DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Cluichí Oilimpeacha 2016

Beidh Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2016 ar siúl i Rio de Janeiro ón 5 Lúnasa go dtí an 21 Lúnasa, agus is sa staidiam Maracana a bheidh na searmanais oifigiúla oscailte agus dúnta ar bun.

Cén Uair agus Cén Áit:

Beidh foirne agus lúthchleasaithe ag déanamh ionadaíochta ar son 206 thír i 42 spórt Oilimpeacha i 306 n-imeacht a bheidh ar siúl i 37 n-ionad. Gheobhaidh tú an t-eolas go léir faoin spórt is fearr leat féin, lena n-áirítear ionaid, léarscáileanna agus ticéid, ar shuíomh gréasáin Rio2016 www.rio2016.com/en/sports

Conas is féidir liom taisteal thart?

Moltar duit a bheith cúramach má tá sé i gceist agat seirbhísí iompair phoiblí a úsáid, go háirithe san oíche. Ba cheart do thurasóirí a bheith ag faire amach do pheasghadaithe. Ná téigh ach amháin ar sheirbhísí oifigiúla meitreo nó bus agus ná húsáid na seirbhísí neamhoifigiúla mionbhusanna/tointeála. Tá léarscáil idirghníomhach turasóireachta den chóras meitreo ar shuíomh gréasáin Metro Rio: https://www.metrorio.com.br/VadeMetro/MapaInterativo

Oibreoidh cuid mhaith de na príomh-aipeanna fóin chliste i Rio de Janeiro, ach teastóidh nasc sonraí uait. D'fhéadfá é a iarraidh ar an óstán uimhir a thabhairt duit chun glaoch ar thacsaí nó tiománaí tacsaí creidiúnach. Má tá amhras ar bith ort nó mura bhfuil tú cinnte faoi chúrsaí sábháilteachta nó slándála, ná téigh ar bord.

Má tá feithicil á fáil ar cíos agat, ná tabhair do phas ar lámh i gcáil urrúis. Má cheadaíonn tú go ndéanfaí fótachóip de do phas, ná lig amach as d'amharc é. Seiceáil go bhfuil do dhóthain árachais agat agus iarr ar an ngníomhaire an cló beag sa fhruilchonradh a mhíniú duit (go háirithe aon tarscaoileadh a thiocfaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

D'fhéadfadh stailceanna a chuirfeadh isteach ar chúrsaí iompair agus ar chúrsaí slándála a bheith ar siúl sa Bhrasaíl ar fhógra gearr. Is minic nach maireann na stailceanna sin i bhfad, ach d'fhéadfaidís cur isteach ort. Molaimid duit a bheith ag faire ar na meáin áitiúla i gcomhair comhairle agus an scéala is déanaí.

An dteastóidh víosa uaim dul chuig na Cluichí Oilimpeacha?

Tá comhaontú déanta idir Éire agus an Bhrasaíl faoinar féidir lena gcuid saoránach dul isteach i dtíortha a chéile gan víosa, i gcáil turasóra, ar feadh suas le 90 lá. Mar sin féin, beidh ort a bheith in ann a léiriú gur turasóir thú i ndáiríre (féach thíos).

Ar theacht chun na Brasaíle duit, ní mór duit pas a thaispeáint atá bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad. Má tá aon cheisteanna eile agat faoin inimirce, ba chóir duit labhairt le do ghníomhaire taistil nó dul i dteagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht is gaire duit de chuid na Brasaíle.

Go ginearálta, ba chóir duit iad seo a leanas a bheith agat ar theacht chun na Brasaíle duit:

  • Fianaise go bhfuil do dhóthain airgid agat, nó fáil air (má tá tú ag tabhairt cárta creidmheasa leat, molaimid duit ráiteas a iompar mar fhianaise ar theorainn an chreidmheasa).
  • Ticéad fillte nó ticéad ar aghaidh chuig ceann scríbe eile.
  • Cruthúnas go bhfuil lóistín curtha in áirithe don chéad oíche ar a laghad.
  • Má tá tú ag teacht ó chrios ina bhfuil an fiabhras buí rábach i dtír eile i Meiriceá Theas, teastóidh cárta vacsaínithe i gcoinne an fhiabhrais bhuí uait
  • Oidis i gcomhair cógais ar bith atá agat leat

Ar theacht isteach sa Bhrasaíl duit, ba chóir duit a chinntiú go gcuirfidh na húdaráis inimirce stampa ar do phas agus go gcoinneoidh tú cóip de do chárta tuirlingthe inimirce. Iarrfar ort iadsan a thaispeáint ar fhágáil na Brasaíle duit, agus d'fhéadfaí fíneáil a ghearradh ort mura mbeidh siad agat.

Comhairle bhreise faoin víreas Zika

Molaimid do thaistealaithe gach réamhchúram is gá a thógáil chun iad féin a chosaint ar ghreamanna muiscíte, ar féidir leo drochghalair éagsúla a iompar, agus an mhaláire, an fiabhras deinge agus an víreas Zika ina measc. I measc na mbeart cosanta ina gcoinne tá leas a bhaint as éarthach feithidí, agus ceantair ina bhfuil a lán muiscítí a sheachaint (áit a bhfuil uisce marbh, mar shampla). Tá an Roinn ag déanamh monatóireachta ar na cúrsaí sin agus tá an chomhairle taistil á nuashonrú go rialta aici.

Beidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl i rith an gheimhridh i Rio de Janeiro, tráth nach mbeidh an oiread muiscítí ann de bharr an aimsir a bheith fionnuar tirim le hais an tsamhraidh.  Tá sé ráite ag an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfágfaidh an aimsir sin gur lú go mór an baol go dtolgfaidh cuairteoirí galair ó mhuiscítí, galair amhail an víreas Zika agus an fiabhras deinge.

Tá comhairle eisithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte i dtaobh na gCluichí Oilimpeacha agus an víreas Zika. Molann an eagraíocht sin do mhná torracha gan taisteal chuig ceantair ina bhfuil an víreas Zika á scaipeadh ar bhonn leanúnach. Ní mheasann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur gá na cluichí a chur siar ná a chur ar ceal, agus molann sí gur chóir do chuairteoirí ar na cluichí cúram cuí a ghlacadh chun iad féin a chosaint ar ghreamanna muiscíte.

Sábháilteacht i Rio de Janeiro:

Tá an-tóir ar Rio de Janeiro mar cheann scríbe turasóireachta agus is álainn an chathair í chun na Cluichí Oilimpeacha a bheith ar siúl inti. Is minic a dhéantar mionchionta gadaíochta, ar nós na peasghadaíochta agus sciobadh málaí, agus is fir óga ar ghluaisrothair a dhéanann an ghadaíocht sin uaireanta. Bíonn gadaithe i mbun a gcuid oibre i margaí faoin spéir, in óstáin agus ar sheirbhísí iompair phoiblí nó thart timpeall orthu. Moltar duit a bheith ag faire amach agus tú in áiteanna den sórt sin, agus tránna a sheachaint tar éis thitim na hoíche. Ba chóir do thurasóirí gan dul chuig favela (bailte seantán), mar gheall go mbíonn a lán coireachta ar bun iontu.

Moltar duit a laghad is féidir giuirléidí a bhreith leat agus rudaí luachmhara a fhágáil sa bhaile (pasanna, cártaí, seodra). Tabhair faoi deara gur gá duit aitheantas grianghraif a bhreith leat i gcónaí. Seans go bhfeilfeadh cárta pas nua na Roinne duit mar chineál áisiúil aitheantais in ionad an phas féin https://www.dfa.ie/passportcard/

Bíonn bagairt ann ón mearfhuadach agus ón bhfuadach cairr – is éard atá i gceist leo sin ná daoine a fhuadach ar feadh tamall gearr chun íocaíocht thapa a fháil ó theaghlach, ó ghnólacht nó ó chártaí bainc an té a fuadaíodh. Páirceáil in áiteanna ina bhfuil solas geal; téigh chuig do charr agus do chuid eochracha réidh agat; bíodh na doirse faoi ghlas agus na fuinneoga dúnta agus tú ag tiomáint.

Má dhéantar coir i do choinne, comhoibrigh leis na coirpigh agus ná cur ina gcoinne. Sín chucu rudaí luachmhara má bhagraíonn siad ort; ná déan iarracht cur i gcoinne daoine a dhéanfaidh ionsaí ort; d'fhéadfaidís airm a bheith acu nó a bheith faoi thionchar drugaí.

Má dhéantar coir i do choinne agus tú sa Bhrasaíl, déan tuairisc láithreach leis na póilíní áitiúla. Molaimid duit “boletim de ocorrência” (tuairisc de chuid na bpóilíní) a fháil ag “delegacia” (stáisiún póilíní). Féach ar an gcomhairle taistil uainn i leith na Brasaíle chun eolas iomlán a léamh.

Eolas eile

Ní mór duit doiciméad aitheantais a bhreith leat agus tú sa Bhrasaíl. Mar a luadh thuas, áfach, molaimid duit do phas a fhágáil in áit shábháilte san óstán nó san áit ina bhfuil tú ag cur fút. Fág cóip de do phas (agus doiciméid taistil agus doiciméid árachais) le do mhuintir nó le cairde leat sa bhaile freisin.

Is gá deimhnithe vacsaínithe i gcoinne póilió a thaispeáint i leith páistí atá idir trí mhí d’aois agus sé bliana d'aois. I gcás daoine a bhí i dtíortha áirithe suas le trí mhí roimh thaisteal go dtí an Bhrasaíl dóibh, ba chóir dóibh deimhnithe idirnáisiúnta vacsaínithe i gcoinne an fhiabhrais bhuí a thaispeáint.

  • Ná hathdhíol ticéid – is cion coiriúil é. D'fhéadfaí tú a ghabháil nó a chur sa phríosún.
  • Ní féidir leat leas a bhaint as ceadúnas tiomána Éireannach – déan cinnte go dtabharfaidh tú ceadúnas tiomána idirnáisiúnta leat agus go mbeidh do dhóthain árachais chuí agat.
  • Ní mór duit doiciméad aitheantais a bhreith leat agus tú sa Bhrasaíl. In ionad do phas a bhreith leat, áfach, faigh cóip lannach de leathanach an phictiúir déanta roimh thaisteal duit. Is féidir an chóip lannach a úsáid chun do chéannacht a chruthú, agus do phas a fhágáil in áit shábháilte san óstán nó san áit ina bhfuil tú ag cur fút.
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe agus gnásanna áitiúla: féach ar an gcomhairle taistil uainn ag dfa.ie/travel.
  • De bharr na gcúinsí ardslándála, is dócha go mbeidh scuainí fada ag fanacht le dul ar sheirbhísí iompair phoiblí agus isteach chuig ionaid, mar sin bí ann luath agus lean na treoracha ó oifigigh na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Parailimpeacha.
  • Bí cinnte greim le hithe a bheith agat roimh deoch mheisciúil a ól, ól neart uisce agus ná déan dearmad ar an taos gréine agus an éarthach feithidí.

Sonraí Teagmhála

Ambasáid na hÉireann

SHIS QL 12 conjunto 05 casa 09
Lago Sul
Brasília - DF
CEP 71630-255
An Bhrasaíl 

Teileafón: +55 61 3248-8800

Suíomh Gréasáin: https://www.dfa.ie/brazil/

Consulado Geral da Irlanda em São Paulo
Avenida Paulista 1079, Andar 7
01310-200 – SP
São Paulo
An Bhrasaíl

Suíomh Gréasáin: https://www.dfa.ie/sao-paulo/