DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Pórtó Ríce, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Pórtó Ríce

Má tá tú ag taisteal go Pórtó Ríce, tá leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil le fáil sa mhír comhairle taistil agus nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Forbhreathnú

Stádas Slándála

Gnáth-réamhchúraim

An Fógra Taistil is Déanaí

Táthar ag súil go mbeidh tionchar ag Hairicín Lee ar an Muir Chairib an deireadh seachtaine seo, agus í ag dul ó thuaidh de Phórtó Ríce. Cé nach bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh an stoirm i dtír ar an oileán is féidir gaotha arda agus báisteach throm a bheith ann, lena n-áirítear suaill mhór farraige a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le bristeacha contúirteacha agus coinníollacha sruth cuilitheála ag an gcladach.

Ba cheart do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh i gcónaí ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar shuíomh gréasáin Ionad Hairicíní Idirnáisiúnta de chuid SAM.

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Is críoch de chuid na Stát Aontaithe é Pórtó Ríce. Teastaíonn ESTAnó víosa ó shaoránaigh na hÉireann chun dul isteach sna Stáit Aontaithe.

Roimh thaisteal, is féidir iarratas ESTA (Córas Leictreonach um Údarú Taistil) a dhéanamh chun incháilitheacht na gcuairteoirí chun taisteal chuig na Stáit Aontaithe faoin gClár Tarscaoilte Víosaí (VWP) a chinneadh.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig na Stáit Aontaithe. Ní féidir paschártaí a úsáid. Tá comhaontú ag Éirinn le SAM a ligeann duit dul isteach ar phas reatha suas go dtí an dáta éaga – mar sin de, ní mór go mbeadh do phas Éireannach bailí ar feadh thréimhse d’fhanachta sna Stáit Aontaithe.

Moltar do chuairteoirí chuig Pórtó Ríce treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh an Ambasáid a leanúint ar na meáin shóisialta chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí Iúil go mí na Samhna go hiondúil sa Mhuir Chairib. Ba cheart duit an-aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta chomh maith le comhairle a leanúint ó na húdaráis áitiúla. Déan monatóireacht i gcónaí ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar shuíomh gréasáin Ionad Hairicíní Idirnáisiúnta de chuid SAM.

Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil sé ar intinn acu a bheith sa réigiún atá buailte le linn na tréimhse seo machnamh a dhéanamh ar an ngá le taisteal bunaithe ar eolas maidir le réamh-mheastacháin ar adhaimsir. 

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i bPórtó Ríce ach scairt a chur ar 911. I measc na n-uimhreacha éigeandála ar leith tá:

  • Na Póilíní: 911
  • An Bhriogáid Dóiteáin: 911
  • An tOtharcharr: 911

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Is críoch de chuid na Stát Aontaithe é Pórtó Ríce. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Washington DC​, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Séasúr na hairicíní

Tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí Iúil go mí na Samhna go hiondúil sa Mhuir Chairib. Ba cheart duit an-aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta chomh maith le comhairle a leanúint ó na húdaráis áitiúla. Déan monatóireacht i gcónaí ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar shuíomh gréasáin Ionad Hairicíní Idirnáisiúnta de chuid SAM.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil go léir agus faigh comhairle áitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbainfidh na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin go bhfuil tú as bealach, naimhdeach nó go bhfuil tú ag briseadh an dlí.

Sláinte

Sláinte

Sláinte

Víreas Zika

Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas agus sa réigiún Mhuir Chairib. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC).

Vacsaínithe

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na tíre, lena n-áirítear maidir le víosaí agus cúrsaí inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht is gaire duit de chuid na tíre.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal ar cheart duit aon vacsaíniú a fháil sula dtéann tú chun na tíre.

Tuilleadh comhairle taistil

Mar gheall nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht againn sa tír, ní féidir linn comhairle taistil cothrom le dáta a thabhairt.

Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar na haireachtaí eachtracha seo a leanas, áfach, chun eolas níos mionsonraithe a fháil:  

Embassy contact

Embassy Contact

If you are in need of emergency assistance, please contact the Embassy at + 1-202-462-3939 and leave a message on the answering machine.

The answering machine is monitored regularly and the Duty Officer will contact you as soon as possible.

Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at + 353-1-408 2000.

Embassy of Ireland
2234 Massachusetts Ave NW
Washington DC 20008
USA

Tel: +1 202 462 3939
Fax: +1 202 232 5993

Monday to Friday 09:00-13:00 and 14:00-16:00

Contact us