Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Buaicphointí Airgeadais 2015

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015

Feidhmítear buiséad bliantúil na Roinne faoi dhá cheannteideal a leithdháileann Dáil Éireann dúinn:

Vóta 27 – Comhar Idirnáisiúnta:

Clúdaítear faoin gceannteideal seo an Cúnamh Forbartha Oifigiúil atá á bhainistiú ag an Roinn trí chlár Chúnamh Éireann. Áirítear leis deontais d'eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do chomhpháirtithe na sochaí sibhialta, ranníocaíochtaí le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhíonn ag plé le Cúnamh Forbartha, chomh maith leis na costais a bhaineann le Cúnamh Éireann a reáchtáil.

Vóta 28 – Gnóthaí Eachtracha agus Trádála:

Clúdaítear faoin gceannteideal seo gach caiteachas eile de chuid na Roinne, lena n-áirítear ranníocaíochtaí na hÉireann le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta (na Náisiúin Aontaithe go háirithe), chomh maith le reáchtáil Sheirbhís na bPasanna, an Clár Tacaíochta Eisimirceach agus an obair a dhéanaimid chun tacú leis an tsíocháin agus an athmhuintearas ar oileán na hÉireann.

Léirítear inár mbuiséad bliantúil an tiomantas atá againn i leith freastal ar mhuintir na hÉireann, a gcuid luachanna agus an rath atá orthu a chur chun cinn thar lear, agus an cumas, an anailís agus an tionchar a sholáthar don Rialtas lena chinntiú go mbainfidh Éire an leas is mó as gach réimse rannpháirtíochta seachtraí dá cuid.

In 2015 chaitheamar €683.9 milliún ar fud na cúig réimse Cláir a aithníodh sa Ráiteas Straitéise dár gcuid i leith na tréimhse 2015-2017. Déantar anailís bhreise ar an gcaiteachas sin i dTábla 1.

Tábla 1: Achoimre ar Ioncam agus Caiteachas na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

  2015 € Million2014 € Million
Clár A: Leasanna geilleagracha agus trádála na hÉireann a chur chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain 47.8M  45.9M 
Clár B: Seirbhísí consalachta, seirbhísí pasanna, agus seirbhísí d'Éireannaigh thar lear 71.3M  69.7M 
Clár C: Athmhuintearas agus comhar ar an oileán seo 22.4M  22.1M 
Clár D:Síocháin, slándáil agus cearta an duine ar fud an domhain 67.4M  63.6M 
Clár E: Obair i dtaobh laghdú na bochtaineachta agus an ocrais – Cúnamh Éireann 475.0M  475.7M 
Caiteachas Comhlán Iomlán 683.9M  677.0M 
     
Ioncam a Gineadh (53.0M)  (49.3M) 
     
Glanchaiteachas 630.9M  627.7M 

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015

Clár A: Leasanna geilleagracha agus trádála na hÉireann a chur chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain

  2015 € Million2014 € Million
Riarachán – pá  22.5M 22.0M
Riarachán – seachas pá 21.2M 20.1M
Seirbhísí faisnéise 0.3M 0.3M
Caidreamh cultúrtha le tíortha eile 0.8M 0.8M
Cistí i dtaobh chur chun cinn na trádála 0.3M 0.3M
Ranníocaíochtaí le hEagraíochtaí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta 2.7M 2.4M
Caiteachas iomlán ar Chlár A 47.8M 45.9M

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015

Clár B: Seirbhísí consalachta, seirbhísí pasanna, agus seirbhísí d'Éireannaigh thar lear

  2015 € Million2014 € Million
Riarachán – pá  31.2M  30.4M 
Riarachán – seachas pá 28.2M 27.2M 
Tacaíocht do sheirbhísí i gcomhair eisimircigh Éireannacha 11.9M 12.1M
Caiteachas Iomlán ar Chlár B 71.9M  69.7M 

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015

Clár C: Athmhuintearas agus comhar ar an oileán seo

  2015 € Million2014 € Million
Riarachán – pá 7.7M 7.5M
Riarachán – seachas pá 6.7M 6.5M
Comhar Thuaidh/Theas agus comhar idir an Bhreatain agus Éire 5.3M 2.9M
An Ciste Idirnáisiúnta d'Éirinn 2.7M 5.2M
Caiteachas Iomlán ar Chlár C 22.4M 22.1M

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015

Clár D: Síocháin, slándáil agus cearta an duine ar fud an domhain

  2015 € Million2014 € Million
Riarachán – pá 15.9M 15.4M
Riarachán – seachas pá 12.3M 11.9M
Ranníocaíochtaí le heagraíochtaí idirnáisiúnta 38.8M 35.9M
Gníomhaíochtaí de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach 0.4M 0.4M
Caiteachas Iomlán ar Chlár D 67.4M  63.6M 

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015

Clár E: Obair i dtaobh laghdú na bochtaineachta agus an ocrais – Cúnamh Éireann

  2015 € Million2014 € Million
Riarachán – pá 14.6M 13.7M
Riarachán – seachas pá 12.1M 11.1M
Íocaíocht leis na gciste deontas i dtaobh comhar déthaobhach agus comhar eile 315.9M  326.0M
Cúnamh daonnúil éigeandála 58.5M 57.5M
Íocaíochtaí le cistí idirnáisiúnta chun tairbhe tíortha i mbéal forbartha 37.5M 28.5M
Ranníocaíochtaí leis na Náisiún Aontaithe agus le gníomhaireachtaí forbartha eile 36.4M 38.9M
Caiteachas iomlán ar Chlár E 475.0M 475.7M

Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015

Ioncam a Gineadh

Tagann formhór an ioncaim a ghin an Roinn as Pasanna Éireannacha a eisiúint.

  2015 € Million2014 € Million
Pasanna, víosaí agus seirbhísí consalachta eile 47.3M 44.0M
Fáltais ó asbhaint íocaíochtaí pinsin ar luach saothair na seirbhíse poiblí 3.7M 3.8M
Ilghnéitheach 2.0M 1.5M
Caiteachas iomlán ar Chlár E 53.0M  49.3M