Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Coiste Comhairleach Bainistíochta

Is fóram comhairleach agus cinnteoireachta é an Coiste Comhairleach Bainistíochta (MAC) a thacaíonn leis an Ard-Rúnaí i mbainistíocht na Roinne. Is é an tArd-Rúnaí cathaoirleach an Choiste agus cuimsíonn an bhallraíocht an Leas-Ardrúnaí, Rúnaithe Cúnta lonnaithe in Éirinn agus ceathrar oifigeach ag grád Comhairleora/coibhéiseach. Cuidíonn an Coiste leis an Ard-Rúnaí i bhfoirmliú agus i mbainistíocht beartas agus clár mar aon le forbairt agus feidhmíocht fheabhsaithe na heagraíochta. Déanann an Coiste cinneadh freisin faoi shannacháin laistigh den Roinn, sa mbaile agus thar lear, seachas ag leibhéil an Rúnaí Cúnta agus leibhéil Cheann Misin.

Tagann an Coiste le chéile uair sa choicís. Freastalaíonn oifigigh Roinne eile ar chruinnithe MAC go tráthrialta chun faisnéis a thabhairt agus páirt a ghlacadh i bpléití ar fhorbairtí topaiciúla ina réimse freagrachta siúd.

Buaileann an MAC le chéile go tráthrialta freisin leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus le hAirí Stáit na Roinne le beartas straitéiseach agus treo bainistíochta a bhreithniú. Bíonn cruinnithe dá leithéid sa bhreis ar idirghníomhaíocht leanúnach idir Airí, comhaltaí den MAC agus oifigigh shinsearacha eile.

Is iad seo comhaltaí reatha an Choiste:

  • Anne Barrington, Rúnaí Cúnta (Ard-Stiúrthóir, An Rannóg Eorpach)
  • Niall Burgess,Ard-Stiúrthóir
  • John Conlan, Rúnaí Cúnta (Príomhoifigeach Airgeadais)
  • Michael Gaffey, Rúnaí Cúnta (Leas-Ardstiúrthóir, Rannóg Comhair um Fhorbairt)
  • James Kingston, Rúnaí Cúnta (Comhairleoir Dlí)
  • Síle Maguire, Comhairleoir (Stiúrthóir, Aonad Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib)
  • Clíona Manahan, Comhairleoir (Stiúrthóir, Aonad an Aigéin Chiúin agus na hÁise)
  • Fergal Mythen, Rúnaí Cúnta (Ard-Stiúrthóir, Rannóg Seirbhísí Corparáideacha)
  • Colm Ó Floinn, Rúnaí Cúnta (Ard-Stiúrthóir, Rannóg Trádála & Cur Chun Cinn)
  • Orla O’Hanrahan, Comhairleoir (Ceann an Phrótacail)
  • Vincent O’Neill, Príomhspeisialtóir Forbartha (Stiúrthóir, Aonad na hÉifeachtúlachta & Pleanála Beartais, Rannóg Comhair um Fhorbairt)
  • Barrie Robinson, Rúnaí Cúnta (Stiúrthóir Polaitiúil)
  • Brendan Rogers, Leas-Ardrúnaí (Ard-Stiúrthóir, Rannóg Chomhair um Fhorbairt)