Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Rio 2016: Conas is féidir liom taisteal thart?

Ná téigh ach amháin ar sheirbhísí oifigiúla meitreo nó bus agus ná húsáid na seirbhísí neamhoifigiúla mionbhusanna/tointeála. Beidh eolas faoi sheirbhísí iompair phoiblí ar an aip fóin chliste atá ar fáil ó www.rio2016.com/en/app.

How can I get around?

Tá léarscáil idirghníomhach turasóireachta den chóras meitreo ar shuíomh gréasáin Metro Rio: www.metrorio.com.br/VadeMetro/MapaInterativo 

Moltar duit a bheith cúramach má tá sé i gceist agat seirbhísí iompair phoiblí a úsáid, go háirithe san oíche. Ba cheart do thurasóirí a bheith ag faire amach go háirithe do pheasghadaithe. D'fhéadfadh stailceanna a chuirfeadh isteach ar chúrsaí iompair agus ar chúrsaí slándála a bheith ar siúl sa Bhrasaíl faoi ghearrfhógra. Is minic nach maireann na stailceanna sin i bhfad, ach d'fhéadfaidís cur as duit.

Oibreoidh cuid mhaith de na príomh-aipeanna fóin chliste i Rio de Janeiro, ach teastóidh nasc sonraí uait. D'fhéadfadh sé go mbeadh d'óstán in ann sonraí teagmhála a thabhairt duit i gcomhair tacsaithe nó tiománaithe a bhfuil dea-cháil orthu.

Má tá feithicil á fáil ar cíos agat, ná tabhair do phas ar lámh i gcáil urrúis. Má cheadaíonn tú go ndéanfaí fótachóip de do phas, ná lig amach as d'amharc é. Seiceáil go bhfuil do dhóthain árachais agat agus iarr ar an ngníomhaire an cló beag sa fhruilchonradh a mhíniú duit (go háirithe aon tarscaoileadh a thiocfaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).