DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Veiniséala, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Veiniséala

Má tá tú ag taisteal go Veiniséala, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Seachain Taisteal Neamhriachtanach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Veiniséala nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Veiniséala sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid i Veiniséala, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má theastaíonn cúnamh uait áfach, is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Consail Oinigh i gCaracas nó le Ambasáid i mBuenos Aires.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú dul i dteagmháil le Ambasáidí nó Consalachtaí de Thíortha AE eile chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Crios teorann leis an gColóim

Ná téigh ag taisteal sa réigiún laistigh de 80 km (50 míle) de theorainn na Colóime sna stáit Zulia, Tachira agus Apure. Tá grúpaí sceimhlitheoireachta agus grúpaí armtha mídhleathacha a bhíonn ag plé le támhshuanacha sna stáit sin agus tá baol ard ó thaobh fuadaigh iontu. Seiceáil an Chomhairle Taistil seo go rialta chun eolas a fháil faoin réigiún teorann leis an Cholóim.

Coiriúlacht

Tá leibhéal ard de choiriúlacht thromchúiseach i Veiniséala, agus tá baol coiriúlachta sráide (armtha go minic), an-dona go háirithe i gCaracas agus i gcathracha eile. Ní mór duit na réamhchúraimí seo a leanas a dhéanamh: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Bí cúramach agus tú ag úsáid cártaí creidmheasa – tá fadhb ollmhór le calaois agus clónáil cártaí creidmheasa 
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Ná téigh ag siúl ná ag tiomáint in áiteanna iargúlta agus ná téigh ag siúl leat féin ag aon am, go háirithe san oíche. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Aerfort

Tá an bóthar idir Caracas agus an aerfort (Maiquetia) an-chontúirteach agus déanann oibreoirí tacsaí bréagacha ag an aerfort mugálacha agus fuadaigh. Déan iarracht gan an bealach seo a thaisteal san oíche, agus go háirithe idir 11pm agus 4am.  Ní féidir amanna na dturas a thuar agus ba chóir duit breis ama a thabhairt duit féin chun taisteal chuig agus ón aerfort. Cinntigh go socróidh tú iompar chuig do cheann scríbe deiridh sula sroicheann tú é agus ná bain úsáid ach as tacsaithe ceadúnaithe a bhfuil a n-uimhreacha le feiceáil go soiléir orthu.

Tá an t-aerfort féin in ann a bheith contúirteach. Má dhéanann oifigeach ort a airbheartaíonn gur duine oifigiúil ón aerfort é nó í, fiú má bhíonn siad in éide agus/nó má thaispeánann sé nó sí dintiúirí, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil tú i bpáirt ghnóthach den aerfort agus, más féidir é, ba chóir duit seiceáil le baill foirne eile an aerfoirt nó na haerlíne gur fíor-oifigigh iad. Tá gadaíocht coitianta san aerfort chomh maith agus ba chóir duit a bheidh airdeallach ó thaobh do ghiuirléidí.

Déanann an Guardia Nacional níos mó seiceálacha drugaí agus slándála randamacha ag an aerfort anois. Ciallaíonn sé sin go gcailleann roinnt paisinéirí a gcuid eitiltí. Má tá tú ag taisteal ar eitilt idirnáisiúnta ó Characas ní mór duit teacht ag an aerfort trí uair an chloig roimh an eitilt, ionas go mbeidh am agat nósanna imeachta slándála a chomhlíonadh.

Barrios

Seachain barrios (slumaí atá plódaithe le daoine), sráideanna na cathrach i gCaracas láir agus ceantar Sabana Grande toisc go bhfuil rátaí an-ard coiriúlachta iontu.

Fuadach

Is fadhb mhór i Veiniséala é fuadach agus d’fhéadfaí go ndíreofaí ar náisiúnaigh choigríche. Ná téigh chuig leithinse Araya agus Paria, a bhfuil leibhéil arda coiriúlachta iontu. Fan i ngrúpa agus fan i réigiúin turasóireachta.

Tá bagairt mhór fuadaigh ann chomh maith le hábhair imní shlándála a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí ag an teorainn leis an Bhrasaíl agus leis an Ghuáin agus tá fórsaí slándála gann sna limistéir sin. Tá méadú ag teacht ar choiriúlacht ar oileán Margarita chomh maith.

Tá baol ard fuadaigh sa réigiún laistigh de 80 km (50 míle) de theorainn na Colóime sná stáit Zulia, Tachira agus Apure ina bhfuil grúpaí sceimhlitheoireachta agus grúpaí armtha mídhleathacha a bhíonn ag plé le támhshuanacha gníomhach.

Bí ar d’aire agus tú ag taisteal i d’aonair, nó ag taisteal istigh sna barrios (slumaí) nó i ngar dóibh, agus nuair atá tú ag úsáid ATManna. Tá méadú ag teacht ar líon na ‘bhfuadach mear’ a tharlaíonn ina bhfuadaítear íospartaigh agus ina gcuirtear iallach orthu airgead a aistarraingt ó ATManna sula scaoiltear saor iad. I roinnt cásanna gortaíodh go dona agus maraíodh daoine a dhiúltaigh comhoibriú le déantóirí na coire.

Léirsithe

Le blianta beaga anuas tá léirsithe, bacainní tráchta agus stailceanna ag tarlú agus tarlaíonn plódú tráchta sa phríomhchathair, in ionaid mhóra ar fud na tire agus ar na príomh-mhórbhealaí. Mar gheall ar nádúr na léirsithe seo nach féidir a thuar agus an seans atá ann go dtarlóidh foréigean ní mór duit a bheith airdeallach, cruinnithe móra agus limistéir phoiblí ina bhféadfadh suaití tarlú a sheachaint agus súil a choinneáil ar fhorbairtí áitiúla.

Go minic is féidir leat fógra a fháil roimh ré sa nuachtán Béarla áitiúil Daily Journal. Tarlaíonn stailceanna náisiúnta ar fhógra gearr, a chuireann isteach ar thaisteal aeir, iompar poiblí agus saoráidí baincéireachta.

Sábháilteacht phearsanta

Ba chóir aird ghéar a thabhairt ar do shlándáil phearsanta i gcónaí, coinnigh súil ar na meáin agus seiceáil an Chomhairle Taistil go rialta chun eolas a fháil maidir le rioscaí sábháilteachta nó slándála nua a d’fhéadfadh tarlú. Ná dean iarracht dul thar imshuí, fiú má tá an chosúlacht air nach bhfuil aon duine i bhfeighil air. D’fhéadfadh cuirfiúnna a bheith i bhfeidhm chomh maith.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol domhanda ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha i Veiniséala, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Ábhar Meiscigh

Déantar taistealaithe a robáil agus a ionsaí i ndiaidh dóibh glacadh le bia nó deoch spíceáilte. Bí ar an airdeall agus tú ag glacadh le paimfléid mar tuairiscítear go ndéantar ionsaithe agus robálacha nuair a dháiltear paimfléid a bhfuil substaintí orthu a théann tríd an craiceann agus a chuireann an t-íobartach ar meisce.

Pasanna caillte nó goidte

Má chailltear nó má ghoidtear do phas, d’fhéadfá a bheith ag fanacht coicís ar cheann nua. Coinnigh do cháipéisí taistil slán i gcónaí. Beidh sé níos éasca pas nua a fháil má tá tú in ann cóip den cheann caillte nó goidte a sholáthar. Mar sin coinnigh fótachóipeanna de do phas.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Veiniséala, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an gConsalacht Oinigh i gCaracas Ambasáid i mBuenos Aires má tá cúnamh ag teastáil uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Veiniséala, ba chóir duit a bheith an-chúramach.  Tá dochar déanta do bhóithre mar gheall ar bháisteach throm agus tá droch-choinníollacha ann go fóill. Ná téigh ag tiomáint san oíche nó in áiteanna iargúlta. Tá goid carranna ina fhadhb i rith an lae agus i rith na hoíche.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Veiniséala, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tacsaithe

Agus tú ag taisteal i dtacsaithe i gCaracas nó i mbailte nó cathracha eile, bain úsáid as tacsaithe atá curtha in áirithe roimh ré seachas iad a stopadh sa tsráid. Bíonn uimhirphlátaí buí ag tacsaithe oifigiúla. Cuireann na hóstáin tacsaí ó chuideachtaí creidiúnacha ar fáil de ghnáth nó soláthraíonn siad a seirbhísí limisín féin.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Is fadhb mhór í gháinneáil ar dhrugaí i Veiniséala. Ná láimhseáil drugaí aindleathacha. Gabhtar daoine mar gheall ar gháinneáil ar dhrugaí go minic agus gearrtar pionóis dhiana, lena n-áirítear suas go dtí dhá bhliain athchuir faoi choimeád roimh pianbhreith a ghearradh agus pianbhreitheanna príosúnachta fada (deich mbliana de ghnáth) i bpríosúin Veiniséala a bhfuil coinníollacha crua agus contúirteacha iontu. Bíonn arm tine agus feisty pléascacha ar iompar ag go leor príosúnach agus tá foréigean coitianta.

Bí ar d’fhaichill maidir le tairiscintí ar luach saothair nó flaithiúlachta i Veiniséala mar mhalairt ar phacáistí a iompar i do bhagáiste ar ais go hÉirinn.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Báisteach

Bíonn báisteach an-trom i Veiniséala, a mbíonn tionchar aici ar chuid mhór den tír. Cuirtear isteach ar thaisteal i go leor áiteanna, agus tá drochbhail ar na bóithre i gcónaí. Maireann séasúr na báistí ó mhí na Bealtaine go dtí mí na Nollag agus d’fhéadfadh hairicíní, tuilte agus sciorrthaí talún tarlú. Bíonn tionchar acu sin ar iompar, fóntais, cúram éigeandála agus liachta, chomh maith le soláthairtí bia, breosla agus uisce. Is féidir leat monatóireacht a dhéanamh ar nuashonraí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí Ionad Náisiúnta Hairicíní na Stáit AontaitheAn Eagraíocht Mheitéareolaíochta Domhanda agus Cainéal na hAimsire.

Creathanna talún

Tá Veiniséala suite ar chrios creathanna talún gníomhach agus tarlaíonn creatháin talún. Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás creatha talún.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Veiniséala, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le Ambasáid de chuid  Veiniséala is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat nuair a théann tú go Veiniséala. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Ceadanna cónaithe

Má tá cónaí ort i Veiniséala, lena n-áirítear Margarita, is í an t-aon áit ar féidir leat iarratas a dhéanamh arc head cónaithe nó é a leathnú ná i bPríomhoifig Inimirce Veiniséala (ONIDEX) i gCaracas. Is iad seo a leanas na huimhreacha gutháin: (0212) 483 20 70 / (0212) 483 35 81 / (0212) 483 27 06

Tuairiscítear go bhfuil bealaí eile ann chun cead cónaithe a fháil, lena n-áirítear cuideachta amháin ar an laghad a thairgeann ceadanna cónaithe d’oileán Margarita, ach d’fhéadfadh dlíthiúlacht na gceadanna sin a bheith amhrasach agus ba chóir duit iad a sheachaint.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chuig Veiniséala.

Fliú na muc

Chun eolas cothrom le dáta a fháil maidir le heipidéim fliú na muc i Veiniséala, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an ambasáid Veiniséalach is gaire nó cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin (sa teanga Spáinnis) Aireacht Sláinte Veiniséala.

Maláire

Tá maláire i láthair i Veiniséala agus ba chóir duit comhairle liachta a fháil maidir cógais frith-mhaláire sula dtéann tú ag taisteal. Ní mór duit réamhchúraimí dóthanacha a dhéanamh i gcoinne greamanna ó mhuiscítí trí eangacha leapa agus éarthach a úsáid, agus trí bróga dúnta, muinchillí fada agus brístí a chaitheamh.

Fiabhras deinge

Tá fiabhras deinge eipidéimeach do Mheiriceá Laidineach agus is féidir leis tarlú ag am ar bith den bhliain. Ní mór duit réamhchúraimí a dhéanamh i gcoinne greamanna ó mhuiscítí a iompraíonn an fiabhras deinge, a bhíonn gníomhach i rith an lae.

Fiabhras buí

Is fadhb í an fiabhras buí i Meiriceá Laidineach agus d’fhéadfadh sé go mbeadh Teastas Fiabhras Buí ag teastáil uait sula dtéann tú ag taisteal sa réigiún.

Uisce

Molaimid duit gan ach uisce atá fiuchta, scagtha nó uisce i mbuidéil le linn do chuairte. 

Airgead

Tá rialuithe airgeadra dochta i Veiniséala agus is fearr duit an t-airgeadra áitiúil (Bolívars) a fháil sula dtéann tú ag taisteal más féidir. Aistreoidh Bureaux de change, lena n-áirítear an ceann in Aerfort Idirnáisiúnta Maiquetia, dollair SA go dtí Bolívars, mar aon le roinnt de na hóstáin mhóra. Ceannóidh roinnt banc dollair SA ar Bolívars nó díolfaidh siad Bolívars in aghaidh cárta creidmheasa coigríche. Glactar le seiceanna taistil dollar SA i bhformhór oifigí Italcambios.

Glactar le cártaí creidmheasa i bhformhór na mbailte agus i gcathracha móra. Bíonn deacrachtaí ann airgead tirim a aistarraingt as ATManna ag úsáid cártaí creidmheasa áfach. Tá baol calaoise agus clónála cártaí ann chomh maith.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance on weekends and public holidays. If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +57 1 657 6060. The emergency message system is checked regularly outside of office hours and a member of the Embassy staff will contact you as soon as possible.

When you leave a message, remember to state your name, the nature of the problem, where you are now, and the details of how the Duty Officer can contact you (e.g. leave your mobile phone number, or the phone number of the hotel/hostel where you are staying).

Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs at +353 (0)1 408 2000.

Embassy of Ireland in Colombia
Edificio Tierra Firme
Ak 9 #115-30
Bogotá D.C.

Tel: +57 1 657 6060

Monday to Friday 09.00 am - 5.30 pm

Contact us