Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Éire agus an Chomhairle um Chearta an Duine

Tugann ballraíocht na hÉireann de Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ardán feiceálach dúinn chun abhcóideacht a dhéanamh ar chearta an duine.

Toghchán na hÉireann

I mí na Samhna 2012, toghadh Éire ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ar feadh tréimhse trí bliana, téarma a thosaigh an 1 Eanáir 2013.  Rinneadh an toghadh mar thoradh ar iarrachtaí móra taidhleoireachta ag na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac agus i bpríomhchathracha ar fud an domhain.

An Chomhairle um Chearta an Duine

Bunaíodh an Chomhairle um Chearta an Duine (HRC) in 2006 agus is comhlacht idir-rialtasach í laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe atá freagrach as cur chun cinn agus cosaint chearta an duine a threisiú ar fud an domhain. Buaileann sí le chéile ag Oifig na Náisiún Aontaithe san Ghinéiv. Tá an Chomhairle comhdhéanta de dhaichead a seacht stát a thoghtar ar feadh téarmaí tuislithe trí bliana ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. Tá sainordú ag an gComhairle maidir leis na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:

  • Aghaidh a thabhairt ar shárú ar chearta an duine agus ar éigeandálaí maidir le cearta an duine
  • Moltaí a dhéanamh chuig Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i ndáil le dlí idirnáisiúnta chearta an duine
  • Feidhmiú iomlán oibleagáidí chearta an duine a dhéanann na Stáit a chur chun cinn
  • Dul i mbun Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann de chomhlíonadh oibleagáidí chearta an duine gach aon cheann de na 193 Ballstát sna Náisiúin Aontaithe.

Tá an Chomhairle um Chearta an Duine bunaithe san Ghinéiv agus casann siad le chéile i dtrí phríomhsheisiún sa bhliain ar feadh ar a laghad deich seachtaine in iomlán. Bíonn na seisiúin rialta seo ann i mí an Mhárta, an Mheithimh agus i mí Mheán Fómhair.  Ina theannta sin, féadfar seisiún speisialta a thionól ag aon am chun aghaidh a thabhairt ar shárú agus ar éigeandálaí chearta an duine má lorgaíonn aon tríú de na Ballstáit é sin, áirítear ar shamplaí roimhe seo dá leithéidí, Seisiún Speisialta ar an tSiria, a reáchtáladh i mí an Mheithimh 2012.

Rinneadh athbhreithniú ar Éirinn faoin Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann don chéad uair in 2011 agus táthar lena athbhreithniú arís in 2016.

An fócas

Is rannpháirtí gníomhach í Éirinn in obair na Comhairle ó bunaíodh í.  Seo a leanas roinnt de na saincheisteanna ar thug muide tosaíocht dóibh:

  • cás chearta an duine i dtíortha aonair;
  • saoirse cainte, go háirithe mar a bhaineann sin le húsáid an idirlín agus teicneolaíochtaí líonraithe eile;
  • saoirse reiligiúin nó creidimh;
  • foréigean agus idirdhealú bunaithe ar chlaonadh gnéis agus céannacht inscne;
  • cosaint do chosantóirí chearta an duine;
  • spás do shochaí shibhialta a chruthú agus a choimeád; agus,
  • cearta an duine agus athrú aeráide.

Is féidir leat liosta iomlán de na gealltanais agus de na tiomantais deonacha a thugamar le linn an fheachtais don toghadh chuig an gComhairle um Chearta an Duine a léamh anseo.

22ú Seisiún den Chomhairle um Chearta an Duine

Tharla an 22ú seisiún den Chomhairle um Chearta an Duine idir an 25 Feabhra-22Márta 2013.  Thug an Tánaiste ráiteas an AE, thar ceann Ardionadaí an AE Catherine Ashton, le linn mhír ardleibhéil na Comhairle.

D’oibrigh Éire, le linn a hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, go dlúth leis an toscaireacht ón AE agus le ballstáit chun saincheisteanna AE a chur ar aghaidh, go háirithe maidir le réitigh a thug aghaidh ar chás chearta an duine in DPRK, i Maenmar/Burma, i Srí Lanca, sa tSiria, sa Phalaistín agus i Mailí.  Áirítear ar thosaíochtaí téamacha eile réitigh ar Chosantóirí Chearta an Duine, Saoirse Reiligiún nó Creidimh agus Cearta an Linbh.  Rinne Éire urraíocht i gcomhar ar 27 réiteach in iomlán.