Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

DFAT Súil Siar ar an mBliain 2015 - Muintir na hÉireann

Baile  |  Réamhrá  |  Muintir na hÉireann  | Ár gCuid Luachanna  |  Ár Rathúnas  |  Ár nIonad san Eoraip |  Ár dTionchar  |  Fíricí agus Figiúirí  | Cuir Aithne ar an bhFoireann

I measc na gcuspóirí ardleibhéil de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála inárRáiteas Straitéise 2015-2017, tá freastal ar mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear agus an t-athmhuintearas agus an comhar a chur chun cinn, agus tá siadsan ina gcuid dár ráiteas misin foriomlán inár gcáil mar Roinn Rialtais. 

- Síocháin bhuan, athmhuintearas feabhsaithe agus dul chun cinn i dtaobh na polaitíochta i dTuaisceart Éireann;
- Comhar Thuaidh-Theas níos fearr agus comhar níos fearr idir an Bhreatain agus Éire;
- Soláthar éifeachtach ar sheirbhísí pas agus seirbhísí consalachta dár gcuid saoránach;
- Dlús a chur faoin rannpháirtíocht leis an diaspóra agus an tacaíocht dár n-eisimircigh; agus
- Cur chun cinn an chultúir, na n-ealaíon agus ár dtionscal cruthaitheach trí líonra na nAmbasáidí.

 

Tugtar samplaí sna scéalta thíos den obair a rinneamar chun an sprioc sin a bhaint amach in 2015.