Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

DFAT Súil Siar ar an mBliain 2015 - Ár gCuid Luachanna

Baile  |  Réamhrá  |  Muintir na hÉireann  |  Ár gCuid Luachanna  |  Ár Rathúnas  |  Ár nIonad san Eoraip |  Ár dTionchar  |  Fíricí agus Figiúirí  | Cuir Aithne ar an bhFoireann

I measc na gcuspóirí ardleibhéil de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála inár Ráiteas Straitéise 2015-2017, tá domhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a bhaint amach, agus tá sé sin ina chuid dár ráiteas misin foriomlán inár gcáil mar Roinn Rialtais. 

Is éard atá i gceist leis sin:

- Dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh dhíothú na bochtaineachta agus an ocrais agus forás geilleagrach do chách a chur chun cinn;

- Cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain;

- Tacú le timpeallacht idirnáisiúnta atá cobhsaí, slán agus bunaithe ar rialacha; agus

- A bheith ag obair chun creat nua a bhunú don fhorbairt inbhuanaithe ina rachfar i ngleic leis an athrú aeráide, slándáil an tsoláthair bhia agus saincheisteanna gaolmhara.

 

Tugtar samplaí sna scéalta thíos den obair a rinneamar chun an sprioc sin a bhaint amach in 2015.