Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Réamhfhocal ón Ard-Rúnaí Burgess

Bliain thar a bheith gnóthach a bhí in 2016 sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, in Éirinn agus sna hoifigí dár gcuid i mbreis is 70 tír ar fud an domhain.

Is é an príomhról atá againn ná tacú leis an Rialtas chun leasanna na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais ár saoránach sa bhaile agus thar lear. Rinneamar amhlaidh in éadan mórdhúshláin iomadúla, go háirithe tionchar an chinnidh a rinne an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil. Dá bharr sin agus de bharr líon níos mó de mhuintir na hÉireann a bheith ag taisteal thar lear (chuaigh scáta mór daoine chuig craobh peile Euro 2016 sa Fhrainc sa tréimhse atá faoi chaibidil), tháinig méadú suntasach ar an éileamh ar na seirbhísí pas agus na seirbhísí consalachta dár gcuid, i mbliana inar eisíomar breis is 730,000 pas agus ina ndearnamar athchóiriú mór ar Sheirbhís na bPasanna.

Tá cur síos sa Tuarascáil seo ar na nithe sin agus ar chuid de na príomhréimsí eile a raibh muid ag gabháil dóibh thar ceann mhuintir na hÉireann in 2016. Chomh maith leis an méid a bhfuil trácht air anseo, chuir gach rannóg de chuid na Roinne obair thábhachtach chun cinn, lena n-áirítear an Rannóg Dlí, Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha, an Rannóg Airgeadais, an Rannóg Prótacail agus na hAonaid a bhíonn ag plé leis na hÉireannaigh Thar Lear, Measúnú agus Iniúchóireacht, Pleanáil Beartais agus Straitéis agus Feidhmíocht.

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe ar fud Sheirbhís Coigríche na hÉireann – agus iadsan ag misin taidhleoireachta na hÉireann thar lear san áireamh – a bhíonn ag obair go dúthrachtach chun ár gcuspóirí a bhaint amach. Tá píosaí ó chuid acu sa Tuarascáil seo, ina dtugann siad léargas pearsanta dúinn ar a ról féin.

Ba mhaith liom thú a spreagadh le tuilleadh a fhoghlaim faoinár gcuid oibre agus ár n-éachtaí i rith 2016, agus gabhaim buíochas lenár saoránaigh go léir as an muinín atá acu asainn agus muid ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn ar fud an domhain.

Niall Burgess
Ard-Rúnaí