Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ár rannpháirtíocht idirnáisiúnta

Bhí meas a léiriú ar chearta an duine agus iad a chur chun cinn i gcónaí mar bhunchloch dár mbeartas eachtrach agus is sin mar a bheidh. Le toghadh na hÉireann chun Comhairle na NA um Chearta an Duine, tá ardán feiceálach againn le tacú le cearta an duine sna blianta atá romhainn.

Ár gcuid oibre:

Tacaímid le cearta an duine ar bhonn idirnáisiúnta agus tá siad seo a leanas mar bhonn taca ag ár gcuid oibre:

Tá ár nAonad um Chearta an Duine (HRU) freagrach as:

  • cur chuige na hÉireann maidir le beartas idirnáisiúnta um chearta an duine a mhaoirsiú
  • ranna rialtais eile a chur ar an eolas maidir le dualgais idirnáisiúnta um chearta an duine
  • daingniú ionstraimí idirnáisiúnta um chearta an duine a éascú
  • idirchaidreamh le NGOnna maidir le hábhair imní idirnáisiúnta
  • rannpháirtíocht ghníomhach na hÉireann in Eagraíochtaí Idirnáisiúnta um Chearta an Duine a chomhordú, lena n-áirítear Comhairle na NA um Chearta an Duine, ar toghadh Éire ina comhalta de le haghaidh 2013-2015

Eagraíochtaí Idirnáisiúnta um Chearta an Duine

Cearta an Duine ag na Náisiúin Aontaithe

Táimid ag tacú le fada le ról ríthábhachtach na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint. Tá iarracht déanta ag Éirinn gníomh idirnáisiúnta éifeachtach ar shaincheisteanna domhanda maidir le cearta an duine a chur chun cinn ó rinneadh ballstát de na Náisiúin Aontaithe di i 1955.

Déanann Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (UNGA) ionadaíocht ar na 193 Ballstát uile agus reáchtáiltear seisiúin go rialta le saincheisteanna idirnáisiúnta a phlé. Tá vóta amháin ag gach Ballstát agus teastaíonn tromlach de dhá thrian i gcinntí maidir le saincheisteanna tábhachtacha. Tá sé phríomhchoiste laistigh den UNGA, agus tá gach ceann freagrach as réimse téamach spéise éagsúil.

An Chomhairle um Chearta an Duine

Is comhlacht idir-rialtasach de 47 Ballstát NA arna dtoghadh ag Comhthionól Ginearálta na NA í an Chomhairle um Chearta an Duine (HRC) atá lonnaithe sa Ghinéiv agus tá sí freagrach as cur chun cinn agus cosaint chearta an duine a neartú ar fud an domhain agus as aghaidh a thabhairt ar sháruithe chearta an duine agus moltaí a dhéanamh ina leith. Ceann de phríomh-mheicníochtaí na Comhairle is ea an tAthbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (UPR) a dhéanann cás chearta an duine i ngach Ballstát NA a mheas gach ceithre bliana.

Comhaltas na hÉireann ar an HRC, 2013-2015

Toghadh Éire chun na Comhairle i mí na Samhna 2012 don tréimhse 2013-2015. Agus Éire ar an gComhairle, díreoidh sí ar chás chearta an duine i dtíortha aonair, saoirse tuairimíochta, lena n-áirítear saoirse creidimh agus saoirse na meán, go háirithe an t-idirlíon. Beidh athrú aeráide, agus cearta LGBTI (cearta don lucht leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach agus idirghnéasach) ina ngnéithe tábhachtacha d’obair na hÉireann ar an gComhairle.

An Tríú Coiste UNGA

Baineann an Tríú Coiste UNGA, atá lonnaithe i Nua Eabhrac, le saincheisteanna sóisialta, cultúrtha agus daonnúla a mbíonn tionchar acu ar dhaoine go domhanda agus díríonn cuid mhaith dá gcuid oibre ar cheisteanna maidir le cearta an duine. Cuid thábhachtach dá gcuid oibre is ea tuarascálacha Nósanna Imeachta Speisialta na Comhairle um Chearta an Duine a scrúdú.

Nósanna Imeachta NA

Is meicníochtaí iad sin lena ndéanann rapóirtéirí speisialta, ionadaithe speisialta, saineolaithe neamhspleácha agus grúpaí oibre monatóireacht agus scrúdú ar shaincheisteanna téamacha nó cásanna um chearta an duine i dtíortha sainiúla agus lena dtugann siad comhairle agus tuairiscíonn go poiblí ina leith.

Cearta an Duine san Aontas Eorpach

Is é COHOM Grúpa Oibre an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le Cearta an Duine. Tá sé freagrach as saincheisteanna chearta an duine i gcaidreamh seachtrach an AE. Tá sé comhdhéanta de shaineolaithe chearta an duine as tíortha AE (an aireacht gnóthaí eachtracha de ghnáth) agus an Coimisiún Eorpach. Oibríonn sé chun tosaíochtaí AE maidir le cearta an duine a chur i bhfeidhm trí Chreat Straitéise agus Plean Gníomhaíochta an AE um Chearta an Duine agus le tacú le hobair Ionadaí Speisialta an AE um Chearta an Duine, an tUasal Stavros Lambrinidis.

Cearta an Duine i gComhairle na hEorpa

An Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR), lárnach d’obair Chomhairle na hEorpa agus measann go leor é a bheith ina bhunchloch ag cosaint chearta an duine san Eoraip. Leis an gCoinbhinsiún, tá de cheangal ar na sínitheoirí, agus tá Éire ar cheann díobh sin, cearta agus saoirsí sainithe a chosaint.

An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine lonnaithe i Strasbourg. Ansin, eisítear le hiarratais ó dhaoine aonair mar aon le ballstáit maidir le sáruithe líomhnaithe ar an gCoinbhinsiún.  Baineann tábhacht ar leith leis d’Éirinn, mar gheall ar an ról ríthábhachtach atá aige maidir le cearta bunúsacha a chosaint. Thacaigh Éire go mór le hiarrachtaí le blianta beaga anuas modhanna oibre na Cúirte a athchóiriú agus a fheabhsú.

Oibríonn roinnt córas monatóireachta um chearta an duine freisin laistigh den Chomhairle, lena n-áirítear an Coiste chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc (CPT), an Creat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, an Coimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI), agus Oifig an Choimisinéara um Chearta an Duine.  

An Tascfhórsa maidir le Comhoibriú Idirnáisiúnta ar Oideachas, Cuimhneamh agus Taighde Uileloiscthe

Is comhlacht idir-rialtasach é an Tascfhórsa a bunaíodh i 1998, agus tá sé comhdhéanta de 31 Ballstát faoi láthair. Agus í ina lánchomhalta ó 2011, tá Éire tiomanta beartais agus cláir a chur i bhfeidhm a thacaíonn le hoideachas, cuimhneamh agus taighde Uileloiscthe. Tacaíonn eagraíochtaí sochaí sibhialta go mór leis na tiomantais sin, lena n-áirítear Músaem na nGiúdach in Éirinn agus Iontaobhas na hÉireann d’Oideachais Uileloiscthe.