Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Réamhfhocal ón Aire Coveney

Níl aon amhras ach gur tháinig na héachtaí agus na himeachtaí sna sála ar a chéile i gcás na hÉireann in 2016.

Rinneamar comóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916 ar bhealach cuimsitheach lenar léiríodh meas ar na traidisiúin agus na meonta éagsúla ar fud oileán na hÉireann agus san iomaí cearn den domhan.

Bhaineamar sult as an ngaisce a rinne foirne peile Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann ag Craobhchomórtas Euro 2016 a bhí ar siúl sa Fhrainc.

Thugamar aghaidh freisin ar na dúshláin mhóra a d'éirigh as an gcinneadh a rinne an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil.

Bhí baint lárnach ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, lena n-áirítear ár gcuid misean taidhleoireachta thar lear, leis na gnóthaí sin agus le cúrsaí eile a mbaineann tábhacht náisiúnta agus tábhacht dhomhanda leo ar feadh na bliana 2016.

Chuidíomar go mór leis an dul chun cinn maidir le saincheisteanna imirce ar leibhéal na Náisiún Aontaithe agus chuidíomar idirbheartaíocht a dhéanamh ar Chonradh um Thoirmeasc ar Airm Núicléacha.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an té a tháinig romham mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan T.D., agus leis na hiarAirí Stáit Joe McHugh agus Dara Murphy as a ndíograis agus a ndúthracht agus iad ag obair ar na gnóthaí sin agus ar an iomaí ní eile in 2016 agus i rith na tréimhse inar fhóin siad sa Roinn seo.

Ina theannta sin, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na mná agus na fir a bhíonn ag obair ar gach leibhéal ar fud Sheirbhís Coigríche na hÉireann, in Éirinn agus ar fud an domhain, ar mhaithe le leasanna agus luachanna na hÉireann agus a cuid saoránach a chur chun cinn.

Cé go bhfuil cuid mhaith den obair seo ar siúl go fóill, tá súil agam go bhfaighidh tú léargas úsáideach, suimiúil sa Tuarascáil Bhliantúil seo a chabhróidh leat ár ról a chur ina chomhthéacs féin. Táimid meáite i gcónaí ar thógáil ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus leanúint ar aghaidh ag baint torthaí amach ar son na hÉireann.

Simon Coveney T.D.
An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála