Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Déanann Éire comóradh deich mbliana den Mhéadú AE is mó riamh a cheiliúradh

European Union flags

Déanann Éire comóradh deich mbliana den Mhéadú AE is mó riamh a cheiliúradh

Léigh caint an Tánaiste ag an gComhdháil An 1 Bealtaine 2004 chuaigh deich dtír nua i bpáirt leis an Aontas Eorpach sa mhéadú is mó riamh ar an AE: an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin. Rinne Éire, a raibh Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh aici ag an am, an méadú a cheiliúradh le Lá speisialta Fáilte i bPáirc an Fhionnuisce. Dhá bhliain ina dhiaidh sin lean an Rómáin agus an Bhulgáir isteach iad. Tar éis aontachas na Cróite anuraidh tá 28 Ballstát AE anois ann.

Scríobh Seamus Heaney dán a coimisiúnaíodh go speisialta don ócáid dar teideal Beacons at Bealtaine.

Tá trádáil na hÉireann leis an Eoraip Láir agus Thoir tar éis dul ó neart go neart:

  • In 2013, b’fhiú breis agus €1.7 billiún onnmhairí tráchtearraí na hÉireann go dtí na deich dtír a chuaigh isteach i 2004. Ag cur san áireamh go ndeachaigh trí thír eile isteach san AE ó shin (an Rómáin, an Bhulgáir agus an Chróit), ardaíonn an figiúr go dtí beagnach €2.2 billiún – trí uaire an méid a bhí ann in 2004
  • In 2013, bhí méadú de 12.3% ar ár n-earraí onnmhairithe go dtí an réigiún ó 2012, agus fás thar a bheith láidir taifeadta do Phoblacht na Seice (ardú 36.7%) agus don Pholainn (ardú 20%)
  • Is fiú breis agus €4.3 billiún in aghaidh na bliana onnmhairí earraí agus seirbhísí in éineacht chuig an Eoraip Láir agus Thoir
  • Déanaimid oiread tráchtearraí a onnmhairiú chuig 11 tír na hEorpa Láir agus Thoir agus a dhéanaimid chun na Síne agus na Brasaíle in éineach
  • Tagann beagnach an ceathrú cuid dár n-onnmhairí chuig an Eoraip Láir agus Thoir ó chuideachtaí Éireannacha dúchasacha – ráta ard i gcomparáid le hIarthar na hEorpa. Bhí an Pholainn ar an deichiú margadh is mó ag Éirinn d’onnmhairí ó chuideachtaí Éireannacha dúchasacha
  • Is margadh breis agus 105 milliún duine iad 11 tír na hEorpa Láir agus Thoir
  • Tagann 138,000 turasóir measta go hÉirinn ón Eoraip Láir agus Thoir gach bliain

Le deich mbliana anuas chuir teacht líon mór daoine as na deich mballstát athrú ar Éirinn:

  • Is í an Pholainnis an chéad teanga is mó a labhraítear in Éirinn tar éis an Bhéarla
  • I ndaonáireamh 2011, bhí 115,000 Polannach, 35,000 Liotuánach, 20,000 Laitviach, 20,000 Slóvacach agus 18,000 Rómánach ina gcónaí in Éirinn
  • Is ionann daoine ón deich dtír AE agus thart ar 5% de dhaonra na hÉireann
  • Féadfaidh daltaí anois scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh sa Laitvis, Liotuáinis, Rómáinis, Polainnis, Eastónais, Slóvaicis, Seicis, Bulgáiris, Ungáiris agus i dteangacha eile
  • Bíonn thart ar 60 eitilt in aghaidh na seachtaine idir an Pholainn agus Éire amháin agus is féidir eitilt go díreach chuig 12 cathair sa Pholainn as Baile Átha Cliath

Tá an cultúr Éireannach ag fás sna deich dtír:

  • Ba de bhunú na hUngáire é Leopold Bloom de chuid James Joyce. Déanann cathair Szombathely na hUngáire Bloomsday a cheiliúradh gach bliain
  • Tá Voices from the Merry Cemetery de chuid Shaun Davey bunaithe ar na feartlaoithe cáiliúla ar leaca uaighe i reilig Maramures i dtuaisceart na Rómáine
  • Tá éileamh ar dhamhsa Gaelach sa tSlóvaic, éileamh atá ag dul i méid agus roinnt scoileanna don damhsa Gaelach bunaithe móthimpeall na tíre lena n-áirítear i mBratislava, Košice agus Banská Bystrica
  • Tionóladh an chéad pharáid Lá Fhéile Pádraig riamh i Málta anuraidh agus i mbliana rinneadh ‘glasú’ ar Bombi Arch Mhálta don chéad uair
  • Leanann muintir na Bulgáire orthu ag tabhairt urraime do James Bouchier a rugadh i Luimneach agus a sheas le cúis na Bulgáire agus fuair bás i Sofia i 1920
  • Chonacthas an tóir leanúnach ar an gceol Gaelach sa Liotuáin arís leis an bhfáilte a cuireadh roimh cheolchoirm Clannad i Vilnius le deireanaí
  • Thaistil thart ar 30,000 de lucht leanúna peile na hÉireann go dtí an Pholainn do chraobh na hEorpa sa pheil, Euro 2012. Chuaigh a spleodracht agus a n-acmhainn grinn i gcion go han-fhabhrach ar an bpobal agus ar na meáin sa Pholainn go háirithe i Poznan agus Gdansk.