Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tubaistí nádúrtha

Is cuma cá bhfuil do thriall, ba chóir duit a bheith ullmhaithe don aeráid áitiúil agus d’aon tubaistí nádúrtha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar do cheann scríbe.

Comhairle phraiticiúil

  • Faigh árachas taistil cuimsitheach.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn roimh duit taisteal ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat i gcás éigeandála.
  • Léigh ár gcomhairle taistil de réir tíre.
  • Faigh comhairle áitiúil faoi conas déileáil i gcás tromchúiseach nó má bhíonn coinníollacha dainséaracha ann.
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus na seirbhísí éigeandála i gcásanna tromchúiseacha.
  • Má tá tú i gcás tromchúiseach, cuir do theaghlach, do chairde agus muidne ar an eolas go bhfuil tú sábháilte. Chomh maith leis sin, is féidir leat glaoch a chur ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar +353 1 408 2000.

Teas as Cuimse

Is féidir le teochtaí foircneacha difear a dhéanamh do go leor áiteanna ar fud an domhain, go minic i rith thréimhse an tsamhraidh, agus is féidir leo cur isteach ar thaisteal.

Má tá sé i gceist agat taisteal chuig áit a bhféadfadh aimsir an-te dul i bhfeidhm uirthi, molaimid duit:

  • Seiceáil a dhéanamh le d'oibreoir nó do ghníomhaireacht taistil, nó le d'óstán, roimh thaisteal duit chun féachaint an mbíonn tionchar mór ag an aimsir ar an gceantar a bhfuil sé beartaithe agat cuairt a thabhairt air.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar nuashonruithe aimsire áitiúla.
  • Comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint i gcónaí.
  • Do shonraí teagmhála a chlárú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Má tá i gceantar atá buailte ag aimsir an-te cheana féin, ba cheart duit:

  • Neart uisce a ól, uachtar gréine a chaitheamh agus fanacht amach as solas díreach na gréine agus teorainn a chur le gníomhaíocht fhisiciúil go háirithe i lár an lae.
  • Ba cheart do shaoránaigh leochaileacha cúram ar leith a ghlacadh in aimsir the.
  • Lean comhairle na n-údarás áitiúil agus treoracha na seirbhísí éigeandála.
  • Fan i dteagmháil le d'oibreoir taistil chun eolas a fháil ar shocruithe agus eitiltí, áit a dtarlaíonn cur isteach.
  • Mura bhfuil sin déanta agat cheana cláraigh do shonraí teagmhála leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas fanacht sábháilte le linn tonn teasa tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin FSS​.

Hairicíní

Is stoirmeacha trópaiceacha tromchúiseacha iad hairicíní a mbíonn gaoithe arda, báisteach throm, tuillte, sciorradh láibe agus tornádónna mar thoradh orthu. Tugtar cioclóin agus tíofúin orthu (ag brath ar an gceantar ina dtarlaíonn siad).

Bíonn an séasúr hairicíní ar siúl ó thús mhí an Mheithimh go dtí deireadh mhí na Samhna agus bíonn éifeacht acu ar an Aigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin, Muir Chairib, agus Murascaill Mheicsiceo.

Más spéis leat taisteal chuig tír ina mbíonn stoirmeacha go minic, ba chóir duit monatóireacht a dhéanamh ar nuashonraithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta le linn do chuairte. Is féidir leat eolas aimsire agus rianaithe stoirmeacha mionsonraithe a fháil ar Ionad Hairicíní Náisiúnta SAM agus Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta. Lean treoracha na n-údarás áitiúil i gcónaí faoi shlándáil agus aslonnú.

Creathanna talún

Tarlaíonn creathanna talún ar fud an domhain go rialta ach mar gheall go mbíonn a bhformhór beag, is ar éigean a dhéantar iad a chlárú. Má tharlaíonn crith talún ar mhéid thart ar sé nó níos mó ar an scála Richter d’fhéadfadh sé go leor damáiste a dhéanamh agus d’fhéadfadh daoine bás a fháil.

Fiosraigh an scéal más ag taisteal chuig zón creatha talún gníomhach atá tú tríd an léarscáil de limistéir a mbuaileann creathanna talún iad ar Léarscáil Sheismeach Guaiseacha Domhanda. Ba chóir duit a fháil amach ó do theagmhálaithe áitiúla nó d’óstán cad ba chóir a dhéanamh i gcás creatha talún.

Súnámaithe

Is éard is súnámaithe ann ná tonnta aigéin, a bhíonn mar thoradh ar bhrúchtaí bolcánacha nó creathanna talún. Is féidir leo a bheith an-dainséarach agus is minic a chailltear cuid mhór daoine mar thoradh orthu. Más ag taisteal go ceantar cósta i zón a mbíonn riosca súnámaithe ann, bí ar an airdeall ar rabhaidh shúnámaithe a d’fhéadfadh na húdaráis a eisiúint. Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi cad le déanamh i gcás súnámaithe tríd an suíomh gréasáin Ionad Eolais Súnámaithe Idirnáisiúnta a sheiceáil.

Bolcáin

Bíonn go leor cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí bolcánacha ann, ó shilíní laibhe go pléascanna foréigneacha a mbíonn damáiste forleathan mar thoradh orthu. Déantar monatóireacht chúramach ar an gcuid is mó de bholcáin, agus is féidir le heolaithe rabhadh roimh ré a fhógairt roimh aon imeacht tromchúiseach.

Más ag taisteal go ceantar ina bhfuil bolcán gníomhach, déan monatóireacht chúramach ar thuarascálacha áitiúla. Agus tú ar cuairt ar bholcán, seachain dul róghar mar d’fhéadfadh pléascanna gaile nó luaithe tarlú am ar bith. Ba chóir cuimhneamh go bhféadfadh luaith bholcánach cur isteach go mór ar sheirbhísí taistil.

Tuilte

Bíonn tuilte, sciorradh láibe agus sciorradh talún contúirteacha mar thoradh ar bháisteach monsúin. Bíonn iarmhairtí uafásacha mar thoradh orthu seo, lena n-áirítear caillteanas beatha, scriosadh bailte agus sráidbhailte iomlána, agus cur as do chóras iompair.

Más ar cuairt ar cheantar atá buailte go dona ag tuilte, fan ar an eolas faoi réamhaisnéisí aimsire réigiúnacha agus pleanáil dá réir. Cinntigh go bhfuil do dhóthain uisce le hól agat i dtaisce agus cinntigh gur féidir dul thar na bóithre sula dtosaíonn tú ar aistir fhada. Is cosúil go mbíonn galair uisce-iompartha mar riosca níos mó le linn tuilte agus mar sin bí airdeallach gan uisce truaillithe a ól.              

Maidhmeanna Sneachta

Bíonn maidhmeanna sneachta agus ráthanna sneachta mar chontúirt i gceantair shléibhtiúla, ina mbíonn sé deacair an aimsir a thuar agus is féidir leo tarlú go tobann. Má tá sé ar intinn agat sciáil a dhéanamh, nó dul ag dreapadóireacht/siúlóireacht, déan monatóireacht chúramach ar an aimsir áitiúil agus ar choinníollacha sábháilteachta. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Seirbhísí Rabhaidh Maidhmeanna Sneachta na hEorpa le haghaidh breis sonraí. Cinntigh go bhfuil do dhóthain trealaimh agat agus cuir duine éigin ar an eolas faoi do chuid pleananna i gcónaí. Lean comhairle ó na húdaráis áitiúla agus cloígh le rabhaidh agus fógraí scríofa. Ba chóir duit a chinntiú go gclúdaíonn d’árachas taistil na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.

Dóiteáin Foraoise

Is fadhb shuntasach iad dóiteáin foraoise i roinnt tíortha ina mbíonn an aimsir an-tirim. Bíonn éifeachtaí uafásacha ag na dóiteáin seo agus is iondúil go mbíonn dianphionóis i gceist má sháraítear na rialacha, amhail neamhaird a dhéanamh ar rabhadh um chosc iomlán ar thinte. Bí freagrach i gcónaí agus tú ar cuairt ar cheantair faoi choillte agus ná las beárbaiciúnna nó ná fág bruscar i do dhiaidh má bhíonn dóiteáin ann go minic. Lean tuarascálacha áitiúla go cúramach maidir le rabhaidh dhóiteáin foraoise agus seachain aon áit ina bhfuil rabhaidh dóiteáin i bhfeidhm.