DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Poblacht na Macadóine, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Poblacht na Macadóine

Má tá tú ag taisteal go Poblacht na Macadóine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Phoblacht na Macadóine nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Phoblacht na Macadóine sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i bPoblacht na Macadóine, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i mBúcairist sa Rómáin má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá cúrsaí sách cobhsaí i bPoblacht na Macadóine tar éis droch-chomhrac idir-eitneach in 2001. Mar sin féin, maraíodh cúigear i ngar do Scóipé in Aibreán 2012 agus tá teannas nua ag baint leis sin mar gheall ar eagla gur cuspóirí creidimh nó eitneacha ba chúis leis na dúnmharuithe.

Tharla lámhach agus foréigean eile i Scóipé, Tetovo, Kumanovo agus Gostivar le déanaí. Cé nár díríodh aon cheann de na heachtraí ná ionsaithe sin ar dhaoine den phobal idirnáisiúnta, moltar duit a bheith ar an airdeall, go háirithe má tá tú i do chónaí nó ar cuairt sa Mhacadóin mar gheall ar nádúr neamhidirdhealaitheach na n-eachtraí sin.

Seachain sluaite móra, slógaí polaitíochta agus léirsithe. Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, óstán nó do thionscnóir turas.

Réigiúin Teorann

Bí cúramach agus tú ag taisteal chuig an gceantar ar an teorann leis an tSeirbia. Seachas áiteanna ainmnithe le dul trasna na teorann, tá an gar-limistéar teorann ina chrios míleata srianta agus ní mór duit cead a fháil ón stáisiún póilíní is gaire de chuid na Macadóine sula dtéann tú ann.

Is féidir leis an teorainn idir Poblacht na Macadóine agus an Chosaiv a bheith dúnta do thrácht uile ar ghearrfhógra.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht i bPoblacht na Macadóine íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Mianaigh talún

D’fhéadfadh mianaigh agus ordanáis neamhphléasctha a bheith fós ina nguais i réigiúin thuaidh agus thiar Phoblacht na Macadóine. Ba chóir duit do chuid taistil a dhéanamh ar phríomhbhóithre agus i rith an lae agus sin amháin.

Coiriúlacht

Tá an ráta coiriúlachta sách íseal i bPoblacht na Macadóine agus is fíor-annamh a dhéantar ionsaithe pearsanta ar eachtrannaigh, ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Bí cúramach, go háirithe san oíche. Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Tá go leor cásanna tuairiscithe maidir le peasghadaíocht déanta ag buíonta leanaí agus lucht goidte málaí ar eachtrannaigh sna príomhcheantair siopadóireachta agus siamsaíochta.

Coiriúlacht thromchúiseach

Tá grúpaí coiriúlachta eagraithe gníomhach i bPoblacht na Macadóine agus tarlaíonn eachtraí lámhaigh go tréimhsiúil, lena n-áirítear i Scóipé. Cé go ndírítear iad sin ar dhaoine ar leith, tá baol ann i gcónaí go mbeidh eachtrannaigh san áit mhícheart ag an am mícheart. Ba chóir duit fanacht sna príomhcheantair agus ar na príomhshráideanna agus bí ar an airdeall i gcónaí.  

Calaois cártaí creidmheasa

Tá calaois cártaí creidmheasa forleathan agus ba chóir duit a bheith cúramach agus tú ag úsáid do chárta.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i bPoblacht na Macadóine, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i mBúcairist má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i bPoblacht na Macadóine, ba chóir duit a bheith cúramach agus na treoirlínte bunúsacha seo a leanas a leanúint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Phoblacht na Macadóine, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Úsáid taobhshoilse/ceannsoilse maolaithe i gcónaí i rith an lae
  • Ná húsáid fón póca riamh agus tú ag tiomáint

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

Bíodh cóip de do phas ar iompar i gcónaí agat mar chéannacht.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Crith Talún

Níl creathanna talún neamhchoitianta i bPoblacht na Macadóine agus déantar creatháin bheaga a thaifeadadh i rith na bliana gan aon iarmhairtí. Tharla an mórchrith talún deiridh in 2011, le méid 2.0, ach níor gortaíodh aon duine agus ní dhearnadh mórán damáiste. Má tá tú ag taisteal go Poblacht na Macadóine nó i do chónaí ann, déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh tú i gcás go dtarlódh crith talún.

Embassy contact

Embassy Contact

In case of a genuine consular emergency while the Embassy is closed, please leave a message with name, location and telephone number at +4021 310 2131 and the Duty Officer will call you back.

Alternatively, the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin can be contacted at +353-1-408-2000.

Embassy of Ireland
50-52 Buzesti St
3rd Floor, Sector 1
Bucharest
Romania

Tel: +40 21 3102131
Fax: +40 21 3102181

Monday to Friday 09:30-12:30; 14:00-17:00

Contact us