Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Ag dul i dteagmháil le hAmbasáidí

Is minic gur i do chóngaracht atá an cuidiú is fearr, agus dá bhrí sin má bhíonn fadhbanna agat agus tú thar lear, bain triail as labhairt le do lucht aithne sa cheantar, le hionadaithe an tionscnóra turas nó le lucht bainistíochta an óstáin. Más gá duit teagmháil a dhéanamh linn, áfach, beidh áthas orainn cabhrú leat.

Leideanna tapa

  • Breac síos sonraí teagmhála na hAmbasáide ábhartha roimh thaisteal duit.
  • Cláraigh do chuid sonraí linne roimh imeacht duit ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat i gcás éigeandála.

Teagmháil a dhéanamh linn nuair a bhíonn tú thar lear

Má bhíonn tú sáite i gcás éigeandála thar lear, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid, an Chonsalacht nó an Consal Oinigh is gaire duit chun cabhair a fháil.

Tá sonraí teagmhála ar leathanaigh comhairle taistil na dtíortha éagsúla ar an suíomh gréasáin agus an aip atá againn.

Ina theannta sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Cúnaimh Consalachta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag +353 1 408 2000.

Níl Ambasáid ná Consalacht ann?

I dtíortha nach ndéantar aon ionadaíocht fhoirmiúil ar Éirinn iontu, féadfar cúnamh consalachta, comhairle agus tacaíocht i gcás éigeandála a lorg trí oifigí bhallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Tá liosta anseo de mhisin uile an Aontais Eorpaigh i dtír ar bith.

Cláraigh linne roimh thaisteal duit

Má chláraíonn tú linne, beimid in ann teagmháil a dhéanamh leat go tapa má tharlaíonn géarchéim gan choinne cosúil le tubaiste nádúrtha nó má tharlaíonn éigeandáil teaghlaigh duit agus tú thar lear. Agus, más gá, is féidir linn cúnamh a thabhairt duitse agus do do theaghlach.