Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cuimhneacháin – Tugann Céad-Aire Thuaisceart Éireann Peter Robinson léacht Carson

Peter Robinson delivers the Carson lecture - Iveagh House

“B’fhéidir gur beag trácht a dhéantar do Edward Carson ach amháin sna leabhair staire ach creidimse go labhraíonn sé linn fós inniu.”

An 29 Márta 2012, ag Teach Iveagh, ag Ceanncheathrú na Roinne seo, cúpla céad slat ó áit bhreithe Edward Carson ar Shráid Fhearchair, thug Céad-Aire Thuaisceart Éireann Peter Robinson léacht chuimhneacháin – “Reflections on Irish Unionism”.

D'fháiltigh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Eamon Gilmore roimh an lucht féachana a raibh cuireadh faighte acu chuig an ócáid, daoine a rinne ionadaíocht ar raon leathan dearcaí polaitíochta agus daoine tábhachtacha a raibh baint acu le hobair ullmhúcháin don deich mbliana cuimhneacháin. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Tánaiste ar an tábhacht a bhí leis an mbailiúchán an tráthnóna sin:

“tá sé fíor-oiriúnach gurb é an Céad-Aire a thug an aitheasc don chéad ócáid mhór chuimhneacháin arna eagrú ag an Rialtas.  Trí eisean a bheith rannpháirteach léirítear an tábhacht a chuireann Rialtas na hÉireann agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann le cur chuige i gcomhar maidir le gníomhaíochtaí cuimhneacháin.”

Bhí comhráite ar siúl idir an painéal roimh an léacht sin idir an tOllamh Paul Bew agus an tOllamh Michael Laffan, faoi chathaoirleacht an Dr. John Bowman, maidir le hoidhreacht Edward Carson.

Craoladh an léacht i gcomhar le The History Show de chuid RTÉ agus is féidir leat éisteacht le podcast of Peter Robinson’s Edward Carson lecture [link no longer available].

 

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Listen to Northern Ireland First Minister Peter Robinson delivering Carson lecture