Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Comhairle Taistil do mhic léinn J1

Má tá sé i gceist agat páirt a ghlacadh i gclár Oibre agus Taistil na Mac Léinn J1, tá roinnt comhairle úsáideach anseo duit a chuideoidh leat chun go mbeidh do thuras gan eachtra.

Maidir leis an gclár J1

Le Clár Oibre agus Taistil na Mac Léinn (an clár J1) ligtear do mhic léinn as na Stáit Aontaithe agus as Éirinn a bheith ag obair agus ag taisteal ar feadh roinnt míonna gach samhradh.

Comhairle do Mhic Léinn J1 na hÉireann

Tá sé ríthábhachtach go ndéantar turas a phleanáil go maith sula dtéann tú thar lear, go háirithe má bhíonn sé i gceist agat a bheith ag obair agus ag cónaí i dtír eile.

Cóiríocht

Cinntigh go mbeidh tú in ann cóiríocht a fháil sna Stáit Aontaithe. Bíonn fadhb mhór le heaspa cóiríochta ag roinnt mac léinn J1 as Éirinn in áiteanna mar Chicago, a bhfuil mic léinn ag dul ann le blianta fada anuas.

Do phas a choinneáil go sábháilte

Gach bliain, bíonn fadhb le pasanna caillte nó goidte ag mic léinn J1. Tógann sé am doiciméadúchán taistil athsholáthair a fháil agus cuirfidh sin tuilleadh costais ort. Mar sin cinntigh go gcoinníonn tú do phas sábháilte i gcónaí agus déan iarracht gan é a bheith ar iompar agat. Tabhair leat céannacht eile le grianghraif, mar shampla cheadúnas tiomána, agus coinnigh fótachóipeanna den leathanach céannachta de do phas in áit shábháilte sa chás go mbeadh ort iarratas a dhéanamh ar phas athsholáthair. Má bhíonn pas nua a fháil, bí i dteagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit. Cuimhnigh má théann tú ag taisteal go Meicsiceo, ní ligfear duit dul isteach sna Stáit Aontaithe arís gan pas bailí a bheith agat a bheidh meaisín ábalta a léamh.

Is cion coiriúil é pas a fhalsú nó a athrú

Is cion coiriúil é pas a fhalsú nó a athrú agus is cion feidearálach é sna Stáit Aontaithe, ar féidir fíneáil, príosún agus/nó gan cead dul isteach sna Stáit Aontaithe sa todhchaí a ghearradh air mar phionós. 

Tabhair leat dóthain airgid

Cinntigh go bhfuil dóthain airgid agat chun tú féin a bheith ullamh tabhairt faoin obair sna Stáit Aontaithe. Tabhair leat meascán airgead tirim, seiceanna taistil agus cártaí creidmheasa agus ná coinnigh do chuid airgid go léir in aon áit amháin. Socraigh buiséad réalaíoch sula dtéann tú ag taisteal.  Má bhíonn tú ag fáil cóiríochta ar cíos, beidh ort éarlais slándála a íoc agus roinnt cíosa a íoc roimh ré. Ligtear go leor árasáin agus tithe sna Stáit Aontaithe gan troscán agus mar sin d’fhéadfadh sé go mbeadh tuilleadh costais ort má bhíonn troscán le ceannach.  Cuimhnigh go bhféadfadh sé tarlú go dtógfadh sé roinnt seachtainí ort obair nó Uimhir Shlándála Sóisialaí a fháil, agus mar sin tabhair dóthain airgid leat chun tú féin a chlúdach go dtí sin.

Tá tuairiscí faighte againne faoi chamscéimeanna cíosa, ina n-iarrtar ar mhic léinn airgead a sheoladh ar mhaithe le cíos roimh ré a íoc le duine éigin a bhíonn ag ligean orthu féin gurbh é/í an tiarna talún, sula dtéann siad ag taisteal chun na Stáit Aontaithe.

Bí ar an eolas faoi na dlíthe áitiúla

Bí ar an eolas le do thoil go mbíonn pionós i bhfad níos tromchúisí ann maidir le cionta oird phoiblí mar a bheith ar meisce go poiblí sna Stáit Aontaithe i gcomparáid le hÉirinn. Meastar gur cionta tromchúiseacha freisin iad úsáid drugaí agus soláthar drugaí. Má ghabhtar tú agus go gciontaítear tú ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh sin tionchar a bheith aige ar do chumas dul isteach sna Stáit Aontaithe sa todhchaí. Cé go ndéanfaidh ár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí sna Stáit Aontaithe a ndícheall chun cuidiú leat má ghabhtar tú, ní fhéadfaidh siad tú a thógáil as an bpríosún ná cuidiú leat triail a sheachaint.

Coinnigh i dteagmháil

Coinnigh do theaghlach ar an eolas faoi cá bhfuil tú agus na pleananna taistil atá agat. Tabhair leat fón póca a oibríonn sna Stáit Aontaithe le go bhféadfar teacht ort i gcás éigeandála nó géarchéime. Mura bhfuil cuntas ríomhphoist agat fós, oscail ceann.  Tá go leor cuntais ríomhphoist ar an ngréasán saor in aisce mar Yahoo!, G-mail, agus Hotmail agus is bealach simplí agus saor é chun do theaghlach agus do chairde a choinneáil ar an eolas.   Mura gcoinníonn tú i dteagmháil le do theaghlach agus do chairde, cuirtear imní agus buairt orthu gan ghá.