Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Oileáin An Aigéin Chiúin

Má tá tú ag taisteal go hOileáin An Aigéin Chiúin, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun Oileáin an Aigéin Chiúin

D’fhéadfaí Comhairle Taistil Oifigiúil a aimsiú ar na naisc thíos do dhaoine ar mian leo taisteal chun na dtíortha oileánacha éagsúla san Aigéan Ciúin.

Oileáin Cook

Ciribeas 

Oileáin Marshall 

Stáit Chónaidhme na Micrinéise

Nárú

Niue

Oileáin Palau

Tonga

Tuvalu (Taisteal ar fionraí ó rialtas Tuvalu)

Vanuatú

Comhairle Taistil Ghinearálta

In 2019 bhí ráig den bhruitíneach ar Oileáin an Aigéin Chiúin. 

Moltar san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go vacsaínítear taistealaithe in aghaidh na mbruitíní 15 lá ar a laghad roimh thaisteal. Is féidir comhairle na hEagraíochta Domhanda Sláinte do thaisteal idirnáisiúnta maidir leis an mbruitíneach a fháil anseo.

Tá tuilleadh eolais le fáil maidir leis na ceanglais sláinte do thaisteal chun Oileáin an Aigéin Chiúin ar an Táb um Eolas Breise.

Cabhair Chonsalachta

D’fhéadfá teagmháil a dhéanamh le haon Ambasáid de Bhallstát an Aontais chun seirbhísí agus eolas consalachta a fháil, faoin Treoir um Chosaint Chonsalacht an Aontais.   

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Eolas breise

Sláinte

  • Aicmíodh Oileáin an Aigéin Chiúin mar réigiún a bhfuil riosca ann maidir le tarchur an Víris Zika. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint.

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.

 

Embassy contact

Embassy Contact

As there is no Irish Embassy or Consulate in Pacific Islands, we are limited in the help we can offer you in an emergency. However, if you need assistance, you can contact the Department of Foreign Affairs.

Department of Foreign Affairs
Iveagh House
80 St Stephen’s Green
Dublin 2
D02 VY53

Tel: + 353 (0) 1 408 2000

24 hours a day, 7 days a week

Contact us