Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

DFAT Súil Siar ar an mBliain 2015 - Ár Rathúnas

Baile  |  Réamhrá  |  Muintir na hÉireann  | Ár gCuid Luachanna  |  Ár Rathúnas  |  Ár nIonad san Eoraip |  Ár dTionchar  |  Fíricí agus Figiúirí  | Cuir Aithne ar an bhFoireann

I measc na gcuspóirí ardleibhéil de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála inár Ráiteas Straitéise 2015-2017, tá borradh a chur faoi rathúnas na hÉireann trínár gcuid leasanna geilleagracha a chur chun cinn thar lear, agus tá sé sin ina chuid dár ráiteas misin foriomlán inár gcáil mar Roinn Rialtais.

Is éard atá i gceist leis sin:

- Cúnamh a thabhairt i dtaobh poist agus deiseanna onnmhairithe a chruthú;

- Éire a chur chun cinn thar lear mar sprioc infheistíochta, ceann scríbe turasóireachta agus ionad oideachais; agus

- Caidreamh déthaobhach láidir a fhorbairt chun ár gcuid leasanna geilleagracha a chur chun cinn thar lear.

 

Tugtar samplaí sna scéalta thíos den obair a rinneamar chun an sprioc sin a bhaint amach in 2015.