpáirt faighte acu agus nach féidir a stádas vacsaínithe a dheimhniú, coraintín saoráid-bhunaithe a dhéanamh sna hOileáin Fhilipíneacha.
  • Ticéad bailí fillte nó ticéad den chéad turas eile a bheith agat laistigh de thríocha (30) lá ar theacht isteach chuig na hOileáin Fhilipíneacha.
  • Pas le sé (6) mhí bailíochta ar a laghad a bheith agat.
  • Árachas taistil do chostais chóireála COVID-19, costais €35,000 ar a laghad, a bheith agat.

Is féidir le saoránaigh Éireannacha a bhfuil víosa reatha acu dul isteach sna hOileáin Fhilipíneacha ach d'fheadfadh go mbeadh siad faoi réir coraintín ag brath ar aitheantas an stádais vacsaínithe de réir na gcoinníollacha thuas.

Tabhair faoi deara go bhféadfadh na srianta iontrála athrú ag am ar bith faoi rogha an Tascfhórsa Idirghníomhaireachta chun Galair Thógálacha atá ag Teacht Chun Cinn a Bhainistiú (IATF). Tá an chomhairle is déanaí le fáil anseo.

Sna hOileáin Fhilipíneacha

Thug Rialtas na nOileán Filipíneach bearta isteach chun scaipeadh COVID-19 a chosc, lena n-áirítear go bhfuil sé éigeantach masc a chaitheamh in áiteanna taobh istigh. Idir an dá linn, moltar do dhaoine aonair nach bhfuil vacsaíniú faighte acu nó nach bhfuil vacsaíniú iomlán faighte acu, do sheanóirí agus do dhaoine aonair imdhíon-lagaithe go bhfuil sé dá dtoil féin masc aghaidhe a chaitheamh in áiteanna oscailte nach bhfuil plódaithe. Téigh i gcomhairle leis an suíomh gréasáin seo a leanas chun tuilleadh eolais a fháil: treoir ar theacht isteach agus nósanna imeachta coraintín.

Ba cheart duit súil ghéar a choinneáil ar fhógraí ó údaráis áitiúla chun tuiscint a fháil ar na srianta agus rialacháin is déanaí san áit a bhfuil tú lonnaithe agus chun na riachtanais maidir le haon taisteal taobh amuigh de d’áit chónaithe a sheiceáil, taisteal chuig an aerfort san áireamh.

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha gan taisteal ar bith a dhéanamh chuig Mindanao Thiar Theas agus chuig an Sulu Archipelago. 

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealóidh tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na nOileán Filipíneach.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a bheith ar an eolas go ndíríonn coirpigh ar thurasóirí go minic, go háirithe in áiteanna poiblí gnóthacha agus in áiteanna a bhfuil tóir orthu don siamsaíocht oíche. Tá na leibhéil choireachta i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla an-ard. Ba cheart do thurasóirí a bheith cúramach má tá siad ag tabhairt cuairt ar na háiteanna sin, san oíche go háirithe.

Is féidir le tinnis muiscítí iompartha amhail fiabhras deinge, einceifilíteas Seapánach agus víreas chikungunya tarlú ó thús deireadh na bliana. D’fhógair an Rialtas eipidéim náisiúnta dheinge i Lúnasa 2019 agus mar thoradh air sin tá baol níos mó leis an bhfiabhras deinge. Ba cheart duit an oiread réamhchúram agus is cuí a ghlacadh chun greim ó mhuiscítí a sheachaint.

Má tá tú ag súil le leanbh nó ag pleanáil leanbh a bheith agat, agus go bhfuil sé i gceist agat taisteal chuig áiteanna a bhfuil an víreas Zika i bhfeidhm orthu, moltar duit do phleananna taistil a phlé le do sholáthróir cúraim sláinte agus smaoineamh ar do thaisteal chuig na háiteanna sin a mbaineann an Víreas Zika leo a chur ar athlá. Moltar do shaoránaigh Éireannacha comhairle An Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte a leanúint.

Moltar san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go vacsaínítear taistealaithe in aghaidh na mbruitíní 15 lá ar a laghad roimh thaisteal. Is féidir comhairle na hEagraíochta Domhanda Sláinte do thaisteal idirnáisiúnta maidir leis an mbruitíneach a fháil anseo.

Buaileann timpeall 20 tíofún na hOileáin Fhilipíneacha gach bliain, idir mí an Mheithimh agus mí na Nollag den chuid is mó. D’fhéadfadh tuilte agus sciorradh talún a bheith ann. Ba cheart duit súil a choinneáil ar dhul chun cinn na stoirmeacha atá ag teacht i do threo. Tá na hOileáin Fhilipíneacha suite i gcrios creathanna talún atá an-ghníomhach agus tá go leor bolcán ann.  Má tá tuilleadh eolais uait, léigh an rannán maidir le tubaistí nádúrtha agus an aeráid ar an leathanach seo.

Molaimid go bhfoghlaimíonn tú a oiread agus is féidir leat faoi na hOileáin Fhilipíneacha roimh do thuras ó ghníomhairí taistil, ó chomhlachtaí taistil agus ó threoirleabhair. Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat nuair atá tú sna hOileáin Fhilipíneacha, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid i Mainile má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Corraíl

Molaimid duit gan taisteal a dhéanamh i gceantar BARMM in Mindanao Thiar Theas agus in Sulu Archipelago agus molaimid duit a bheith san airdeall sa chuid eile de Mindanao agus i ndeisceart an chúige Cebu, suas go dtí na bardais Dalaguete agus Badian agus na bardais sin san áireamh. Má bhíonn tú ag taisteal chuig na hOileáin Fhilipíneacha, bí ar an eolas i gcónaí maidir leis an méid atá ag tarlú thart timpeall ort agus súil á coinneáil agat ar na meáin áitiúla agus bí i dteagmháil le d’óstán nó eagraí do thurais. Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí, a d’fhéadfadh bheith achrannach uaireanta. Thug Biúró na nOileán Filipíneach um Inimirce foláireamh go sonrach do náisiúnaigh choigríche gan páirt a ghlacadh in agóidí poiblí agus i slógaí polaitíochta. D’fhéadfadh sé go gcoinneofaí agus go ndíbreofaí náisiúnaigh choigríche a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí sin mar gur sháraigh siad dlíthe inimirce na nOileán Filipíneach.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol sceimhlitheoireachta ann sna hOileáin Fhilipíneacha. Leanann grúpaí sceimhlitheoireachta ag pleanáil ionsaithe agus tá sé de chumas acu agus tá rún acu na hionsaithe a dhéanamh ag am ar bith agus in áit ar bith sa tír, Mainile san áireamh. D’fhéadfadh ionsaithe bheith gan idirdhealú, lena n-áirítear áiteanna a dtéann easaoránaigh agus taistealaithe eachtrannacha amhail aerfoirt, mealanna siopadóireachta agus ionaid adhartha. Bí ar an eolas faoin mbaol a bhaineann le hionsaithe sceimhlitheoireachta ar gach cineál iompair phoiblí: ar an mbóthar, ar an iarnród, ar an bhfarraige agus ar eitleán. Tá bagairt déanta ag grúpaí sceimhlitheoireachta ionsaí a dhéanamh ar bháid farantóireachta do phaisinéirí agus ar árthaí eile, go háirithe árthaí atá ag feidhmiú as Mindanao. Ba cheart duit an t-iompar poiblí ar fud Mindanao a sheachaint.

Fuadach

Tá baol ann go dtarlódh fuadach i ndeisceart na nOileán Filipíneach go háirithe. D’fhéadfadh fuadach tarlú in áit ar bith, lena n-áirítear in ionad saoire ar an gcósta nó ar oileán agus ar bháid thumtha agus láithreacha san Fharraige Sulu. Díríodh ar eachtrannaigh i gceantair thuaithe, uirbeacha agus ceantair ar an gcósta san am atá caite.

Coireacht

Tá ardleibhéal ar líon na gcoireanna foréigneacha, coireanna le gunnaí san áireamh. Uaireanta úsáideann buíon coirpeach teaicticí sceimhlitheoireachta amhail fuadach. Maraíodh daoine mar gheall ar phléascanna a tharla de bharr eagraíochtaí coireachta.

Tá líon ard cásanna de robáil agus coireacht sráide ann. Robáil roinnt tiománaithe tacsaí agus a gcomhpháirtithe paisinéirí agus rinne siad dochar do na paisinéirí. Bí airdeallach go háirithe agus tú ag taisteal ar iompar poiblí. Tharla moill armtha ar bhusanna agus ar thacsaithe, ar jípeanna iad. I roinnt cásanna maraíodh daoine mar thoradh air sin.

Ba cheart duit réamhchúraimí stuama a ghlacadh.

  • Déan socrú go gcasfar duine éigin ag an aerfort thú nó bain úsáid as seirbhís aistrithe óstáin. Bain úsáid as tacsaithe ó chuideachta chreidiúnach amháin.
  • Ná bíodh do chárta chreidmheasa, ticéid taistil agus airgead tirim in aon áit amháin agat - fág airgead tirim breise agus rudaí luachmhara in áit shábháilte. 
  • Ná bíodh do phas agat, ach amháin má bhíonn sé go hiomlán riachtanach agus fág cóip den phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó do chairde sa bhaile.
  • Bí ar an eolas faoi strainséirí a bhíonn ag tairiscint deochanna nó milseogra a d’fhéadfadh drugaí a bheith curtha iontu.
  • Bí cúramach i gcónaí maidir le do shábháilteacht phearsanta. Faigh comhairle ó theagmhálaithe áitiúla, seachain taisteal as bealach agus tabhair do phleananna taistil i gcónaí do chairde, do chomhghleacaithe nó do dhaoine muinteartha de do chuid. Is féidir leis na caighdeáin sábháilteachta ar thacsaithe, ar bhusanna agus ar bháid a bheith íseal.

Coir a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sna hOileáin Fhilipíneacha, tuairiscigh do na póilíní áitiúla é láithreach. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Manila má theastaíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Má tá sé ar intinn agat tiomáint sna hOileáin Fhilipíneacha, tabhair leat do cheadúnas iomlán tiomána Éireannach agus do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus déan cinnte go bhfuil an t‑árachas ceart cuí agat

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt mar ní slándála. Má bhíonn tú ag ceadú do phas a fhótachóipeáil, coinnigh i do radharc é an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas leordhóthanach agat agus léigh an cló beag ar chonradh na feithicle ar cíos (go háirithe aon tarscaoileadh a thiocfaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Aerthaisteal

Diúltaíodh cead a thabhairt do gach aerlíne ó na hOileáin Fhilipíneacha, ach amháin Philippine Airlines (PAL) agus Cebu Pacific Air, seirbhísí chuig an AE a fheidhmiú mar gheall ar imní i dtaobh sábháilteachta.

Taisteal ar muir

Seachain taisteal ar bháid farantóireachta más féidir. Is minic a bhíonn báid farantóireachta rólán, bíonn easpa trealamh riachtanach tarrthála acu, ní dhéantar cothabháil go sásúil orthu agus bíonn lastliostaí neamhiomlána acu. Is féidir stoirmeacha a fhorbairt go tapa.

Tá ardleibhéal píoráideachta agus robála armtha in aghaidh báid in uiscí na nOileán Filipíneach agus timpeall na n-uiscí sin.

D’fhéadfadh na seirbhísí tarrthála muirí sna hOileáin Fhilipíneacha a bheith teoranta.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Céannacht phearsanta

Ba chóir duit fótachóip de do phas agus do chárta rochtana a iompar leat i gcónaí le linn do chuairte ionas go bhféadfaidh tú do chéannacht a fhíorú má chuireann, mar shampla, na póilíní ceist ort.

Drugaí Neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid agus iompórtáil drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é).

Feidhmiú an dlí

Tá dlí na nOileán Filipíneach ar ghníomhaíocht phéidifileach géar, agus cuirtear i bhfeidhm go docht daingean é. Faoi dhlí na nOileán Filipíneach sainmhínítear leanbh mar dhuine ata faoi bhun aois 18. Moltar do thaistealaithe, go háirithe más fir atá i gceist agus go bhfuil siad singil, a bheith airdeallach faoi sháinniú, nuair a dhéanann strainséirí a mbíonn leanaí leo cairdeas leo agus ansin a chuireann líomhaintí ina leith in iarracht airgead a fháil uathu.

Earcaíocht

Má tá tú ag pleanáil Filipínigh a earcú chun oibriú thar lear, caithfidh tú an reachtaíocht áitiúil a chomhlíonadh ina hiomláine. Téigh i gcomhairle le dlíodóirí áitiúla, déan do dhícheall cuí agus déan cinnte go bhfuil an ceadúnú cuí agat. Tá na dlíthe a bhaineann le hearcaíocht neamhdhleathach dian agus tá cúiseanna ag dul leo nach gceadaíonn bannaí – tharla sé gur chaith náisiúnaigh coigríche os cionn dhá bhliain faoi choinneáil i bpríosúin na cathrach an fhad is a bhí a gcásanna á bpróiseáil.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tíofúin

Buaileann tíofúin na hOileáin Fhilipíneacha ag ráta de thart ar fiche in aghaidh na bliana. Buaileann siad go hiondúil i rith shéasúr na monsún, a bhíonn ann go hiondúil ó Iúil go Samhain ach d’fhéadfaidís an tír a bhualadh ag aon am. Bhuail Tíofún Bopha, ar a dtugtar ‘Pablo’ go háitiúil cúige Compostela Valley agus Oirthear Mindanao in Nollaig 2012, agus tuairiscítear gur maraíodh 200 duine.

I rith shéasúr na monsún, is féidir le tuilte agus sciorradh talún a bheith ann mar gheall ar bháisteach throm. Mar is dual dóibh tugann cioclóin agus lagraigh trópaiceacha báisteach agus gaoth láidir chuig limistéir Visayas agus Luzon, agus ba chóir duit a bheith an-chúramach nuair a théann tú chuig Tuaisceart Luzon agus limistéir Bicol, Samar agus Leyte.

Tabhair aird ar leith ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta agus lean comhairle na n-údarás áitiúil. Chun an t-eolas cothrom le dáta is deireanaí a fháil, ba chóir duit cuairt a thabhairt ar Fhondúireacht Aimsire na nOileán Filipíneach, Comhairle um Thubaistí Náisiúnta a Bhainistiú agus Rioscaí a Laghdú de chuid rialtas na nOileán Filipíneach agus www.typhoon2000.ph.

Crith talún

Is saincheantar gníomhach creathanna talún atá ar na hOileáin Fhilipíneacha agus is féidir le creathanna talún tarlú ar fud na tíre. Ba sa bhliain 1990 a bhuail an crith talún suntasach deireanach an tír agus maraíodh os cionn 1,100 duine i Lár Luzon. Má tá tú ag taisteal chun na nOileán Filipíneach nó i do chónaí ann, bí cinnte go bhfuil a fhios agat céard is ceart a dhéanamh i gcás creatha talún nó bolcáin.

Bolcáin

Tá bolcáin coitianta ar na hOileáin Fhilipíneacha, agus is féidir le haon cheann acu brúchtadh gan choinne. Is féidir le pléascadh luaithreamháin agus gaile tobann tarlú freisin ag aon am. Tá cumas teoranta ag seirbhísí tarrthála agus éigeandála na nOileán Filipíneach agus ag na húdaráis áitiúla déileáil le tubaistí móra nádúrtha. Mar sin moltar duit a bheith cúramach má tá tú i do chónaí nó ag taisteal sa cheantar. Seiceáil tuairiscí nuachta agus lean comhairle áitiúil sula dtéann tú chuig áiteanna ina bhfuil bolcáin. Seachain áiteanna ina bhfuil bolcáin nuair a bhíonn bháisteach throm ann agus ina dhiaidh sin, mar is ansin a bhíonn baol níos mó ó shruth lahar. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar láithreán gréasáin Institiúid Bolcáneolaíochta agus Seismeolaíochta na nOileán Filipíneach.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na nOileán Filipíneach, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire ar na hOileáin Fhilipíneacha.

Pas

Déan cinnte go bhfuil do phas bailí ar feadh ar a laghad sé mhí tar éis do do thuras ar na hOileáin Fhilipíneacha (nó tíortha eile laistigh d’Oirdheisceart na hÁise) críochnú.

Ba chóir duit fótachóip de do phas agus do chárta rochtana a bheith ar iompar agat i gcónaí le linn do chuairte ionas go bhféadfá do chéannacht a fhíorú má chuireann, mar shampla, na póilíní ceist ort.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na nOileán Filipíneach.

Saoráidí liachta

Tá caighdeáin éagsúla ag seirbhísí liachta agus sláinte ar fud na nOileán Filipíneach agus d’fhéadfadh sé nach gcomhlíonann siad caighdeáin cúraim na hEorpa. Cé go bhfuil sé dóthanach sna cathracha móra, tá cúram liachta in áiteanna faoin tuath teoranta agus is féidir le cóireáil liachta amuigh faoin tír a bheith costasach.

Galair corrmhíol-iompartha

Tá fiabhras deinge agus maláire go forleathan ar na hOileáin Fhilipíneacha. Sula dtéann tú ag taisteal, ba chóir duit comhairle liachta cothrom le dáta a fháil maidir le cógas coisctheach a fháil. Nuair a thagann tú chun na tíre, seachain greamanna ó chorrmhíolta trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid, agus trí bhróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

Galair uisce-iompartha

Tá galair uisce-iompartha, lena n-áirítear tíofóideach agus calar, eindéimeach ar na hOileáin Fhilipíneacha. Níor chóir duit ach uisce fiuchta nó buidéalaithe a úsáid agus seachain oighear i ndeochanna.

Confadh

Tá baol ó chonfadh ar fud na nOileán Filipíneach.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy of Ireland in Manila is open and provides consular services to Irish citizens, including passports.

Embassy of Ireland,
30/F Tower 2, RCBC Plaza,
6819 Ayala Avenue,
Makati City, 1200
Philippines

Tel: (02) 8859 5140

Opening Hours: Access by appointment only

Contact us