Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

LADTA+

Ní bhíonn deacrachtaí ag an gcuid is mó de thaistealaithe LADTA+ agus iad ag tabhairt cuairt ar thíortha eile. É sin ráite, molaimid duit roinnt taighde a dhéanamh ar do cheann scríbe toisc go mbeidh dlíthe agus próisis dhlíthiúla inmheánacha i bhfeidhm sa tír agus tú ann. Athríonn dearcaí i leith féiniúlacht inscne agus gnéaschlaonta ó thír go tír, ó thaobh dlí de agus ó thaobh cúrsaí sóisialta de, agus ní mór duit tú féin a chur ar an eolas roimh ré. Déan seiceáil ar ár gcomhairle de réir tíre: dfa.ie/taisteal/comhairle-taistil-de-reir-tire/ chun tuilleadh eolais a fháil sula dtaistealaíonn tú.

Bí chomh cúramach agus a bheadh sa bhaile más rud é go bhfuil sé ar intinn agat teacht le chéile le daoine LADTA+ eile thar lear ar aipeanna geandála nó ar fhóraim eile. Más rud é go bhfuil tú i dtír ina bhfuil dearcaí naimhdeacha i leith an phobail LADTA+ go mór chun cinn, ní mór duit a bheith ar d’fhaichill toisc go bhféadfadh na póilíní nó grúpaí eagraithe dul i mbun feachtas sáinnithe i gceantair a bhfuil an-tóir orthu i measc an phobail LADTA+. 

Tá homaighnéasacht agus caidrimh homaighnéasacha mí-dhleachtach i roinnt tíortha agus is minic a bhíonn tromphionóis ag gabháil leis sin. I dtíortha mar sin, moltar a bheith an-chúramach. Féach ar ár leathanaigh comhairle de réir tíre chun tuilleadh eolais a fháil.

Ní ghlactar le pósadh comhghnéis ach i roinnt tíortha agus cé go nglacann tíortha ar leith le caidrimh chomhghnéis, ní ghlactar leo i ngach tír. Is fiú smaoineamh air seo mar d’fhéadfadh impleachtaí a bheith i gceist dá n-éireofá/do chéile tinn mar ní aithneofar thú mar neasghaol i roinnt tíortha. Má tharlaíonn sé seo, molfaimid duit cead scríofa a fháil duitse agus do do chéile, cead a ligeann dóibh teacht ar d’fhaisnéis linn má éiríonn tú tinn nó más gá duit seal a chaitheamh san ospidéal.

Ba chóir do dhaoine trasinscneacha cáipéisíocht taistil agus teastas pearsanta a athbhreithniú chun a chinntiú go bhfuil d’inscne i gceart.

Is féidir le heagraíochtaí, amhail Cumann Idirnáisiúnta na Leispiach, na nDaoine Aeracha, na nDéghnéasach, na dTrasghnéasach agus na nIdirghnéasach, eolas úsáideach a chur ar fáil duit freisin http://ilga.org/ (*Tabhair faoi deara nach ionann seo agus tacaíocht oifigiúil don eagraíocht a luaitear. Ní baint ag an Roinn le heolas atá ar fáil ar shuíomhanna gréasáin de chuid grúpaí agus eagraíochtaí príobháideacha a dhearbhú nó eolas a dearbhaíodh san am atá caite a uasdátú.)