DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/safety-and-security. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/safety-and-security.

Sábháilteacht agus Slándáil

Is cuma cá bhfuil do thriall, ba chóir go mbeadh do shábháilteacht phearsanta, do shláinte agus do shlándáil mar phríomhthosaíocht agat. Lean ár leideanna lena chinntiú go dtéann do thuras ar aghaidh de réir mar a pleanáladh é.

Roinnt Leideanna

  • Seiceáil ár gcomhairle taistil chun ár measúnú is déanaí a fheiceáil den chás slándála sa tír ar mian leat cuairt a thabhairt uirthi.
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní shlándála.
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar chóir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála.
  • Seachain agóidí agus léirsithe, agus ná glac grianghraif d’fhoirgnimh íogaire nó pearsanra slándála.
  • Fan ar an airdeall i gcónaí agus glac cúramaí breise chun do shlándáil pearsanta a chosaint.
  • Roinn do phlean turais le do theaghlach nó do chairde sa chaoi agus go mbeidh do gharshuíomh ar an eolas acu ag am faoi leith.

Coireacht

Ba chóir duit réamhchúraimí ciallmhara a ghlacadh chun tú féin agus do ghiuirléidí a chosaint. Seiceáil ár leathanaigh um chomhairle thaistil chun eolas sonrach a fháil faoi do cheann scríbe agus lean na treoirlínte simplí seo:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead tirim in aon áit amháin agat - fág airgead tirim breise agus rudaí luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas agat, ach amháin má bhíonn sé go hiomlán riachtanach agus fág cóip den phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le do chairde sa bhaile
  • Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint nó seodra luachmhara a chaitheamh go poiblí.
  • Ná húsáid uathmheaisíní bainc agus é dorcha, go háirithe má tá tú i d’aonar. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint agus tú i ndiaidh do chuid airgid a aistarraingt.
  • Coinnigh súil ghéar ar do ghiuirléidí agus bíodh greim agat orthu in áiteanna poiblí amhail caiféanna idirlín, stáisiúin bhus agus traenach.
  • Seachain sráideanna, staighrí agus páirceanna dorcha agus gan soilse.

Coir a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa thar lear, tuairiscigh do na póilíní áitiúla é láithreach. Chun éileamh a dhéanamh ar d’árachas taistil nó chun pas a fháil in áit ceann a goideadh, beidh gá le tuarascáil phóilíní. Beidh tú in ann teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid, Consalacht nó Consal Oinigh na hÉireann má bhíonn cabhair uait, ach ní féidir linn coir a thuairisciú ar do shon.

Coinbhleacht

Seiceáil ár leathanaigh um chomhairle taistil i gcónaí chun eolas a fháil faoin gcás slándála sa tír a mbeidh tú ag tabhairt cuairt uirthi agus cláraigh do chuid sonraí linne ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála. Agus tú thar lear, fan ar an eolas faoi chásanna a bhíonn ag teacht chun cinn trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí dhul i gcomhairle le teagmhálacha áitiúla, óstáin agus eagraithe turais.

Seachain léirsithe agus agóidí i gcónaí mar d’fhéadfaidís a bheith spriocdhírithe agus ionsaitheach.

Fan amach ó láithreáin mhíleata – d’fhéadfaí go mbeadh cosc ar ghrianghrafadóireacht de lárionaid na póilíneachta agus an airm, agus roinnt foirgneamh poiblí.

Sceimhlitheoireacht

Tá riosca leanúnach i go leor tíortha a bhaineann le hionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, a d’fhéadfaí díriú ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann turasóirí agus easaoránaigh. Seiceáil ár leathanaigh um chomhairle taistil agus cláraigh do chuid sonraí linne ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat má tharlaíonn géarchéim nach bhfuil coinne léi.

Fuadach

I roinnt tíortha, d’fhéadfadh fuadaigh a bheith dírithe ar náisiúnaigh choigríche. Seiceáil ár leathanach um chomhairle taistil le fáil amach an bhfuil riosca fuadaigh i do cheann scríbe. Má tá, ba chóir na réamhchúraimí bunúsacha seo a ghlacadh:

  • Faigh comhairle ó do theagmhálaithe áitiúla maidir le fanacht sábháilte.
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe idir bailte agus cathracha.
  • Seachain taisteal i d’aonar.
  • Agus tú ag tiomáint, cinntigh go bhfuil gach doras ar do charr faoi ghlas.
  • Déan do bhealaí agus d’amanna imeachta a athrú, agus seachain pátrúin ar féidir raon a choinneáil orthu.
  • Coinnigh súil ar na meáin áitiúla le haghaidh tuarascálacha fuadaigh.

Mianaigh Thalún

Is féidir le mianaigh agus ordanáis nach bhfuil pléasctha a bheith mar chontúirt in iarláithreacha catha. Ná himigh ó na príomhbhóithre, go háirithe i gceantair thuaithe, agus faigh eolas cothrom le dáta ó do theagmhálaithe áitiúla nó ó do chomhlacht taistil.

Tiomáint

D’fhéadfadh dúshlán a bheith ag baint le tiomáint thar lear. D’fhéadfadh strus a bheith ag baint le tiomáint ar an taobh eile den bhóthar, plé le dlíthe tráchta nach bhfuil tú ar an eolas fúthu, agus feithicil nach bhfuil cur amach uirthi a thiomáint. I roinnt tíortha, d’fhéadfaí go mbeadh ort déileáil le drochbhóithre, soilsiú easnamhach agus drochthiomáint. Seiceáil ár leathanaigh um chomhairle taistil i gcónaí chun sonraí a fháil faoin tiomáint sa cheann scríbe agus léigh an Chomhairle ón AA faoi Thiomáint Thar Lear. Ba chóir cuimhneamh ar na treoirlínte simplí seo:

  • Tabhair leat do cheadúnas iomlán tiomána Éireannach agus/nó do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus déan cinnte go bhfuil an t-árachas ceart cuí agat.
  • Seachain a bheith ag tiomáint má bhíonn tú faoi thionchar an alcóil nó drugaí. D’fhéadfaí thú a choimeád, a fhíneáil nó cosc a chur ort bheith ag tiomáint má ghabhtar thú ag brath ar an áit a bhfuil tú.
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta áitiúla, lena n-áirítear teorainneacha luais, agus cloígh leo.

Ní mór do thiománaithe agus do phaisinéirí criosanna sábháilte a chaitheamh i gcónaí.

Bíodh doirse d’fheithicle faoi ghlas agat agus do mhálaí as radharc chun sciobadh málaí gan choinne a chosc agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt mar ní slándála. Má bhíonn tú ag ceadú do phas a fhótachóipeáil, coinnigh i do radharc é an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas leordhóthanach agat agus léigh an cló beag ar chonradh na feithicle ar cíos (go háirithe aon tarscaoileadh a thiocfaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).