DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Oileán Mhuirís, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Oileán Mhuirís

Má tá tú ag taisteal go hOileán Mhuirís, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Oileán Mhuirís nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Oileán Mhuirís sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turais nó bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

  • Póilíní: 999 nó 112
  • Seirbhísí liachta éigeandála: 999 nó 114
  • An tseirbhís dóiteáin: 995 nó 115

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann ar Oileán Mhuirís, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann in Pretoria san Afraic Theas má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Coiriúlacht

Tá ráta íseal de choiriúlacht fhoréigneach tríd is tríd ar Oileán Mhuirís, ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat - fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Seachain a bheith ag siúl asat féin san oíche ar thránna tréigthe/poiblí nó in áiteanna le drochsholas, go háirithe i gcúlsráideanna an cheantair ghnó in Port Louis.

Mionghadaíocht

Tá mionghadaíocht coitianta, tá go leor peasghadaithe agus lucht goidte sparán in áiteanna a mbíonn turasóirí, lena n-áirítear Port Louis, Grand Baie agus Flic en Flac. Moltar duit do chuid nithe luachmhara a choinneáil i dtaisceadáin óstáin nuair is féidir, agus déan cóipeanna de dhoiciméid thábhachtacha, lena n-áirítear pasanna.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú ar Oileán Mhuirís, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Pretoria má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint ar Oileán Mhuirís, ba chóir duit a bheith cúramach. Bíonn an trácht ag tiomáint ar thaobh na láimhe clé den bhóthar, bíonn caighdeáin éagsúla tiomána i gceist agus tarlaíonn miontimpistí go minic. Bí cúramach agus tú ag tiomáint, go háirithe tar éis thitim na hoíche mar go bhfuil go leor bóithre cúng agus míchothrom agus dorcha. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán (ní mór duit é a bheith ar iompar agat i gcónaí) agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Oileán Mhuirís, mar shampla luasteorainneacha, a luaitear i gciliméadair san uair. Tá na comharthaí bóthair agus tráchta uile i mBéarla
  • Cuirtear luasteorainneacha i bhfeidhm go dian; tá seiceálacha luais le ceamaraí an-choitianta agus tá na fíneálacha a ghearrtar mar gheall ar luas trom go leor
  • Caith crios sábhála i gcónaí; ba chóir naíonáin agus lapadáin a bheith i suíocháin sábháilte do pháistí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Tá ar thiománaithe agus paisinéirí gluaisrothair clogad a chaitheamh

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Sábháilteacht Uisce

Cé nach bhfuil ionsaí déanta ag foghlaithe mara in uiscí Oileán Mhuirís, tá ionsaí déanta ar árthaí suas le 1,000 míle amach ó chósta na Somáile. Tá árthaí seoltóireachta an-leochaileach, agus moltar duit gan taisteal i luaimh ná in árthaí áineasa in uiscí idirnáisiúnta sa chuid sin den Aigéan Indiach.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

Iarrann na póilíní ar eachtrannaigh uaireanta céannacht a thaispeáint. Moltar duit fótachóipeanna de na leathanaigh ábhartha i do phas agus do cheadúnas tiomána a bheith ar iompar agat agus na cinn bhunaidh a choimeád in áit shábháilte.

Drugaí neamhdhleathacha

Caitheann údaráis Oileán Mhuirís go tromchúiseach le gáinneáil drugaí. Gearrtar dianphionóis ar iarrachtaí fiú méideanna beaga a allmhairiú. Tá sé in ann níos mó ná bliain a thógáil ionchúiseamh a theacht os comhair cúirte, agus is gnách duine a choinneáil go dtí na trialach.  Ní thugtar bannaí de ghnáth do choireanna a bhaineann le drugaí, is cuma cén druga a bhíonn i gceist. Tá sé neamhdhleathach freisin toitínpháipéir a bheith i do sheilbh nó a allmhairiú.  

Homaighnéasachas

Níl homaighnéasachas neamhdhleathach ar Oileán Mhuirís, ach is fiú cuimhneamh go bhfuil dearcadh na sochaí go ginearálta sách traidisiúnta. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Is oileán trópaiceach é Oileán Mhuirís atá díreach os cionn Trópaic an Ghabhair san Aigéan Indiach. Bíonn teocht mhaith ann ar feadh na bliana. Sa samhradh (ó Shamhain go hAibreán) bíonn an teocht idir 26°C agus 32°C. Sa gheimhreadh, (ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair) bíonn an teocht idir 20°C agus 26°C. Is i mí Iúil a bhíonn an teocht is ísle, ag 21°C ar an meán. Tá teocht an uisce san Aigéan Indiach in ann 28°C a bhaint amach. Tá báisteach throm in ann titim ar Oileán Mhuirís idir Eanáir agus Márta.

Cioclón

Maireann séasúr na gcioclón ar Oileán Mhuirís de ghnáth ó Shamhain go Bealtaine. Tá cioclóin in ann go leor damáiste a dhéanamh do mhaoin. Tá córas dea-struchtúrtha d'fholáirimh chéimnithe ag na húdaráis agus ba chóir duit aon chomhairle a thugann na húdaráis áitiúla a leanúint. Má tá tú ag taisteal go hOileán Mhuirís nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh cioclón.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Seiceáil riachtanais iontrála Oileán Mhuirís leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid Oileán Mhuirís sula dtéann tú ann.

Víosaí

Ní theastaíonn víosa roimh ré ó na daoine sin a bhfuil pas de chuid na hÉireann acu. Eiseofar víosa, atá bailí ar feadh trí mhí de ghnáth, nuair a thiocfaidh tú ann má tá pas Éireannach bailí agus ticéad fillte agat. 

Pasanna

Teastaíonn pas bailí le dul ar Oileán Mhuirís agus caithfidh do phas a bheith bailí le haghaidh sé mhí ar a laghad ón dáta a dtéann tú isteach sa tír. D’fhéadfadh sé nach ligfí ar Oileán Mhuirís tú má tá do phas bailí ar feadh níos lú ná sé mhí.

Cead oibre

Má tá sé i gceist agat a bheith ag obair ar Oileán Mhuirís, caithfidh tú cead oibre a shocrú roimh ré.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go hOileán Mhuirís.

Saoráidí liachta

Tá cúram sláinte príobháideach maith ar fáil ar Oileán Mhuirís, cé gur féidir leis a bheith costasach mura bhfuil árachas agat. Déan cinnte go bhfuil árachas sláinte taistil dóthanach agat agus go mbeidh rochtain agat ar airgead le costas aon chóireáil liachta thar lear agus aisdúichiú a chlúdach.

Má theastaíonn cúnamh liachta éigeandála uait le linn do thurais, diailigh 999 nó 114 agus iarr otharcharr. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do chuideachta árachais/cúnaimh liachta go pras má chuirtear ag saoráid liachta tú le haghaidh cóireá(1)la.

Drugaí ar oideas

Má theastaíonn drugaí ar oideas uait, moltar duit cóipeanna de d’oideas a thabhairt leat. Ní mór do na húdaráis drugaí sceidealaithe, mar shampla substaintí síceatrópacha (m.sh. suaimhneasáin, hiopnóisigh), támhshuanaigh (m.sh. moirfín) agus pianmhúcháin láidre a údarú sula bhféadfar iad a thabhairt isteach sa tír. Mura bhfaighidh tú údarú roimh ré, d’fhéadfaí tú a ghabháil. Déan teagmháil le hArd-Choimisiún Oileán Mhuirís i Londain má cheapann tú go dteastaíonn údarú roimh ré ó do chuid drugaí ar oideas.

Gathanna ón iasc Synanceia

Níl gathanna ón iasc Synanceia coitianta, ach tá siad in ann a bheith marfach i roinnt cásanna. Ba chóir duit cúram liachta práinneach a fháil má chuirtear ga ionat. Bíonn séiream frith-nimhe le fáil in go leor óstán.

Airgead

Is é an rúipí airgeadra Oileán Mhuirís. Tá Bureaux de Change agus ATManna ar fáil go forleathan in go leor bailte ar an oileán agus in ionaid siopadóireachta mhóra. Glacann formhór na n-óstán, na mbialann agus na miondíoltóirí móra le cártaí creidmheasa.

 

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Mauritius, please contact the Embassy of Ireland in South Africa.

Embassy of Ireland
2nd Floor, Building A
238 Florence Ribeiro Avenue
Nieuw Muckleneuk
Pretoria
South Africa

Tel: + 27 12 452 1000

Monday to Thursday 09:00-12:00

Contact us