DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Fuadach Leanaí

Is rud millteanach é fuadach linbh thar lear do thuismitheoir ar bith.  Má tharlaíonn sé seo duitse féadaimid cúnamh agus tacaíocht a thairiscint.

Fuadach Leanaí ag Tuismitheoir

Coinbhinsiún na Háige ar Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí

Tá an comhaontú seo idir tíortha áirithe (Éire san áireamh) ceaptha a chinntiú go dtugtar leanbh fuadaithe ar ais chuig an tír ina bhfuil gnáthchónaí air/uirthi sa chaoi gur féidir le cúirteanna na tíre sin cinneadh a dhéanamh faoi chúrsaí coimeádta agus caomhnóireachta.

An chaoi ar féidir le Coinbhinsiún na Háige cuidiú leatsa

Má d’fhuadaigh an tuismitheoir eile do pháiste agus má tugadh amach as an Stát é/í d’fhéadfadh go mbeifeá in ann faoi Choinbhinsiún na Háige a chinntiú go dtugtar do leanbh ar ais go hÉirinn le linn do chúirteanna na hÉireann cinneadh a dhéanamh faoi chúrsaí coimeádta agus rochtana. 

Ach má fuadaíodh do leanbh laistigh d’Éirinn, níl feidhm le Coinbhinsiún na Háige mar nach ndéileálann sé ach le cásanna fuadaithe idirthíre.

Tíortha nach páirtithe i gCoinbhinsiún na Háige iad

Má fuadaíodh do leanbh as Éirinn agus má tugadh go dtí tír nach páirtí i gCoinbhinsiún na Háige í, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le dlíodóir in Éirinn le comhairle a fháil faoi cad iad na himeachtaí dlí a d’fhéadfadh a bheith riachtanach i gCúirteanna na hÉireann.

An tÚdarás Lárnach um Fhuadach Leanaí

Is é an tÚdarás Lárnach um Fhuadach Leanaí ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an t-údarás náisiúnta in Éirinn chun déileáil le cásanna faoi Choinbhinsiún na Háige.

Is féidir leo comhairle a chur ort faoi cad le déanamh má thugtar do leanbh thar lear gan do thoiliú.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag:

An tÚdarás Lárnach um Fhuadach Leanaí

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Cearnóg an Easpaig

Cnoc Réamoinn

Baile Átha Cliath 8

Teil +353-1 4790200

Faics:  + 353-1 4790201

Ríomhphost: internationalchildabduction[at]justice[dot]ie